Cogadh na ngaiscíoch (cuid 1) - Brian Mac Amhlaoibh


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Bhí deich[1] gaiscíoch[2] ar Caisleán Luirg Éadain. Chuaigh siad ar shiubhal lá amháin chun Sliabh Rush - Sliabh Luachair - ag seilg nuair a tháini'[3]... nuair a tháini' Leathduine chun an chúirt. Agus cha rabh a'n nduine astoigh ach bean Oisín. D'fhiosraigh sé daoithe cá rabh iad na fir. Dúirt sí go rabh iad ag seilg ar Sliabh Luachair.

"Mur mbeidh siad aige[4] mo chaisleánsa in Albain ag a dó dhe- a chlog amárach... dó dhe-... dó dhéag a chlog amárach brisfidh mise[5] iad."

Nuair a tháini' na fir 'na[6] bhaile[7] d'árs[8] sí dófa goidé a bhí sé a ráitigh[9]. Agus chu-... chuaigh siad amach agus bhí iad ar shiubhal... ar shiubhal ar barr na creige... ag cogain na... na hordóig... na hordóig, (...) na (hordóig).

Aistriúchán

There were ten warriors in Lurigethan castle. They went hunting one day on Slieverush when Leathduine came to visit. And there was no one in except Oisín's wife. He asked her where the men were. She said that they were hunting on Slieverush.

"If they are not at my castle in Scotland at twelve o'clock tomorrow I will destroy them."

When the men came home she told them what he had been saying. And they went out and they went to the top of the crag... [and Oisín was (?)] chewing his thumb. (...).

Fonótaí

Tá an d- leathan. Cf. Nils M. Holmer, On some relics of the Irish dialect spoken in the glens of Antrim (Uppsala agus Leipzig, 1940), § 64, áit a bhfuil sé caol. (Back)
Leg. gaisceach? (Back)
Cf. Holmer, op. cit., § 91. (Back)
= ag. Cf. Art Hughes, 'Gaeilge Uladh', in Kim McCone et al., Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 611-60: 657. (Back)
Leg. misi? Cf. Holmer, op. cit., § 65. (Back)
= chun an. (Back)
I dtaca le fuaimniú ai i nGaeilge Aontroma féach Holmer, op. cit., § 25. (Back)
= d’ársaigh. (Back)
= . Cf. Patrick S. Dinneen, Foclóir Gaedhilge agus Béarla (BÁC, 1927; athchló 1996), s.v. ráidhtigh. (Back)

Tráchtaireacht

Is é atá i gcodanna 1 agus 2 den scéal seo ná breacinsint de scéal i bhfad níos faide ar a dtugtar 'Fionn agus Seacht gCatha na Féinne'. Féach Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic voices: bailiúchán Doegen 1931 (Béal Feirste, 2010), 294-7. Tá cur síos ann ar an gcaoi a gcuireann Fionn tasc i gcrích nó ar thurais a thugann sé le cabhair ó dhaoine éagsúla a bhfuil cumas thar an ngnách acu. Tá an scéal fada bunaithe ar scéal béaloidis idirnáisiúnta, ATU 513A Six go through the whole world. Féach Hans Jorg Uther, The types of international folktales: a classification and bibliography (3 iml., Helsinki, 2004). Bhí sé le fáil in Éirinn chomh luath leis an deichiú nó leis an aonú haois déag. Féach Dáithí Ó hÓgáin, Myth, legend and romance (Nua-Eabhrac, 1991), 72. Scéal é a raibh an-tóir air ar fud na hÉireann, de ghnáth i gcomhthéacs na Fiannaíochta. Féach Seán Ó Súilleabháin agus Rieder Th. Christiansen, The types of the Irish folktale (Helsinki, 1968). Foilsíodh leagan den scéal seo ón gcainteoir céanna in An tUltach 11:6 (1934), 7. Tá leaganacha eile agus eolas breise curtha i dtoll a chéile ag an Dr Ciarán Ó Duibhín ag http://www.smo.uhi.ac.uk/~oduibhin/doegen/mcauley.htm.

Teideal i mBéarla: The warriors' war (part 1)
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Brian Mac Amhlaoibh as Co. Aontroma
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 22-09-1931 ag 16:15:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Taifeadta ar 22-09-1931 ag 16:15:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1203d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:36 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1203d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:36 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1203b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:36 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1203b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:36 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1203d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:35 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1203d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:35 nóiméad ar fad.