An fear a chuaigh go hIfreann - Seán Mag Uidhir


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Bhuel, bhí buachaill as an áit agamsa agus chuaigh sé go Sasanaí tá[1] fada ó shin. Bhí sé ina oibrí iontach breá ach níl pínn dá saothróchadh sé i rith na seachtaine nach n-ólfadh sé ceann deireanach an tSathairn nuair a gheobhadh[2] sé a pháighe, an duine bocht.

Bhí sé ceann deireanach aon tSathairn amháin ag goil abhaile chuigna[3] lóistín agus thit sé marbh ar meisce a chois an bhóthair. Bhí na fir a bhí ag tógáil an ghuail ins an oíche ag goil isteach agus fuair siad an fear marbh ar meisce a chois an bhóthair. Agus thóg siad ar a nguailneacha é agus thug siad isteach faoin talamh é. Agus leag siad a chois an bhalla é agus thoisigh siad ag obair. Agus luigh sé ansin an chuid is mó dhon oíche agus mhuscail sé suas nuair a bhí sé tamall fada ann. Agus chonaic sé gach fear dá raibh ansin agus solas i gclár a éadan[4], ar a mbearáid, agus iad chomh dubh leis an deabhal é féin, lámha agus éadan agus eile.

"Ó, in ainm Dé," ar seisean, "cé bhfuil mé?"

"Tá, tá tú in ifreann," arsa an fear a bhí comhgarach dó. "In ifreann."

"Ó, is fada an áit sin dá fhógairt orm," ar seisean. "Goidé a dhéanfas mé?"

"Ní bheidh muid ró-olc leat an chéad oíche anyway. Bhéarfaidh muid do shuipéar dhuid."

Thug siad a shuipéar dhó agus thug siad buidéal breá uisce bheatha anuas chuig an tábla chuige, agus d'ól sé an buidéal uisce bheatha agus thit sé marbh ar meisce a chois an bhalla aríst.

Agus nuair a bhí sé an t-am ag na fir a ghoil amach ar maidin bhó[5] obair na hoíche bhí sé marbh ar meisce, an fear a bhí a chois an bhalla. Chaith siad ar a nguailneacha é agus thug siad é amach gur leag siad a chois an bhóthair é ins an áit a bhfuair siad marbh é an tráthnóna roimhe sin, an maidin roimhe sin I should say. Bhuel, (...).

Aistriúchán

Well, there was a boy from my locality and he went to England a long time ago. He was a great worker but there wasn't a penny he'd earn during the week that he wouldn't spend on drink at the end of Saturday when he would get his pay, the poor man.

At the end of one Saturday he was going home to his lodgings and he collapsed drunk at the side of the road. The men who were mining coal at night were going in and they found the collapsed drunk on the side of the road. And they lifted him up on their shoulders and they brought down underground. And they set him down by the wall and they started working. And he lay there most of the night and he woke up after he was there a long time. And he saw every man there with a light on their forehead, on their cap, and they were all as black as the devil himself, hands and face and all.

"Oh, in God's name," he said, "where am I?"

"You're in hell," said the man who was near him. "In hell."

"Oh, I've been threatened with that place for a long time," he said. "What will I do?"

"We won't treat you too badly the first night anyway. We'll give you your supper."

They gave him his supper and they brought a fine bottle of whiskey down to his table, and he drank the whiskey and he collapsed drunk by the side of the wall again.

And when it was time for the men to go out in the morning from the night's work he was in a drunken heap, the man who was by the wall. They hoisted him up on their shoulders and they brought him out and laid him on the side of the road where they had found him collapsed the evening before that, the morning before that, I should say. Well, (...).

Fonótaí

Leg. Sasain iontach? (Back)
Leg. gheibheadh? (Back)
= chuig a. (Back)
Leg. éadnan? Cf. infra. (Back)
= ó. Cf. Éamonn Ó Tuathail, Seanchas Ghleann Ghaibhle, forlíonadh le Béaloideas 4:4 (1934), xix, nóta 43. (Back)

Tráchtaireacht

Is sampla é seo den scéal idirnáisiúnta béaloidis ATU 1706E Drunk man in the mine. Is cosúil gur i dtuaisceart agus in iarthar na hEorpa is mó atá eolas air, agus in áiteanna sa Mheánoirthear. Féach Hans Jorg Uther, The types of international folktales: a classification and bibliography (3 iml., Helsinki, 2004). Tugadh AT 835A Drunk man in the mine air roimhe seo, agus rinneadh catalógú air faoin teideal seo in Seán Ó Súilleabháin agus Rieder Th. Christiansen, The types of the Irish folktale (Helsinki, 1968). Is cosúil nach raibh éileamh mór ar an scéal in Éirinn, ach bhí sé ar eolas ag daoine ar fud na tíre agus tá roinnt samplaí de ann ó gach cúige.

Tá tras-scríobh ar an scéal seo in Heinrich Wagner agus Colm Ó Baoill, Linguistic atlas and survey of Irish dialects (4 iml., BÁC, 1958-69), iml. 4, 301, agus in Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic voices: bailiúchán Doegen 1931 (Béal Feirste, 2010), 300-3. Tá leagan den scéal leis in Nollaig Mac Congáil agus Ciarán Ó Duibhín, Glórtha ón tseanaimsir (Gleann an Iolair, 2009), 50-1, agus arís in Éamonn Ó Tuathail, Seanchas Ghleann Ghaibhle, forlíonadh le Béaloideas 4:4 (1934), 18-19.

Teideal i mBéarla: The man who went to hell
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Seán Mag Uidhir as Co. an Chabháin
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 23-09-1931 ag 16:00:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Taifeadta ar 23-09-1931 ag 16:00:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1205d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:04 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1205d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:04 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1205b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 02:04 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1205b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 02:04 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1205d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:00 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1205d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:00 nóiméad ar fad.