An Muileann Iarainn - Seán Mag Uidhir


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Triúr Sasanaigh ' tháinig aniar 'uig baile comhgarach dhon áit a bhfuil mise i mo chónaí. Agus fuair siad iarann faoin tsliabh ann. Agus thoisigh siad a rith an iarainn agus dá leaghadh. Agus chuir siad suas muileann agus bhí siad ag déanamh neart airgead ins an áit ach ní bhéarfadh siad obair do dhuine ar bith ach duine dá seort féin. Bhí fear insa chomharsa sin a dtugadh siad Traolach Buí air, agus níl rud ar bith a d'iarrfadh sé ar na daoiní maithe a bhí thuas ar bharr an tsléibhe, an áit a raibh a gcaisleán, nach ndéanfadh siad dó. Chuaigh sé suas agus labhair sé isteach insa chaisleán chuig na daoiní maithe, agus ar seisean:

"Ó, a Chuilcigh na séad," ar seisean, "ná lig do mhasla le d'aois,
Gur sine thú féin ná an méid seo (a chonaic an t-aol)[1].
Bris agus réab fá thaobh an mhuilinn seo síos,
Agus scuab go Loch Éirne lucht Béarla agus wigeannaí buí."

Tháinig an tuile a léim anuas bhón[2] tsliabh, bhó Bhinn Eachlainn, agus níor fhág sé muileann ná wig ná fear acu nár scuab sé síos go Loch Éirne.

Aistriúchán

Three Englishmen came to a village near where I live. And they found iron in the mountain there. And they began to cast the iron and to smelt it. And they built a mill and they were making plenty of money there but they gave work to no one but their own kind. There was a man in that neighbourhood they used to call Yellow-haired Turlough, and there was nothing he asked of the fairies who were up on top of the mountain, where they had their castle, that they would not do for him. He went up and spoke into the castle to the fairies, and he said:

"O Cuilcagh of the treasures," he said, "don't ignore an insult on account of your age,
You are older than this crowd who saw the ore(?).
Break and make rubble of this mill down below,
And sweep away to Lough Erne the English speakers and yellow wigs."

The flood came rushing down from the mountain, from Binn Eachlainn, and it left neither mill nor wig nor man behind but swept them all down to Lough Erne.

Fonótaí

Cf. 'a tháinig id shaol' in Heinrich Wagner, Linguistic atlas and survey of Irish dialects (4 iml., BÁC, 1958-69), vol. 4, 302. (Back)
= ón. Cf. Éamonn Ó Tuathail, Seanchas Ghleann Ghaibhle, forlíonadh le Béaloideas 4:4 (1934), xix, nóta 43. (Back)

Tráchtaireacht

Tá finscéal idirnáisiúnta imirceach ann, 5057 Removing a building situated over the house of the fairies, a fhaightear go minic in Éirinn, agus ina ndéantar cur síos ar conas mar a chuireann sióga pionós ar nó ar conas mar a chlipeann siad duine as ucht foirgneamh a thógáil os cionn dúin neamhshaolta dá gcuid féin. Féach Reider Th. Christiansen, The migratory legends (Helsinki, 1958). Is cosúil go bhfuil gaol ag an scéal thuas ina ghnéithe ginearálta leis an téama seo, agus tacaíonn an dearcadh frith-Shasanach atá le brath sa scéal le dearcadh eascairdiúil na sióg. Is cosúil go dtugtar le tuiscint gur mhaith an díol é fearg na sióg ar an loitiméireacht a rinneadh ar Bhinn Chuilceach agus iarann á bhaint ann. Níor dheonaigh na húinéirí daoine áitiúla a fhostú, rud a mhíníonn an doicheall a bhí ar Thraolach Buí rompu. Ar ndóigh, bhí muileann iarainn sa Mhuileann Iarainn, a bhunaigh lucht gnó de bhunadh Angla-Éireannach agus Sasanach sa bhliain 1700, ach is beag tairbhe a baineadh as, agus dúnadh é nuair a ídíodh an t-adhmad go léir ar na cnoic máguaird. Féach Henry D. Gribbon, The history of water power in Ulster (Newtown Abbot, 1969), 74. Tá mórán scéalta dá leithéid i dtraidisiún na hÉireann ina dtagann daoine ón taobh amuigh go dtí ceantar agus ina dtugann siad tarcaisne don slua sí, trí aineolas nó trí neamhshuim a dhéanamh den traidisiún. Sampla iomráiteach ó sheanchas an lae inniu ná teip mhonarcha gluaisteán DeLorean i mBéal Feirste, agus gur ar chrann sí á leagadh ar shuíomh na monarchan a cuireadh an milleán. Féach Ivan Fallon agus James Srodes, Dream maker, the rise and fall of John Z. DeLorean (Nua-Eabhrac, 1983), 238.

Tá tras-scríobh ar an scéal seo in Heinrich Wagner agus Colm Ó Baoill, Linguistic atlas and survey of Irish dialects (4 iml., BÁC, 1958-69), iml. 4, 302, agus in Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic voices: bailiúchán Doegen 1931 (Béal Feirste, 2010), 316-17. Tá leagan den rann atá ann in Éamonn Ó Tuathail, Seanchas Ghleann Ghaibhle, forlíonadh le Béaloideas 4:4 (1934), lch 24, uimh. 8.

Teideal i mBéarla: The Iron Mill / Swanlinbar
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Seán Mag Uidhir as Co. an Chabháin
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 23-09-1931 ag 16:30:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Taifeadta ar 23-09-1931 ag 16:30:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1206d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:10 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1206d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:10 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1206b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:10 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1206b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:10 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1206d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:07 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1206d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:07 nóiméad ar fad.