Bearnaidh an Chustaim - Seán Mag Uidhir


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Bhuel, bhí beirt buachaill ag ól astoigh i dtoigh óstas insa mBlaic, baile beag atá le mo thaobhsa agus d'ól siad go raibh siad ar bogmheisce. Agus chuaigh siad amach chun an bhóthair. Agus nuair a tháinig siad amach chuig bearnaidh an chustaim, arsa duine dho na buachaillí leis an duine eile, "Ara, a chladhaire," ar seisean, "níl aon aonach inniu," ar seisean, "ach dhá mbeadh sealbhán caoirigh agam inniu chuir-... gheofainn amach iad gan custam," ar seisean.

"Thug tú d'éitheach," arsa an buachaill eile. "Ní ligfinnse dhuid a (gcuir) amach."

"Thug tusa d'éitheach! Cuirfidh mé amach (de d'ainneoin) iad," ar seisean.

"Amach libh!" arsa... arsa an buachaill.

"Isteach libh!" arsa an buachaill eile.

Bhí siad ag troid fá na caoirigh agus gan aon chaoirigh ná aon (aonach) ar bith.

Agus tháinig fear chucu agus ar seisean, "Goidé seo atá sibh[1] a dhéanamh anseo (ag) troid agus ag bruíon? Níl ciall ar bith in mur scéal," ar seisean.

"Fágaigí ar ráit[2] an chéad fhear a gheofas sibh suas leis socrú eadraibh[3]," ar seisean.

"Bhuel, dhéanfaidh[4] muid sin," arsa na buachaillí.

D'imigh leofa agus fuair siad suas le fear a raibh sac mine aige ar dhroim a bheathaigh, agus shiúil sé giota beag agus ar seisean, "Ní thig liom," ar seisean, "a shocrú eadraibh go dtigí[5] sibh giota beag eile."

Tháinig siad giota beag eile agus leag sé an sac anuas ó dhroim a bheathaigh agus leag sé ar bhalla an droichead é. Ghearr sé an sreangán ar bhéal an sac agus chraith sé an min síos ins an uisce agus bhuail sé an sac ar bhalla an droichead.

"Bhuel, an breithiúnas a bheireas mise oraibh," ar seisean, "níl unsa gcéille i gceachtar agaibh," ar seisean, "ach oirid is tá min in mo shac."

Aistriúchán

Well, there were two young men drinking in a public house in Blacklion, a little town near me and they drank until they were a little drunk. And they went out on the road. And when they came to the custom gap one of the young men said to the other, "Ah, you rogue," he said, "there's no fair today," he said, "but if I had a flock of sheep today I would put... I would get them out without (paying) customs," he said.

"You're a liar," said the other young man. "I wouldn't let you get them out."

"You are the liar! I will get them out regardless," he said.

"Out you go!" said... said the young man.

"In you go!" said the other young man.

They were quarreling about sheep and there were no sheep or fair there at all.

And a man came to them and he said, "What's this you're doing here quarreling and fighting? There's no sense to your story," said he.

"Leave it to the next man you meet to sort things out between you," he said.

"Well, we'll do that," said the young men.

They went off and caught up with a man who had a sack of meal on his horse's back, and he walked a little bit and he said, "I can't," he said, "sort things out between you until you come along another little bit."

They came along another little bit and he took the sack off his horse's back and laid it on the bridge wall. He cut the string around the mouth of the sack and he shook the meal down into the water and he placed the sack on the bridge wall.

"Well, my verdict is," he said, "both of you have as little sense," he said, "as there is meal in my sack."

Fonótaí

Leg. siubh? (Back)
Leg. ar bhráid? Cf. Heinrich Wagner, Linguistic atlas and survey of Irish dialects (4 iml., BÁC, 1958-69), iml. 4, 303, n. 4. (Back)
Leg. eadrabh? (Back)
= déanfaidh. Cf. Art Hughes, 'Gaeilge Uladh', in Kim McCone et al., Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 611-60: 652. (Back)
= dtige/dtaga. Cf. Dónall Ó Baoill, An teanga bheo: Gaeilge Uladh (BÁC, 1996), 49. (Back)

Tráchtaireacht

Sampla é seo den scéal idirnáisiúnta béaloidis, ATU 1327 Emptying the flour sack. Sna leaganacha idirnáisiúnta, bíonn beirt amadán ag argóint, agus folmhaíonn an tríú fear a mhála mar léiriú ar an laghad céille atá i gcloigne na beirte. Féach Hans Jorg Uther, The types of international folktales: a classification and bibliography (3 iml., Helsinki, 2004). Níl an scéal seo le fáil in aon chor in Seán Ó Súilleabháin agus Rieder Th. Christiansen, The types of the Irish folktale (Helsinki, 1968), rud a thugann le fios gur scéal neamhchoitianta é in Éirinn.

Tá tras-scríobh ar an scéal seo in Heinrich Wagner agus Colm Ó Baoill, Linguistic atlas and survey of Irish dialects (4 iml., BÁC 1958-69), iml. 4, 302-3, agus in Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic voices: bailiúchán Doegen 1931 (Béal Feirste, 2010), 312-15. Cf. leis Éamonn Ó Tuathail, Seanchas Ghleann Ghaibhle, forlíonadh le Béaloideas 4:4 (1934), 17-18.

Teideal i mBéarla: The custom gap
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Seán Mag Uidhir as Co. an Chabháin
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 23-09-1931 ag 17:00:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Taifeadta ar 23-09-1931 ag 17:00:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1207d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:42 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1207d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:42 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1207b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:42 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1207b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:42 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1207d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:38 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1207d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:38 nóiméad ar fad.