Cál ceannann san oíche - Seán Mag Uidhir


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Buachaill aimsire a bhí ann tá fada ó shoin, agus nuair a tháinig sé abhaile chuigna[1] mháthair, d'fhriostaigh[2] sí dó goidé an seort beatha a bhíodh sé a fháil.

"Ó," ar seisean, "cál ceannann san oíche, an fuíollach ar maidin, preátaí fuara insa meán lae agus ar ais arís cál ceannann."

Aistriúchán

There was a servant boy a long time ago, and when he came home to his mother, she asked him what sort of food he was getting.

"Oh," said he, "colcannon at night, the leftovers in the morning, cold potatoes at midday and back again to colcannon."

Fonótaí

= chuig a. Cf. Maeleachlainn Mac Cionaoith, Seanchas Rann na Feirste (BÁC, 2005), 180. (Back)
= d'fhios(t)raigh. (Back)

Tráchtaireacht

Is cosúil gur scéal greannmhar é seo mar gheall ar an gcál ceannann, bia traidisiúnta; níl an chuma ar an scéal go bhfuil tábhacht níos mó ná sin ag baint leis ó thaobh an bhéaloidis de.

Tá tras-scríobh ar an mír seo in Heinrich Wagner agus Colm Ó Baoill, Linguistic atlas and survey of Irish dialects (4 iml., BÁC, 1958-69), iml. 4, 303. Cf. leis Éamonn Ó Tuathail, Seanchas Ghleann Ghaibhle, forlíonadh le Béaloideas 4:4 (1934), 25.

Teideal i mBéarla: Colcannon in the night
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Seán Mag Uidhir as Co. an Chabháin
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 23-09-1931 ag 17:00:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Taifeadta ar 23-09-1931 ag 17:00:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1207d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:24 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1207d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:24 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1207b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:24 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1207b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:24 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1207d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:21 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1207d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:21 nóiméad ar fad.