Altú roimh an mbia: bail na gcúig n-arán agus an dá iasc - Seán Mag Uidhir


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Bail na gcúig n-arán agus an dá iasc
Ar na cúig mhíle seo ' roinn Dia,
Rath an rí go dtigí[1] chugainn,
Ar ár gcuid agus ar ár gcrann.

Aistriúchán

The blessing of the five loaves and the two fish
Which God shared among the five thousand,
May God's grace come to us,
To all we have and to our lot.

Fonótaí

= dtige/dtaga. Cf. Dónall Ó Baoill, An teanga bheo: Gaeilge Uladh (BÁC, 1996), 49. (Back)

Tráchtaireacht

Tá leagan den phaidir seo ón gcainteoir céanna in Éamonn Ó Tuathail, Seanchas Ghleann Ghaibhle, forlíonadh le Béaloideas 4:4 (1934), 29. Tá leaganacha eile fós in Énrí Ó Muirgheasa, Dánta diadha Uladh (BÁC, 1936), 260.

Teideal i mBéarla: Grace before meals: the blessing of the loaves and the fishes
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Seán Mag Uidhir as Co. an Chabháin
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 23-09-1931 ag 17:00:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Taifeadta ar 23-09-1931 ag 17:00:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1207d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:17 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1207d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:17 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1207b3, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:17 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1207b3, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:17 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1207d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:14 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1207d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:14 nóiméad ar fad.