Scéal an bhrocháin - Eilis Ní Chleircín


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Bhí Néillí na mBlístí[1] am amháin agus bhí sé ar lóiste aige[2] Séamas Ó Ceallaigh. Agus bhí Séamas ag goil ar shiúl lá amháin agus ar seisean le Néillí, "Téan(a)[3] an suipéar."

Agus chuir Néillí pota mór ar an tinidh agus chuir sé... rinn sé an suipéar. Agus nigh sé tobán mór agus chuir sé leath an bhrocháin a bhí insa phota insa tobán mór. Agus nuair a tháinig Niall[4] 'na mbaile[5] ar seisean leis, "Caidé a thug ort an oiread sin brocháin a dhéanamh?"

Agus arsa Néillí leis, "Mura bhfuil do sháith ansin tá a thuilleadh insa tobán!"

Aistriúchán

Neily of the Trousers was lodging once with James Kelly. And James Kelly was going off one day and he said to Neily, "Make the supper."

And Neily put a large pot on the fire and he put... he made the supper. And he washed a large tub and put half the porridge that was in the pot into the large tub. And when [James] came home he said to him, "What possessed you to make so much porridge?"

And Neily said to him, "If you don't have enough there, there's plenty more in the tub!"

Fonótaí

= na mBrístí. (Back)
= ag. Cf. Art Hughes, 'Gaeilge Uladh', in Kim McCone et al., Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 611-60: 657. (Back)
= déan. Cf. Hughes, op. cit., 653. (Back)
Recte Séamas. (Back)
= chun an bhaile. Cf. Éamonn Ó Tuathail, Sgéalta Mhuintir Luinigh (BÁC, 1933), xxxiii: ag goil ’na mbaile 'going home'; ag goil ’na bhaile 'going to town'. (Back)

Tráchtaireacht

Is cosúil gur mar scéal grinn a insíodh an scéal simplí seo; níl an chuma ar an scéal go bhfuil aon tábhacht níos mó ná sin ag baint leis ó thaobh an bhéaloidis de.

Tá tras-scríobh air leis in Heinrich Wagner agus Colm Ó Baoill, Linguistic atlas and survey of Irish dialects (4 iml., BÁC, 1958-69), iml. 4, 285, agus in Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic voices: bailiúchán Doegen 1931 (Béal Feirste, 2010), 340-1.

Teideal i mBéarla: The story of the porridge
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Eilis Ní Chleircín as Co. Dhoire
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 23-09-1931 ag 19:00:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Taifeadta ar 23-09-1931 ag 19:00:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1208d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:53 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1208d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:53 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1208b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:53 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1208b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:53 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1208d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:52 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1208d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:52 nóiméad ar fad.