Croc an bhodaigh - Eoin Ó Cianáin


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Bhí fear thíos anseo ar Thoigh Bán Luí na Gréine a bheir siad Paidí Ó Lochráin air. Agus bhí sé ag treabhadh aon lá amháin áiridhe, é féin agus a chomrádaí. Bhí seisean ag coinneált an mhaide[1] agus bhí an comrádaí ag tiomáint na gcaiple. Nuair a tháinig scairt orthu chun a ndinnéara, d'amharc[2] sé síos 'uig a chois agus bhí sé i ndéidh crocán óir a nochtadh.

"Anois, rachaidh muid 'na mbaile[3]," arsa seisean leis an fhear, "ag ár ndinnéar, ár ndinnéar." "Chan (ársaim aon) dadaí bhua[4] seo dó," a deir sé, "for[5] a chaithfinn (páirt den airgead) a thabhairt dó."

Fuaidh siad 'na mbaile 'uig a ndinnéar agus tháinig sé ar ais chun an crocán óir a thógáilt é féin 'air[6] a bhí an dinnéar thart. Agus 'air a tháinig sé ar ais chun an chnoic bhí an cnoc uilig falaiste[7] le maidí seisrí. Agus chuaigh sé ón chionn amháin go dtí an cionn eile ag cuartú a chionn féin. Má tá, cha dtiocfadh leis a dhéanamh amach for a bhí siad uilig cosúil lena chionn féin.

Nuair[8] a bhí sé corthaí ag cuartú, d'fhág na maidí seisrí uilig an cnoc ach a chionn féin, agus 'air a d'amharc sé bhí a chionn féin aige. Má tá, cha rabh aon dadaí den chrocán óir, bhí sé ar shiúl comh maith le na[9] maidí seisrí. Thiontaigh sé 'na mbaile agus bhí an t-airgead caillte aige. (Ní thiocfadh leis) aon leithphínn de a thabhairt don fhear bhocht a bhí ag tiomáint na gcaiple.

Aistriúchán

There was a man down here at Teebane West who was called Paddy Loughran. And he was ploughing this one day, himself and a friend. He was holding the (ploughing) stick and his friend was directing the horses. When they were called to dinner, he looked down at his foot and he had just unearthed a crock of gold.

"Now, we'll go home," he said to the other man, "to our dinner, our dinner." "I won't say anything to him about this," he said, "for I'd have to give him some of the money."

They went home to their dinner and he came back to take the crock of gold himself when the dinner was over. And when he returned to the hill the whole hill was covered with ploughs. And he went from one to the other looking for his own. However, he couldn't distinguish it for they were all identical to his own one.

When he was fed up searching, all the ploughs disappeared from the hill but his own, and when he looked he had it. However, there was no sign of the crock of gold, it had disappeared along with the ploughs. He turned for home and he had lost the money. He couldn't even (?) give a halfpenny to the poor man who was driving the horses.

Fonótaí

Cf. Éamonn Ó Tuathail, Sgéalta Mhuintir Luinigh (BÁC, 1933), xvi, maidir leis an -ai- anseo. (Back)
Leg. d'amhac? Cf. Heinrich Wagner, Gaeilge Theilinn (BÁC, 1959; athchló, 1979), § 410. (Back)
= chun an bhaile. Cf. Ó Tuathail, op. cit., xxxiii: ag goil ’na mbaile 'going home'; ag goil ’na bhaile 'going to town'. (Back)
= . Cf. Gerard Stockman agus Heinrich Wagner, 'Contributions to a study of Tyrone Irish,' Lochlann 3 (1965), 43-235: 156, 209. (Back)
= for an Bhéarla. Cf. Stockman agus Wagner, op. cit., 163. (Back)
= nuair. Cf. Emrys Evans, 'The Irish Dialect of Urris, Inishowen, Co. Donegal', Lochlann 4 (1969), 1-130: 80. (Back)
= falaithe/folaithe. Cf. Dónall Ó Baoill, An teanga bheo: Gaeilge Uladh (BÁC, 1996), 19. (Back)
Leg. ’air? (Back)
= leis na. Cf. Stockman agus Wagner, op. cit., 209. (Back)

Tráchtaireacht

Seo leagan d'fhinscéal atá le fáil go forleathan in Éirinn, agus ina bhfaightear leipreachán chomh maith le taisce faoi thalamh de ghnáth, rud nach bhfuil i gceist sa chás seo. Tá go leor samplaí eile agus liosta de na leagain i gcló in Diarmuid Ó Giolláin, 'The leipreachán and fairies, dwarfs and the household familiar: a comparative study', Béaloideas 52 (1984), 75-150: 85. An príomhthéama atá sa scéal ná go bhfuil comhartha ar an áit a bhfuil an taisce, ach nuair a fhilleann an t-aimsitheoir, tá scata comharthaí eile san áit, rud a fhágann go bhfuil sé dodhéanta an taisce a aimsiú arís. Tá sé bunaithe go bunúsach ar an móitíf idirnáisiúnta, K415 Marked culprit marks everyone else and escapes detection. Féach Stith Thompson, Motif-index of folk literature (atheagrán méadaithe, 6 iml., Bloomington, Ind., 1955-8).

Tá tras-scríobh ar an scéal in Heinrich Wagner agus Colm Ó Baoill, Linguistic atlas and survey of Irish dialects (4 iml., BÁC, 1958-69), iml. 4, 288, agus in Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic voices: bailiúchán Doegen 1931 (Béal Feirste, 2010), 204-6.

Teideal i mBéarla: The churl's crock of gold
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Eoin Ó Cianáin as Co. Thír Eoghain
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 24-09-1931 ag 11:00:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Taifeadta ar 24-09-1931 ag 11:00:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1209d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:21 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1209d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:21 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1209b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:22 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1209b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:22 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1209d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:20 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1209d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:20 nóiméad ar fad.