An tÁivé Máiria; Cré na nAspal - Eilis Ní Chleircín


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

In ainm an Athar agus an Mhic agus an Spiorad Naoimh. Áiméan.

Sé do bheatha, a Mhuire,
Atá lán de na grásta,
Tá an Tiarna leat.
(Is) beannaithe thú (th)ar na mná,
(Is) beannaithe toradh do bhroinne, Íosa,
(A) NaomhMuire, máthair Dé,
Guigh ar son an pheacaigh,
Anois agus uair (ár) mbáis. Áiméan.

**********

Creidim i nDia,
(Ár) nAthair uilechumhachtach,
Cruthaitheoir ar an neamh agus ar an talamh,
Agus in Íosa Críosta, a Aonmhacsan, ár dTiarna,
Gabhadh ón Spiorad Naomh,
Gineadh ar Óigh,
D'fhuiling an Pháis,
Chuaigh (thrí phéin) Phíolóide,
Céasadh, agus a fuair bás.
Agus chuaigh síos go hIfreann,
D'éirigh an treas lá ó mharbh,
Fuaigh suas ar an neamh,
Tá ina shuí ar deis Dé, Athair uilechumhachtach.
As sin (tiocfaidh ' tabhairt breithe) ar an bheo agus ar an mharbh,
Creidim insa Spiorad Naomh, (an) Naomh Eaglais Chaitliceach,
I gcumann na Naomh, maitheamh na bpeacaí,
Aiséirí na gcorp agus sa bheatha shíoraí shuthain. Áiméan.

Tráchtaireacht

Is le haghaidh anailís foghraíochta go príomha a rinneadh an taifeadadh seo den Áivé Máiria agus de Chré na nAspal á rá. Tá cúig shampla den Áivé Máiria agus dhá shampla de Chré na nAspal i mbailiúchán Doegen. Don Áivé Máiria féach Cathal Ó Háinle, 'Stair an Áivé Máiria sa Ghaeilge anuas go dtí circa 1900', Béaloideas 79 (2011), 113-134.

Teideal i mBéarla: The Ave Maria; the Apostles' Creed
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Eilis Ní Chleircín as Co. Dhoire
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 24-09-1931 ag 13:30:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Taifeadta ar 24-09-1931 ag 13:30:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1213d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:01 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1213d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:01 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1213b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:02 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1213b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:02 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1213d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:00 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1213d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:00 nóiméad ar fad.