Bhí buachaill am amháin - Eilis Ní Chleircín


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Bhí buachaill am amháin agus fuaigh sé (a) suirí le cailín agus shíl sé gur cailín ar dóigh a bhí inti. Agus nuair a tháinig sé ar ais, arsa seisean:

"Tá aye aici agus tá no aici,
Agus ar ndóigh go bhfuil for what? aici,
Agus (cur) suas leis an uaisle,
Tá stiall den chotún bhreac uirthi."

Aistriúchán

There was once a boy and he went courting a girl and he thought she was a great girl. And when he returned, he said:

"She has aye and she has no,
And of course she has for what?,
And keeping(?) up with the nobility,
She has a sash of dotted cotton on."

Tráchtaireacht

Is cosúil gur as amhrán dar teideal 'Máire Mhór' a tógadh an véarsa gearr a chuirtear i láthair agus a aithristear anseo. Tá na focail beagán difriúil i bhformhór na leaganacha níos déanaí, ach tá an struchtúr mar an gcéanna. Féach, mar shampla, leagan le Colm Ó Méalóid as Conamara a bhfuil na focail seo a leanas ann:

Bhí yes aici 's bhí no aici,
Is ar ndóigh bhí what not aici.
Is murach lucht a' Bhéarla,
Nach gcuirfinn Dandy cap uirthi.

(Colm Ó Méalóid, Céad slán le Camus, Cló Iar-Chonnacht, 1985).

Tá tras-scríobh ar an mír seo leis in Heinrich Wagner agus Colm Ó Baoill, Linguistic atlas and survey of Irish dialects (4 iml., BÁC, 1958-69), iml. 4, 286.

Teideal i mBéarla: There once was a boy
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Eilis Ní Chleircín as Co. Dhoire
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 24-09-1931 ag 13:30:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Taifeadta ar 24-09-1931 ag 13:30:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1213d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:28 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1213d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:28 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1213b3, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:28 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1213b3, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:28 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1213d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:27 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1213d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:27 nóiméad ar fad.