An ceann gamhna - Brighid Ní Chaslaigh


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Seo scéal ar an[1] ceann gamhna.

Bhí bean ann uair amháin agus bhí trí páistí aici féin agus fear. Agus d'imigh sí 'un an margadh agus cheannaigh sí ceann gamhna don meán lae[2] Dé Domhnaigh. Rinn sí réidh trí domplannaí[3] beaga agus dhá domplannaí móra. Agus rinn sí réidh Dé Domhnaigh agus chuir sí an po-... chuir sí an ceann gamhna isteach insa phota. Dúirt sí leise [4] Séamas nuair a bheadh[5] an pota ag goil na domplannaí a chur isteach insa phota. Agus chuir sé na domplannaí isteach insa phota.

Nuair a bhí an pota ag goil, d'amhac[6] sé isteach insa phota. "Ó, dar sliabh!" a deir sé. "Beidh na domplannaí uilig go léir ite aige ceann (an) gamhna agus ceann mo dhaidí an chéad cheann a bheas ite aige. Is fearr domh ghoil 'na tseipéil agus a ársaí do mo mháthair."

Agus d'imigh sé 'na tseipéil agus bhéic sé isteach agus bhí an Aifhreann[7] ag goil ar aghaidh. "Ama[8] dtiocfaidh tú abhaile in am," a deir sé, "beidh na... beidh na domplannaí uilig go léir ite aige ceann (an) gamhna, agus beidh mo cheann (mo) dhaidí an chéad cheann a bheas ite aige."

Sin an scéal ar cheann (an) gamhna.

Aistriúchán

This is a story about a calf's head.

There was once a woman and she had three children and a husband. And she went to the fair and she bought a calf's head for the Sunday dinner. She prepared three little dumplings and two large dumplings. And she was preparing on Sunday and she put the po-... she put the calf's head into the pot. She told James when the pot was boiling(?) to put the dumplings into the pot. And he put the dumplings into the pot.

When the pot was boiling, he looked into it. "Oh, goodness!" he said. "The calf's head will eat all the dumplings and he will eat my father's one first. I'd better go to the chapel and tell my mother."

And he went to the chapel and he shouted in and there was a Mass on. "If you don't come home in time," he said, "all the... the calf's head will have eaten all the dumplings and he will eat my father's one first."

That's the story about the calf's head.

Fonótaí

Leg. aire? (Back)
I.e. 'dinnéar'. Cf. Seosamh Laoide, Sgéalaidhe Óirghiall (BÁC, 1905), 141. (Back)
= domplagáin. (Back)
= le(is). Bíonn siolla breise ag réamhfhocail i nGaeilge Oirthear Uladh go minic. Féach Heinrich Wagner, Linguistic atlas and survey of Irish dialects (4 iml., BÁC, 1958-69), iml. 4, 295. Chomh maith leis sin, úsáidtear an tríú pearsa uatha firinscneach de réamhfhocal in áit an réamhfhocail shimplí. Féach Art Hughes, 'Gaeilge Uladh', in Kim McCone et al., Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 611-60: 657. (Back)
Tugtar faoi deara go bhfuil fuaimniú v ag an dh sa bhriathar seo. (Back)
= d’amharc. Cf. Heinrich Wagner, Gaeilge Theilinn (BÁC, 1959; athchló 1979), § 410. (Back)
= Aifreann. Cf. Séamus Ó Searcaigh, Foghraidheacht Ghaedhilge an Tuaiscirt (Béal Feirste, 1925), § 333. (Back)
= ach mura. Faightear amar in Ard Mhacha. Féach an t-aguisín atá le Patrick S. Dinneen, Foclóir Gaedhilge agus Béarla (BÁC, 1927; athchló 1996), 1322. (Back)

Tráchtaireacht

An scéal greannmhar seo, a bhaineann le buachaill óg nach dtuigeann i gceart conas ceann ainmhí a chócaráil, is cosúil go bhfuil sé bunaithe ar an scéal idirnáisiúnta béaloidis ATU 1320 Fish-eating ikon. Baineann na leaganacha idirnáisiúnta le hamadán a bhfuil mála ar iompar aige a bhfuil íocón agus bric éisc istigh ann. Titeann breac amach, agus ceapann sé gur ith an t-íocón é. Faightear in áiteanna in oirdheisceart na hEorpa agus in Éirinn é. Féach Hans Jorg Uther, The types of international folktales: a classification and bibliography (3 iml., Helsinki, 2004). Tá an scéal neamhchoitianta go maith in Éirinn, agus tá níos lú ná fiche sampla de cláraithe ag Seán Ó Súilleabháin agus Rieder Th. Christiansen in The types of the Irish folktale (Helsinki, 1968), 158. Is léir go bhfuil an mhóitíf idirnáisiúnta béaloidis, J1813.8 Sheep’s head has eaten dumplings, ann leis. Féach Stith Thompson, Motif-index of folk literature (atheagrán méadaithe, 6 iml., Bloomington, Ind., 1955-8). Faightear é seo go príomhúil i gceantair ina labhraítear Béarla, i Sasana, in Albain nó in áiteanna sa Domhan Nua. Féach E.G. Bales, 'Folklore from west Norfolk', Folklore 50:1 (1939), 66-75: 73, agus Katherine Mary Briggs, A dictionary of British folktales in the English language (Londain, 1991), 264-5. Féach leis Florence O. Meade, 'Folk tales from the Virgin Islands', The Journal of American Folklore 45:177 (1932), 363-71: 365.

Tá tras-scríobh ar an scéal seo leis in Heinrich Wagner agus Colm Ó Baoill, Linguistic atlas and survey of Irish dialects (4 iml., BÁC, 1958-69), iml. 4, 300.

Teideal i mBéarla: The calf's head
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Brighid Ní Chaslaigh as Co. Lú
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 25-09-1931 ag 16:45:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Taifeadta ar 25-09-1931 ag 16:45:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1222d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:15 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1222d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:15 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1222b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:16 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1222b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:16 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1222d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:15 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1222d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:15 nóiméad ar fad.