Pátrún Óméith - Brighid Ní Chaslaigh


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Bhí mé i mo shuí le taobh le athair na ngrásta aige[1] Pátrún Óméith,
Bhí sagairt, bhí bráithlí[2] is grásta Dé,
Ag crathadh lámha, hataí in airde, aige Pátrún Óméith.

Ó, bheinnse mar ba ghnách liom go haignidh[3] is óg,
Bheirfinn (fuaim) as na clárthaí (leis aird) mo cheoil,
D'ársóinn scéal (daoibh) le onóir is le feidhm,
Sé mur chéad míle fáilte chuige Pátrún Óméith.

Aistriúchán

I was sitting beside the father of grace at the Omeath Pattern,
There were priests, brothers and the grace of God,
Shaking hands, hats in the air, at the Omeath Pattern.

Oh, if I were like I once was, spirited and young,
I'd make the floorboards ring with the volume(?) of my music,
I'd tell you a story with honour and purpose,
A hundred thousand welcomes to the Omeath Pattern.

Fonótaí

= ag. Cf. Art Hughes, 'Gaeilge Uladh', in Kim McCone et al., Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 611-60: 657. (Back)
Recte bráithre? (Back)
= aigeanta? (Back)

Tráchtaireacht

Lá féile éarlaimh is ea an pátrún. Rinneadh céiliúradh orthu seo go minic ag toibreacha beannaithe nó ag fothraigh séipéal. B'Éireannaigh iad formhór na naomh ar tiomnaíodh pátrúin dóibh agus bhí an-éagsúlacht sna nósanna a bhain le pátrúin ar fud na tíre. Chomh maith leis an ngné reiligiúnda b'ócáidí móra sóisialta iad na pátrúin i saol na tuaithe. Bhí Lorcán Ó Muireadhaigh den tuairim gurbh é an t-amhrán seo an sampla deireanach d'fhilíocht dhúchasach Oirghiall agus d'fhoilsigh sé leagan de in Ceolta Óméith (Dún Dealgan, 1920), áit a scríobhann sé (lch 7): 'composed by Nelly O Hanlon of Cornamuckla, after the first Omeath Feis, in 1902'. Le haghaidh tuilleadh eolais faoi na nósanna a bhain le pátrúin, féach Kevin Danaher, The year in Ireland: calendar custom in Ireland (Corcaigh, 1972), agus Diarmuid Ó Giolláin, 'Revisiting the well', Éire-Ireland 40:1-2 (earrach/samhradh 2005), 11-41. Tá tras-scríobh ar an mír seo leis in Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic voices: bailiúchán Doegen 1931 (Béal Feirste, 2010), 268.

Teideal i mBéarla: The Omeath Pattern
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Brighid Ní Chaslaigh as Co. Lú
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 25-09-1931 ag 16:45:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Taifeadta ar 25-09-1931 ag 16:45:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1222d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:02 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1222d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:02 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1222b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:02 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1222b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:02 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1222d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:01 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1222d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:01 nóiméad ar fad.