Baitsiléir beag mise - Cáit Ní Ghuibhirín


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

An gcluin tú... No.

Baitsiléir beag mise, (a rún), níl agam (lón) ná stór,
Níl agam ar an tsaol seo ach cnáimhín (sheanbhó),
(Sulmá) bheinn do mo bhuaireamh féin (dá) ceangailt insa chró,
Bhéarfainn 'un an aonach agus (dhéanfainn iad a dh'ól).

Aistriúchán

Do you hear... No.

I'm a little bachelor, my dear (?), I don't have provisions(?) or wealth,
All I have in this life is a bony old cow(?),
Before(?) I would trouble myself tying her (?) in the byre,
I'd bring her to the fair and drink her price (?).

Tráchtaireacht

Seo véarsa ón amhrán 'Lá Fhéile Pádraig', a bhfuil leagan trí véarsa de le fáil in Énrí Ó Muirgheasa, Dhá chéad de cheoltaibh Uladh (BÁC, 1934), 292. Deir Ó Muirgheasa gur bhailigh sé an leagan sin ó Shorcha Ní Dhuinn (Mrs Humphreys) as Lislea, contae Ard Mhacha, i 1908. Deir sé freisin gur bhailigh Seán Mac Maoláin an tríú leagan de in Ard Mhacha, agus gur chuala sé an t-amhrán á rá ag Róis Bean Uí Ghallchobhair as an gClochán Liath, contae Dhún na nGall. Níor cheart é a mheascadh leis an amhrán Muimhneach den teideal céanna, 'Lá Fhéile Pádraig', a insíonn scéal faoi bheirt deartháireacha, feirmeoir agus máistir scoile, atá in iomaíocht lena chéile le grá mná óige a bhuachan, amhrán a chasann Nioclás Tóibín ar Amhráin aneas (Gael Linn, 1977).

Tá sé seo tras-scríofa freisin in Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic voices: bailiúchán Doegen 1931 (Béal Feirste, 2010), 276.

Teideal i mBéarla: I am a little bachelor
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Cáit Ní Ghuibhirín as Co. Lú
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 25-09-1931 ag 16:30:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Taifeadta ar 25-09-1931 ag 16:30:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1223d4, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:27 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1223d4, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:27 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1223b4, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:26 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1223b4, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:26 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1223d4, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:26 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1223d4, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:26 nóiméad ar fad.