An eiséirí is binne dá gcuala mé - Cáit Ní Ghuibhirín


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

An eiséirí is binne dá gcuala mé ag goil (fríd trí) Leabhar na nGeall,
Íosa Críosta a chuaigh 'un céasaidh agus a chuaigh (anseo) leis an chrann,
Tháinig sé 'na (caoineach) agus (Dé hAoine) ag caitheamh comaoineach,
Mac na hÓighe (féine), Mac an (Aoire) Ghil,
Cros dhearg ina dhorna lán de chruach agus de thairní.
(Chuala Rí mo Thiarna a d'fhuiling í go broinn), eadrainn agus (...),
Leis sin féin, tháinig an duine dall agus chaith sé an sleagh go fíorcham.
"Ó, a ghrá Dia," arsa Muire leis an (díomhaoin),
"Is fearr duit an bhráillín bhán a chur ar neamh,
I bhfeic na (sluaighte) agus na slóite.

Aistriúchán

The sweetest resurrection I heard of from the Book of Promises,
Jesus Christ who was crucified and who came here(?) with the cross,
He arrived lamenting(?) and on Friday(?) taking communion,
The Son of the Virgin herself(?), the Son of the Bright Shepherd(?),
A red cross in his fist full of steel and nails.
I heard the King of my Lord who endured it to his bosom, between us and (...),
With that, the blind man came and thrust the spear crookedly.
"Oh, for the love of God," said Mary to the idle one(?),
"You had better cast the white sheet over him(?),
Witnessed by the crowds(?) and the hordes.

Tráchtaireacht

Tá leaganacha eile den phaidir seo a bailíodh i gcúige Uladh, i gcúige Chonnacht agus i gcúige Mumhan le fáil i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Tá roinnt leaganacha agus tuilleadh tagairtí di le fáil in Angela Partridge, Caoineadh na dtrí Muire (BÁC, 1983), 278-83, áit a mbaintear úsáid as an teideal 'An Aiséirí Bheag'. Tá paidir cosúil léi dar tús 'In Aisling agus binne dár chualaidh inne' agus ar cosúil gur bhain mná caointe in Ó Méith úsáid aisti go traidisiúnta ina gcuid caointeoireachta, le fáil in Pádraigín Ní Uallacháin, A hidden Ulster (BÁC, 2003), 141.

Tá tras-scríbhinn de seo le fáil freisin in Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic voices: bailiúchán Doegen 1931 (Béal Feirste, 2010), 278.

Teideal i mBéarla: The sweetest resurection I've heard of
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Cáit Ní Ghuibhirín as Co. Lú
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 25-09-1931 ag 16:30:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Taifeadta ar 25-09-1931 ag 16:30:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1223d5, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:56 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1223d5, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:56 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1223b5, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:56 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1223b5, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:56 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1223d5, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:56 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1223d5, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:56 nóiméad ar fad.