Tá mé buartha - Máire Ní Arbhasaigh


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Tá mé buartha[1] tréanlag claoite fá rún mo chléib[2]
Is níl mo leigheas insa tír amar[3] bhfaighidh mé do póg
Rachaidh mé faoi fhód, chuala mé, a stór, gur chlaon tú,
A Dhia gan tú agam in mo líontaí, is mé a fháil bás de do ghrá (...) (sínte),
Dar a labhraim le mo bhéal is tabhair leigheas ar mo chéill,
Ó, is cha déanfainn do mhalairt achoíche.

Aistriúchán

I am perturbed, thoroughly weak and subdued by my dearest love
And nothing in the land will cure me if I don't receive your kiss
I will go to the grave; I heard, my dear, that you refused,
Oh God, without you in my clutches, and I am dying of your love (...) lying down (?),
By all I say, and cure me of my disease (?),
Oh, and I would never replace you.

Fonótaí

Cf. Séamus Ó Searcaigh, Foghraidheacht Ghaedhilge an Tuaiscirt (Béal Feirste, 1925), § 181. (Back)
= chléibh. (Back)
= ach mura. Cf. amar in Patrick S. Dinneen, Foclóir Gaedhilge agus Béarla (BÁC, 1927; athchló 1996), 1322. (Back)

Tráchtaireacht

Tá tras-scríobh ar an amhrán seo le fáil freisin in Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic voices: bailiúchán Doegen 1931 (Béal Feirste, 2010), 330-1.

Teideal i mBéarla: I am perturbed
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Máire Ní Arbhasaigh as Co. Ard Mhacha
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 25-09-1931 ag 18:00:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Taifeadta ar 25-09-1931 ag 18:00:00 in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1225d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:52 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1225d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:52 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1225b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:52 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1225b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:52 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1225d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:52 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1225d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:52 nóiméad ar fad.