Tá mé i mo shuí ó d'éirigh an ghealach aréir - Áine Ní Mhuireadhaigh


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Tá mé i mo shuí ó d'éirigh an ghealach aréir
Ag cur tineadh síos go buan 's dhá fadú go géar,
Tá bunadh[1] an toighe ina luighe is tá mise liom féin,
Tá na coiligh ag glao is an tír 'na gcodladh ach mé.

Casadh bean tsí domh thíos ag Lios Bhéal an Átha,
Agus d'fhiafraigh sí domhsa an scaoilfeadh glas ar bith grá,
Labhair sí gos íseal go síodánta macánta ar mhná,
Nuair a théid sé fán chroí ní scaoiltar as é go bráth.

Molaim an té a níos oíche dhorcha is lá,
Agus molaim an té a níos caora dhubh agus bán,
Molaim an té a níos pearsa fir agus mná,
Ach cé hionadh é nár líonadh muir agus tráigh.

A bhuachaillín bháin ní hábhar magaidh duid mé,
Níl agad le rá liom ach amháin (nó) go bhfuil mé gan spré,
Ní tusa mo ghrá go brách ní miste duid é,
Is má tá mé gan bhólacht (is ál uaim) codladh liom féin.

Buachaill ón Éirne mé agus bhréagfainn cailín deas óg,
Ní iarrfainn bó spré léithe nó tá mé féin saibhir go leor,
Is liom Corcaigh dá bhféadfainn, dhá thaobh an ghleanna is Tír Eoghain,
Is mur n-athraí mé béasaí is liom Éire agus Condae Mhaigh Eo.

Sin a bhfuil ann dó anois.

Aistriúchán

I am up since the moon rose last night
Lighting a good fire and kindling it intently
The people of the house are asleep and I am alone by myself,
The roosters are crowing and everyone in the land is asleep but me.

I met a fairy woman down at the ring fort in Béal an Átha,
And she asked me if there was any release from love,
She spoke in a low voice softly (?) and mildly about women,
When it goes into the heart it is never released.

I praise the one who makes dark night and day,
And I praise the one who makes sheep black and white,
I praise the one who makes man and woman,
And what a wonder is the tide at sea and shore (?).

Fair-haired boy I am no laughing matter for you,
All you have to say to me is that I have no dowry,
You'll never be my love, it doesn't matter to you,
And if I am without cattle I (...) to sleep alone.

I'm a boy from the Erne and I would coax a nice young girl,
I wouldn't ask her for cattle for I'm wealthy enough myself,
Cork would be mine if I could, the two sides of the glen and Tyrone,
And if I don't change my ways I'll own Ireland and County Mayo.

That's all there is of it now.

Fonótaí

Tá fuaim v ag deireadh an fhocail seo. (Back)

Tráchtaireacht

Is ón amhrán grá Conallach 'Tá mé i mo shuí ó d'éirigh an ghealach aréir' na ceithre véarsa tosaigh anseo. Is le hamhrán coitianta grá eile 'Buachaill ón Éirne' a bhaineann an véarsa deireanach de ghnáth. Tá leaganacha de 'Tá mé i mo shuí' le fáil sna foinsí seo a leanas: Donal O'Sullivan, The Bunting collection of Irish folk music and songs I (Londain, 1927), 98; Énrí Ó Muirgheasa, Dhá chéad de cheoltaibh Uladh (BÁC, 1934), 75-6; Padraig Mac Seáin, Ceolta Theilinn (Béal Feirste, 1973), 34-5; Breandán Ó Buachalla, Nua-dhuanaire II (BÁC, 1976), 74, 114; Manus Ó Baoill, Ceolta Gael 2 (Corcaigh, 1986), 92-3; Dónall Ó Baoill, Amach as ucht na sliabh: imleabhar 2 (Gaoth Dobhair, 1996), 96-7. Cuireadh an t-amhrán i mbéal an phobail go hidirnáisiúnta de thoradh taifeadtaí le Skara Brae (Skara Brae, Gael-Linn, 1971; atheisithe ar dlúthdhiosca 1998) agus Clannad (Magical Ring, Tara Records, 1983).

Teideal i mBéarla: I have watched since the moon rose last night
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Áine Ní Mhuireadhaigh as Co. Dhún na nGall
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 30-09-1931 ag 12:50:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn. Taifeadta ar 30-09-1931 ag 12:50:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1239d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:36 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1239d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:36 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1239b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:35 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1239b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:35 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1239d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:34 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1239d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:34 nóiméad ar fad.