Tháinig lá breá samhraidh - Róise Nic Cumhaill


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Ó, agus tháinig lá breá samhraidh agus bhí mé ar an mhargadh,
Is iomaí duine a deir, "Is trua gan tú sa bhaile agam."
Is ara Mhuire mhó,
Is ara Mhuire mhara arú,
Is ara Mhuire mhó,
An dtiocfaidh tú nó an bhfanfaidh tú?

Ó, agus rachaidh mé go Glenties is leanfaidh trup abhaile mé.
Is ara Mhuire mhó,
Is ara Mhuire mhara arú,
Is ara Mhuire mhó,
An dtiocfaidh tú nó an bhfanfaidh tú?

Ó, agus gheall mo ghrá beag féin go dtiocfadh sé go siúráilte.
Is ara Mhuire mhó,
Is ara Mhuire mhara arú,
Is ara Mhuire mhó,
An dtiocfaidh tú nó an bhfanfaidh tú?

Aistriúchán

Oh, and there came a fine summer's day and I was at the fair,
And many people say, "It's a pity I don't have you at home with me."
And oro Mary mo,
And oro Mary mara aroo,
And oro Mary mo,
Will you come or will you stay?

Oh, and I will go to Glenties and a crowd will follow me home (?).
And oro Mary mo,
And oro Mary mara aroo,
And oro Mary mo,
Will you come or will you stay?

Oh, and my own little love promised that he would surely come.
And oro Mary mo,
And oro Mary mara aroo,
And oro Mary mo,
Will you come or will you stay?

Tráchtaireacht

Is leagan é seo den amhrán coitianta grá do pháistí 'A Stór, a Stór, a Ghrá'. Tá leaganacha eile as Dún na nGall le fáil in Seán Ó Baoighill, Réamonn Ó Frighil agus Aodh Ó Duibheannaigh, Cnuasacht de cheoltaí Uladh (An tIúr, 1944), 16-17, Cumann an Ógra, Abair amhrán (Béal Feirste, 1962), 34, Seán Óg agus Mánus Ó Baoill, Ceolta Gael (Corcaigh, 1975), 16, agus Pádraigín Ní Uallacháin, A stór ’s a stóirín (Gael-Linn, BÁC, 1994), 21-2. I measc na dtaifeadtaí den amhrán seo tá: Tríona Ní Dhomhnaill, Tríona (Gael-Linn, 1975); Pádraigín Ní Uallacháin, A stór ’s a stóirín (Gael-Linn, 1994); Altan, Blackwater (Virgin Records, 1996); Tríona Ní Dhomhnaill, Maighréad Ní Dhomhnaill, Máiréad Ní Mhaonaigh agus Moya Brennan, T with the Maggies (TWM Music, 2010). Toisc athrá a bheith sna focail agus struchtúr foirmleach a bheith ag an amhrán feileann sé go foirfe do leithéidí lúibíní nó ceapóga (saghas véarsaíochta a chumtar ar an bpointe agus a chastar le ceol). D'fhéadfaí go mbaineann sé ar an gcaoi seo le hamhráin cosúil le 'Is Óró Mhíle Grá' (féach Seán Ó Morónaigh, Agallaimh na hÉigse: cíoradh agus cnuasach (Camus, 2010), 56-9, 531-45) agus 'Óró Mhór a Mhóirín' (féach David Cooper, The Petrie collection of the ancient music of Ireland (Corcaigh, 2002), 149-51), amhráin ar baineadh úsáid astu go traidisiúnta i measc grúpaí de mhná óga ar mhaithe le siamsaíocht agus iad i mbun obair liodánach cosúil le sníomhachán.

Teideal i mBéarla: There came a fine summer's day
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Róise Nic Cumhaill as Co. Dhún na nGall
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 01-10-1931 ag 11:00:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn. Taifeadta ar 01-10-1931 ag 11:00:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1242d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:34 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1242d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:34 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1242b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:34 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1242b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:34 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1242d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:33 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1242d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:33 nóiméad ar fad.