An draighneán donn (cuid 2) - Pádraig Ó Baoighill


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Má thig tú choíche, ó, tar san oíche i gcúl an chlaí,
Ar maidin nó tráthnóna nuair a bíos an driúcht ina luí,
Ó, cé nach labhraimsa bím ag meabhrú go mór fá mo chroí,
Is tú mo chéadsearc agus ní féidir domh do chumhaidh a chur daom.

Fear gan chéill a bheadh ag dréim leis an chlaidhe atá ard,
Is ar an chlaidhe bheag íseal a leag mé mo lámh,
Cé gur ard an crann caorthainn bídh[1] sé searbh as a bharr,
Fásfaidh sméara agus bláth sú craobh ar an chrann is ísle bláth.

Dá mbínn ' mo bhádóir ba deas a shnámhfainn an fharraige anonn,
Nó scríobhfainnse chugad líne le barr mo phinn,
Monuar ghéar gan tú agus mé a chráigh mo chroí
I ngleanntán sléibhe le héirí gréine agus an driúcht ina luí.

Aistriúchán

If you ever come, come at night by the back of the wall,
In the morning or evening when the dew has fallen,
Oh, though I don't speak I think greatly of my love,
You are my dearest one and I cannot stop pining for you.

He is a foolish man who would endeavour to climb the high wall,
It's on the little low wall that I placed my hand,
Although the mountain ash is a tall tree its fruit is bitter,
Blackberries and raspberry blossoms will grow on the lowest blossoming tree.

If I were a boatman how nicely I would cross the sea,
Or I would write a line to you with the top of my pen,
Alas that you, who tormented my heart, and I are not
In a mountain glen at sunrise with the dew on the ground.

Fonótaí

= bíonn. Cf. Art Hughes, 'Gaeilge Uladh', in Kim McCone et al., Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 611-60: 648. (Back)

Tráchtaireacht

Is é atá i gcodanna 1 agus 2 den taifeadadh seo ná leagan den 'Draighneán Donn', amhrán a bhfuil an-aithne air ar fud Éireann. Is minice a luaitear é le hiarthar na hÉireann cé go ndúirt Dubhghlas de hÍde an méid seo a leanas faoi: 'Is fíorchaoin milis an t-abhrán é seo thuas, agus níl áit ar bith de'n tír nach bhfuil sé le fághail fós, agus tá sé chomh coitcheann i mBeurla a's atá sé i nGaedhilg, acht ní bhfághmaid i gcómhnuidhe na bhéarsaí ceudna ann.' Féach Abhráin grádh Chúige Connacht; or Love songs of Connacht (BÁC, 1893), 32. Tá go leor leaganacha éagsúla den amhrán seo ann i nGaeilge agus i mBéarla. Tá leaganacha ann ó dhearcadh an fhir agus ó dhearcadh na mná araon. D'fhoilsigh Charlotte Brooke leagan de in Reliques of Irish poetry (BÁC, 1789) agus d'fhoilsigh Edward Bunting fonn dar teideal 'Droignan Dón' nó 'The Brown Thorn' in The general collection of ancient Irish music (BÁC, 1796), 2. Tá leaganacha luatha as cúige Chonnacht le fáil in James Hardiman, Irish minstrelsy (2 iml., Londain, 1831), iml. 1, 234-7, agus Dubhghlas de hÍde, Abhráin grádha Chúige Connacht, 30-3. Foilsíodh leagan as cúige Mumhan in John O'Daly, The poets and poetry of Munster (BÁC, 1849), 287-91, mar aon le haistriúchán le James Clarence Mangan. Tá leagan deich véarsa le fáil in Dónal O'Sullivan, Songs of the Irish (BÁC, 1960), 49-51. Le haghaidh leabharliosta agus dioscliosta breise féach Pádraigín Ní Uallacháin, A hidden Ulster: people, songs and traditions of Oriel (BÁC, 2003), 192, 515-16. Tá an chéad véarsa (.i. cuid 1) den amhrán seo ar fáil ar rian ar leith i mbailiúchán Doegen.

Teideal i mBéarla: The brown thornbush (part 2)
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Pádraig Ó Baoighill as Co. Dhún na nGall
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 01-10-1931 ag 16:00:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn. Taifeadta ar 01-10-1931 ag 16:00:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1247d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:09 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1247d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:09 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1247b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 02:09 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1247b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 02:09 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1247d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:08 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1247d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:08 nóiméad ar fad.