Bhí beirt fhear - Maighréad Ní Dhomhnaill


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Bhí beirt fhear ina gcónaí ar an bhaile s'againne uair amháin, fear acu a rabh cuid mhór ba aige agus fear eile, ní rabh aige ach aon bhó. Ní rabh an bheirt ag teacht le chéile go han-mhaith. An fear seo a rabh cuid mhór ba aige, mharaigh sé aon bhó an fhir eile. Níor chuir sin aon (phló) ar an fhear, ach bhain sé an craiceann den bhó agus d'imigh sé go Leitir Ceanainn leis.

Nuair a bhí sé taobh amuigh den bhaile mhór smaoitigh[1] sé go rabh traidhfil phíosaí leathchorónach ina phóca agus chuir sé isteach sa chraiceann iad. Nuair a chuaigh sé go dtí an siopa fuaigh sé isteach. D'fhiafraigh fear an tsiopa dó goidé a bhí a dhíobháil air.

"Ó," ar seisean, "tá craiceann iontach luachmhar anseo le díol agam, nó gach uile bhuille a bhuailfeas tusa air tuitfidh píosa leathchorónach amach as."

Fuair fear an tsiopa bata mór. Bhuail sé buille ar an chraiceann is thuit píosa leathchorónach amach. Bhuail sé an dara buille air is thuit píosa eile. Bhuail sé an tríthú[2] buille air agus thuit píosa eile. Ansin chreid sé caint an fhir. Cheannaigh sé an craiceann uadh[3]. Agus fuair sé an-luach air, a chéad oiread is a gheobhaidh a'n[4] chraicne coitianta eile.

Nuair a tháinig sé 'na[5] bhaile fuaigh an scéal amach fá mar d'éirigh leis. Agus an fear seo a rabh cuid mhór ba aige, dúirt sé leis féin, "Beidh mise inchurtha leis." Mharaigh sé a rabh... Mharaigh sé an méid ba a bhí ina sheilbh. Agus d'imigh sé go Leitir Ceanainn leis na craicne ach ní bhfuair sé pínn orthu ach a oiread le duine coitianta ar bith eile. Agus sin mar a cheannaigh sé a chuid drochbhéasaí.

Aistriúchán

There once were two men living in our townland, one of them who had many cows and another who only had one cow. The two weren't getting along very well. The man who had many cows killed the other man's only cow. That didn't bother(?) the man, and he took the hide off the cow and he went to Letterkenny with it.

When he was outside of the town he remembered that he had a few half-crown pieces in his pocket and he put them into the hide. When he came to the shop he went in. The shopkeeper asked him what he wanted.

"Oh," he said, "I have a very valuable hide here to sell, for every time you hit it a half-crown piece will fall out of it."

The shopkeeper got a big stick. He hit the hide and a half-crown piece fell out of it. He hit it a second time and another piece fell. He hit it a third time and another piece fell. Then he believed what the man was saying. He bought the hide from him. And he got a very good price for it, a hundred times what any other hide will fetch.

When he came home the story spread about how he got on. And the man who had a great many cows said to himself, "I will be as good as him." He killed all... He killed all the cows in his possession. And he went to Letterkenny with the hides and he didn't get a penny more for them than any other common person. And that is how he bought his bad habits.

Fonótaí

= smaoinigh. Cf. Maeleachlainn Mac Cionaoith, Seanchas Rann na Feirste (BÁC, 2005), 171. (Back)
Cf. Dónall Ó Baoill, An Teanga Bheo: Gaeilge Uladh (BÁC, 1996), 113. (Back)
= uaidh. Cf. Mac Cionaoith, op. cit., 180. (Back)
= aon. (Back)
= chun an. (Back)

Tráchtaireacht

Is cosúil gurb éard atá sa scéal seo ná leagan den scéal idirnáisiúnta béaloidis ATU 1535 The rich and the poor farmer. I mórán leaganacha den scéal, faigheann fear praghas breá ar an seithe mar tugtar breab dó a bhéal a choimeád dúnta i ndiaidh dó bean fhear an tsiopa a fheiscint i mbun adhaltranais. Féach Hans Jorg Uther, The types of international folktales: a classification and bibliography (3 iml., Helsinki, 2004). Úsáidtear móitíf idirnáisiúnta béaloidis eile sa leagan anseo againn mar mhíniú ar ádh an fhir, is é sin le rá K111.1 Alleged gold-dropping animal sold. Féach Stith Thompson, Motif-index of folk literature (atheagrán méadaithe, 6 iml., Bloomington, Ind., 1955-8). Tá an scéal an-choitianta in Éirinn, agus tá clárú déanta ar an-chuid leaganacha de i ngach cúige. Sna leaganacha Éireannacha, comhcheanglaítear go minic é le ATU 1539 Cleverness and gullibility, nó tógtar móitífeanna ar iascacht ón scéal sin ann. Féach Seán Ó Súilleabháin agus Rieder Th. Christiansen, The types of the Irish folktale (Helsinki, 1968).

Teideal i mBéarla: There were two men
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Maighréad Ní Dhomhnaill as Co. Dhún na nGall
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 02-10-1931 ag 11:00:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn. Taifeadta ar 02-10-1931 ag 11:00:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1250d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:30 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1250d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:30 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1250b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:30 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1250b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:30 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1250d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:28 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1250d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:28 nóiméad ar fad.