Meascán Mhéabha - Maighréad Ní Dhomhnaill


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Bhí bean 'na cónaí uair amháin i mbaile ar a dtugtar Loch Beara agus bhí sí a fhad ar gcúl is nach rabh a fhios aici goidé an lá den tseachtain a bhí ann. Maidin Domhnaigh amháin thúsaigh sí a bhuaileadh maistreadh. Ghléas sí an chuinneog agus bhuail sí an bainne go dtáinig an t-im air. Nuair a bhí sin déanta aici fuair sí scála agus chuir sí uisce ann. Thug sí léithe síos go dtí an doras é agus d'fhág sí ar chathaoir é. Thóg sí an t-im isteach ann. Bhí binn os coinne an dorais amach ar an taobh eile den bhealach mhór agus nuair a bhí an t-im cóirithe aici ina mheascán dheas d'éirigh sé in airde amach as an scála agus ghreamaigh sé ar bharr na binne ar an taobh eile. Agus ón lá sin go dtí an lá inniu tá an meascán ansin. Agus fuair an bhinn an t-ainm 'Meascán Mhéabha'.

Aistriúchán

There once was a woman living in a place called Loughbarra and she was so far behind that she didn't know what day of the week it was. One Sunday morning she started churning. She prepared the churn and she churned the milk until the butter came. When she had done that she got a bowl and she put water into it. She brought it down to the door and she left it on a chair. She lifted the butter into it. There was a peak in front of the door on the other side of the road and when she had fixed the butter into a nice lump it rose up out of the bowl and it stuck onto the top of the peak beyond. And from that day until this the lump is there. And the peak got the name 'Meascán Mhéabha' ('Maeve's lump').

Tráchtaireacht

Is cosúil gur finscéal a bhaineann le ceantar ar leith atá anseo, a bhfuil feidhm chúiseolaíoch leis, agus a dhéanann cur síos ar ghné de thoipeolaíocht na háite. Úsáidtear an téarma meascán chun cur síos a dhéanamh ar na cnapáin ime a chruthaítear agus maistreadh ar siúl, mar a léirítear sa scéal. Ó thaobh na toipeolaíochta de, is éard is dóichí ná go dtagraíonn sé do charraig, do chreig nó do charn. Samhlaítear cuid acu seo le Medb (Meadhbh/Méabh sa Nua-Ghaeilge), bandia miotaseolaíoch a bhfuil áit thábhachtach aici sa chuid sin den seanchas a bhaineann le ríogacht agus ceannas, agus atá ina pearsa ríthábhachtach sa saothar eipiciúil Táin bó Cuailnge. Féach Francis John Byrne, Irish kings and high-kings (BÁC, 2001), 51. Tá sampla feiceálach de Mheascán Mhéabha amháin dá leithéid le fáil i ngné cloiche ón réamhstair ar Chnoc na Riabh i gcontae Shligigh. Sampla eile ná Meascán Mhéabha in aice le Ráth Cruachan, contae Ros Comáin, áit a bhfuil ainm air sa bhéaloideas agus sa mhiotaseolaíocht mar gheall ar na ceangail idir é agus Méabh, banríon Chonnacht. Féach John Waddell, 'Rathcroghan in Connacht', Emania 5 (1988), 5-18. An áit atá i gceist sa sampla seo, b'fhéidir, ná Meascán Mhéabha, barr cnoic i bparóiste na Ráithe, contae Dhún na nGall.

Teideal i mBéarla: Maeve's churning
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Maighréad Ní Dhomhnaill as Co. Dhún na nGall
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 02-10-1931 ag 11:00:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn. Taifeadta ar 02-10-1931 ag 11:00:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1250d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:49 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1250d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:49 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1250b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:48 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1250b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:48 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1250d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:47 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1250d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:47 nóiméad ar fad.