Feardhomhain - Domhnall Ó Baoighill


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Lá de na laetha agus uair de na huairibh, ghannaigh an tseilg ar Fhiannaibh Éireann i nGleann an Smóil. Agus tháinig siad go Gleann Fada na Sealg go bhfeicfeadh siad an bhfaigheadh siad a dhath a chuirfeadh dúlacht[1] an gheimhridh tharstu.

Tháinig siad a fhad le baile a dtugadh siad Gleann Léithín air. Bhí fear ina chónaí ansin darbh ainm dó Léichinn giota taobh amuigh de (Fhintown). Agus bheannaigh sé do Fhionn ins na briathra faiseanta a bhí coitianta insa tseanaimsir agus d'fhreagair Fionn é mar an gcéanna. Bhí mac agus níon ag an fhear seo. Fearghamhain a bhí ar an mhac agus Finngheal ar an níon. D'fhiafr-... D'fhiafraigh sé de Fhionn goidé a bhí ag cur buaireamh air. Dúirt Fionn go rabh lá (scéith) lá Samhna ann agus gur imigh an fia (gargach) orthu agus go rabh sé ar lorg seilg a chuirfeadh tamall den gheimhreadh thairis.

"Níl a fhios agamsa dadaí," arsa Léichinn, ar seisean, "ach tarbh mire atá thall ar Shliabh Sneachta, agus má tá sibh ábalta é a thabhairt libh bhéarfaidh sé a sáith le ithe is do seacht gcatha na Féinne uilig."

"Níor sháraigh an tseilg ariamh orainne," ar Fionn.

"Cuirfidh mé féin an gasúr libh," ar Léichinn, "is dhéanfaidh[2] sé an t-eolas daoibh."

Ar maidin lá harna mhárach d'imigh siad uilig go mullach Shliabh Sneacht'. Fuaigh an Fearghamhain suas i mullach carraice agus rinn sé fead agus tharraing an tarbh orthu. Agus le a mhéad den fhearg a bhí air bhris sé a dhá adharc in éadan na carraice. Fuaigh na Fiannú[3] uilig ('un tsiúil thart i gcúlú na) carraice le heagla roimhe. Léim an Fearghamhain anuas insa droim air agus thoisigh sé air lena chlaíomh agus ghearr sé an ceann dó. Rinn sé ceithre ceathrúnacha ansin dó.

"Cé a bhéarfas leis na ceathrúnacha seo?" arsa... arsa an Fearghamhain.

"Bhéarfaidh mise ceathrú liom," ar Goll.

"Bhéarfaidh mise ceathrú liom," ar Oscar.

"Bhéarfaidh mise ceathrú liom," ar Diarmaid.

"Bhéarfaidh mé féin ceathrú liom," arsa an Fearghamhain. "Bhfuil fear ar bith ansin," ar seisean, "ag brath an ceann a thabhairt leis?"

Níor labhair fear ar bith.

"Bhéarfaidh mé féin liom é," (ar seisean).

Thug sé leis an ceann ba mhó 'e na ceathrúnacha. Agus smaoitigh[4] Fionn 'á dtiocfadh (insa) ghasúr go mb'fhéidir go dtabharfadh sé buaireamh dófa go fóill. Ar choil[5] 'na[6] bhaile daofa, nuair a chuaigh a fhad le Léichinn daofa ansin ghléas siad tinidh agus d'ith siad uilig a sáith.

"An ligfeá liom an gasúr ceann sheacht mblian?" ar seisean le Léichinn, "agus bhéarfaidh mé tuarastal maith dó."

"(Is) doiligh liom scarúint leis," arsa Léichinn, ar seisean, "(ach ní rabh) a'n ghléas beo agam féin is ag an ghiorsaigh ach é. Ach ina dhéidh sin agus uilig," ar seisean, "is doiligh liom thusa a eitmheáil[7]."

Lig sé an gasúr leis. Ag goil siar daofa ag an (Mhálainn) Mhór, comhgarach chuig na Gleanntaí, d'éirigh cráin mhuice ropu[8] agus ál banbhán. Thoisigh siad 'na ndéidh agus mharaigh siad an chráin agus na banbháin go huile go dtí a'n cheann amháin (a chuaigh)... agus ag goil isteach i bpoll daoithe, bhain Cónán a ruball daoithe.

"Má híostar ar an mhuic sin," arsa Fionn, ar seisean, "dhéanfaidh sí dochar go fóill."

Ar (fud) na seacht mblian, 's iomaí catha agus teangbháil a raibh Fiannaibh Éirinn ann agus chruthaigh an Fearghamhain gurb é féin an ceathrú fear ab fhearr a bhí ins an Fhéinn. Nuair a bhí na seacht mbliana thuas, "Caithfidh mé choil 'na bhaile," ar seisean, "go bhfeicí[9] mé m'athair."

"Ná déana[10] sin," ar Fionn. "Fan agam ' ceann sheacht mblian eile agus bhéarfaidh mé an tuarastal céanna... céanna dhuid."

"Ó, caithfidh mé imeacht," ar seisean, "go dtí go bhfeicí mé m'athair, ní fhanóchaidh[11] mé níos faide."

"Más rud é," arsa Diarm-... arsa Fionn, "go gcaithfidh tú imeacht bíodh a fhios agad nach bhfuil bealach na muice gearr (...)."

Aistriúchán

One of the days and one of the hours, the hunting became scarce for the Fianna of Ireland in Gleann na Smól. And they came to Gleann Fada na Sealg to see if they could find anything to help them through the harshness of winter.

They came to a town called Glenleheen. There was a man living there just outside Fintown(?) whose name was Léichinn. And he saluted Fionn with the fashionable words common in the old days and Fionn answered him the same way. This man had a son and daughter. The son was called Fearghamhain and the daughter Finngheal. He ask-... He asked Fionn what was worrying him. Fionn said that there had been (?) a (...) day on the first of November and that the fierce(?) deer had escaped them and that he was looking for a hunt which would help him survive some of the winter.

"I know nothing," said Léichinn, "but there is a frenzied bull on Sliabh Sneachta, and if you are able to bring it with you it will feed all the seven battalions of the Fianna."

"The hunt never defeated us," said Fionn.

"I will send the boy with you," said Léichinn, "and he will guide you."

The following morning they all went to the summit of Sliabh Sneachta. Fearghamhain went up on top of a rock and he whistled and the bull came towards them. And such was his anger that he broke his two horns against the rock. The Fianna all went behind the rock in fear of it. Fearghamhain jumped down onto its back and he attacked him with his sword and he cut the head off him. He made four quarters of him then.

"Who will take these quarters?" said the Fearghamhain.

"I will take a quarter," said Goll

"I will take a quarter," said Oscar.

"I will take a quarter," said Diarmaid.

"I will take a quarter myself," said the Fearghamhain. "Is there any man there," he said, "who intends to take the head with him?"

No man spoke.

"I will take it myself," he said.

He took the biggest of the quarters with him. And Fionn thought that maybe the boy would give them trouble yet (?). When they went home, to Léichinn, they readied a fire and they all ate their fill.

"Would you let me have the boy for seven years?" he said to Léichinn, "and I will pay him well."

"It is hard for me to be seperated from him," said Léichinn, he said, "for myself and herself have nothing at all but him. But all the same," he said, "I find it hard to refuse you."

He let the boy go with him. As they went to Malin More (?), near Glenties, a sow and a brood of piglets appeared before them. They started after them and they killed the sow and all the piglets except one that went(?)... and as it went into a hole, Cónán cut its tail off.

"If that pig is eaten," said Fionn, "it will do damage yet."

For the seven years, the Fianna of Ireland took part in many battles and encounters, and the Fearghamhain proved that he was the fourth best man in the Fianna. When the seven years were up, "I must go home," he said, "to see my father."

"Don't do that," said Fionn. "Stay with me for another seven years and I will give you the same pay."

"Oh, I must go," he said, "until I see my father I will stay no longer."

"If you must go," said Diarm-... said Fionn, "know that the way of the pig is not short (?) (...)."

Fonótaí

= dúlaíocht. Cf. dubhlacht in Patrick S. Dinneen, Foclóir Gaedhilge agus Béarla (BÁC, 1927; athchló 1996). (Back)
= déanfaidh. Cf. Art Hughes, 'Gaeilge Uladh', in Kim McCone et al., Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 611-50: 652. (Back)
= Fianna(i)bh. Cf. Mícheál Ó Mainnín, '"Goidé mar 's tá na fearaibh?": gnéithe de leathnú agus de fhuaimniú fhoirceann an tabharthaigh iolra sa Nua-Ghaeilge', Celtica 25 (2007), 195-224. (Back)
= smaointigh. Cf. Maeleachlainn Mac Cionaoith, Seanchas Rann na Feirste (BÁC, 2005), 171. (Back)
= ghoil/dhul. Cf. Hughes, op. cit., 653. (Back)
= chun an (Back)
= eiteach. (Back)
= rompu. (Back)
Leg. bhfeice? Cf. Dónall Ó Baoill, An teanga bheo: Gaeilge Uladh (BÁC, 1996), 48. (Back)
= déan. Cf. Hughes, op. cit., 652-3. (Back)
= fhanfaidh. Cf. Hughes, op. cit., 643. (Back)

Tráchtaireacht

Is cosúil gurb éard atá anseo ná leagan neamhiomlán d'fhinscéal a bhaineann le háit ar leith, mar gheall ar an laoch de chuid na Féinne Feardhomhain, agus conas mar a mharaítear é agus é ag comhrac le torc allta mór. I roinnt leaganacha as contae Dhún na nGall, déanann a dheirfiúr Finngheal iarracht ar chabhrú leis, ach báitear i loch í. Tugtar Loch Finn ar an loch ansin ina diaidh, rud a thugann seanchas ar an tsanasaíocht agus dinnseanchas isteach sa scéal. Féach James O'Kane, 'Placenames of Inniskeel and Kilteevoge', Zeitschrift für Celtische Philologie 31:1 (1970), 59–145: 135. Faightear an phearsa Feardhomhain, nó Ferdoman, Fearghamhain agus Feardoman, mar a tugadh air in áiteanna éagsúla, i gcuntais as lámhscríbhinní de chuid na meánaoiseanna agus sa bhéaloideas go dtí le déanaí, agus insítear an scéal seo fós i dtraidisiún na linne seo. Féach A. J. Hughes, 'Irish place-names: some perspectives, pitfalls, procedures and potential sources', Seanchas Ard Mhacha: Journal of the Armagh Diocesan Historical Society 14:2 (1991), 116-48: 145. An mhóitíf seo ina dtroideann Feardhomhain le torc allta mór agus ina maraíonn an torc é, is éard is dóichí ná go bhfuil gaol aici le scéal dá leithéid a bhaineann le Diarmaid ua Duibhne i dtraidisiún na Fiannaíochta. Féach Dáithí Ó hÓgáin, Fionn mac Cumhaill (BÁC, 1988), 255-7. Tá leaganacha eile den scéal ann atá suite i gcontae Uíbh Fhailí, agus ina dtéann an laoch i gcomhrac le hollphéist a mhaireann i loch. Féach James MacKillop, A dictionary of Celtic mythology (Oxford, 1998), 214. D'fhéadfadh sé go bhfuil an mhóitíf idirnáisiúnta béaloidis, B871.1.2 Giant boar ann. Féach Stith Thompson, Motif-index of folk literature (atheagrán méadaithe, 6 iml., Bloomington, Ind., 1955-8).

Teideal i mBéarla: Feardhomhain
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Domhnall Ó Baoighill as Co. Dhún na nGall
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 03-10-1931 ag 10:00:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn. Taifeadta ar 03-10-1931 ag 10:00:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1256d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:57 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1256d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:57 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1256b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 03:57 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1256b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 03:57 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1256d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:53 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1256d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:53 nóiméad ar fad.