Maighdean na gruaige báine - Nellie McConnell


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Ó, 's is maighdean is baintreach mise a fágadh go hóg,
Ó, is an gcuala(idh) sibh uilig, a chairde, gur éalaigh mo mhíle stór,
Ó, dá mbeinnse amuigh an lá sin 's mo dhá lámh fán abhainn mhóir,
Dhéanfainn dídean duid, a Réiligh[1], agus leigheasfainn do bhrón.

(Agna haithrín is agna máithrín) bhí scéal cráití le (...),
Ó, fá mhaighdean na gruaige báine, maise, fágadh gan fear í,
Fear na céile a bhí aici póstaí, ó, (is nár théigh ariamh) a leabaidh,
Is ó chuaigh Réiligh ar an sáile (níor mheas sé riamh) pilleadh.

Ó, is níor mhór liom thusa, a Réiligh, a bheith i do chliamhain ag an rí,
Órú, cuirtíní geala gréigeal[2] a bheith ar 'ach taobh duid is tú i do luí,
Ó, maighdean chiúin chéillí a bheith ag réitigh anuas do chinn,
Ó, is má thug mé mo ghrá go léir duid (sula d'éag) tú le mo linn.

Ó, is dá bhfeicfeá tú[3] an tsráid seo (a bhí) lán de na fearaibh,
Órú, bhí siad as 'ach cearn ann is iad ag caint ar an bhainis,
Bhí fidil os cionn cláir ann, do bhí (na) cláirseach is í ag seinm,
Do bhí go leor de na mná (mánsa) le mo ghrá-sa a chur a chodladh.

Ó, is dá mbeinnse ag an leic seo (...),
Órú, shínfinn mo thaobh clí leat ar an taobh deas den (charraig),
Órú, shínfinn mo bhéilín tláith lena bhéilín deas meala,
'S an lá a shíl muid a bheith ar ár bpósadh gur ar an tórramh a bhí an bhainis.

Aistriúchán

I am a maiden and a widow who was bereaved very young,
Have you all heard, friends, that my darling has gone,
Oh, if I were out that day, with my two hands around the great river (?),
I would shelter you, Reilly, and I would cure your sorrow.

Her dear father and mother got terrible news (...),
About the fair-haired maiden, she was left without her husband,
Her husband to whom she was married and who never warmed her bed,
Reilly went on the water and was never to return.

I would not think it too good for you, Reilly, if you were the king's son in law,
Fine bright curtains on each side of you as you slept,
A quiet sensible maiden to comb your hair,
And if (?) I gave you all my love before you died during my time (?).

If you saw this street, full of men,
They were there from all parts, talking of the wedding feast,
There was a fiddle above the table there, harp being played,
Plenty of (...) women to put my love to sleep.

If I were at this stone (...)
I would stretch my left side out on the lower side of the rock (?),
I would press my tender lip to his sweet mouth,
On the day we were to be married the wedding feast became the wake.

Fonótaí

= Raghallaigh/Reilly. (Back)
= gléigeal/gné-geal? (Back)
Cf. Art Hughes, 'Gaeilge Uladh', in Kim McCone et al., Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 611-60: 638. (Back)

Tráchtaireacht

Seo leagan Ultach den amhrán 'Liam Ó Raghallaigh' nó 'Caoineadh Liam Uí Raghallaigh'. Tá sé an-choitianta i stór amhrán chúige Chonnacht agus tá sé coitianta go maith freisin i gcúige Mumhan. Cuireann bean óg a brón in iúl ar chailliúint a grá ghil, Liam Ó Raghallaigh, a bádh i gCuan Shruth Fhada Con gar don áit a dtéann Abhainn Ghleann na Muaidh chun farraige in iarthuaisceart Mhaigh Eo. Tagraíonn Tomás Ó Concheanainn do Mhícheál Mac Énrí, Baingear, contae Mhaigh Eo, a mhaíonn gurb é an file Micheál Mág Raith, nó 'Micheál na nAmhrán' a chum an t-amhrán go déanach san 18ú haois. Féach Ó Concheanainn, Nua-dhuanaire III (BÁC, 1978), 15-16, 77. Dar le Brian O'Rourke tharla an bá ar oíche phósta Uí Raghallaigh. Deir sé: 'he was rowing home to his bride, Neilí Nic Siúrtáin, having delivered the eighty year old officiating priest back to the village of Kilcommon after the wedding ceremony'. Féach O'Rourke, Blas meala (An Charraig Dhubh, Co. BhÁC, 1985), 94-102. I leaganacha áirithe atá níos faide ná an ceann seo déanann an bhaintreach cur síos grinn ar an íomhá atá aici de chorpán a fir chéile agus é fágtha mar bheatha do na péisteoga, na portáin agus na héisc. Cuireann sí mallacht freisin ar na saoir a rinne an bád, gné atá coitianta go leor sa traidisiún Gaelach i gcaointe a bhaineann le tubaistí bá. Le haghaidh tuilleadh plé agus leaganacha eile féach: Thomas O'Neill Russell, Fíor chláirseach na h-Éireann (BÁC, 1900), uimh. 55; Mícheál agus Tomás Ó Máille, Amhráin Chlainne Gaedheal (BÁC, 1905; eagrán nua le William Mahon: Amhráin Chlainne Gael (Indreabhán, 1991), 59-60); Kenneth Jackson, 'A Blasket version of the Lament for Reilly', Éigse 6 (1950), 112-13; Éamonn Mhac an Fhailigh, 'A Mayo version of the Lament for Reilly', Éigse 6 (1950), 114-15; Séamus Mac Mathúna, Treoir 6:3 (1974); Seán Óg Ó Baoill agus Mánus Ó Baoill, Ceolta Gael (Corcaigh, 1975), 64-5; Seán Ó Tuama agus Thomas Kinsella, An duanaire 1600-1900: poems of the dispossessed (BÁC, 1981), 334-7; Micheál Ó Conghaile, Croch suas é (Béal an Daingin, 1987), 110. Tá an fonn atá in úsáid ag Nellie McConnell anseo difriúil leis an gceann a chastar go coitianta i leaganacha Chonnachtacha. Is féidir leaganacha malartacha Connachtacha a chloisteáil á gcasadh ag Darach Ó Catháin ar Pléaráca an Riadaigh (Gael Linn, 2008) agus ag Seán 'ac Dhonncha ar An spailpín fánach (Cló Iar-Chonnacht, 1994).

Teideal i mBéarla: The fair-haired maiden
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Nellie McConnell as Co. Dhún na nGall
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 03-10-1931 ag 11:30:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn. Taifeadta ar 03-10-1931 ag 11:30:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1259d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:08 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1259d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:08 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1259b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 03:08 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1259b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 03:08 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1259d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:07 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1259d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:07 nóiméad ar fad.