Is mé an peacach bocht - Nellie McConnell


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Is peacach bocht faoi ualach throm mé,
Ar mhéad mo pheacaí is aithreach liom,
Aidím[1] creideamh Dé go síor
Le grá mo chroí le dóchas fíor,
Ó chois na croiche glaoim suas
Chuig Íosa ár dTiarna, "Claon orainn anuas!"

Fáilte, a Mhuire, a Mhaighdean (Dhil),
A sciath mhór na ngrást,
(...)
Tabhair greim don bhocht, don dall a shúil,
A Mháthair Mhór, (is airde rún),
(Fáilte) (...).

Fonótaí

= admhaím. Cf. Alf Sommerfelt, The dialect of Torr, Co. Donegal (Christiania, 1922), § 455. (Back)

Tráchtaireacht

Tá leagan níos faide den phaidir seo le fáil in Énrí Ó Muirgheasa, Dánta diadha Uladh (BÁC, 1936), 205-6. Tá leagan den chéad véarsa le fáil in Diarmuid Ó Laoghaire, Ár bpaidreacha dúchais (BÁC, 1975), 53. Don dara véarsa, cf. Douglas Hyde, Abhráin diadha chúige Connacht (2 iml., Londain agus BÁC, 1906), iml. 1, 390-3.

Teideal i mBéarla: I am the poor sinner
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Nellie McConnell as Co. Dhún na nGall
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 03-10-1931 ag 11:30:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn. Taifeadta ar 03-10-1931 ag 11:30:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1259d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:28 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1259d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:28 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1259b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:28 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1259b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:28 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1259d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:28 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1259d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:28 nóiméad ar fad.