Nuair a bhí mise i mo dhiúlach óg - Mánus Ó Creag


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Nuair a bhí mise i mo dhiúlach óg bhí mé ar aimsir ag feilmeoir thuas in áit a dtugann siad Paiteagó air. Fear óg a bhí ann agus bhí bean an-dóighiúil aige. Agus nuair a bhí sinn amuigh ag obair bhíodh sé i dtólamh ag inse domh féin dá dtigeadh dadaí airsan go bhfaigheadh an bhean bás. Bhínn féin ag magadh air agus deirinn leis, "Dheamhan dheor a d'fhágfadh í."

"D'fhágfadh," a déarfadh sé. "Gheobhadh sí bás roimhe[1] cheann míosa."

"Ní bhfaigheadh. Bheadh sí marbh[2] roimhe cheann míosa."

Ach lá amháin bhí mé bodhar ag éisteacht leis agus deirimsa leis, "Cuirfidh mé geall leat go bpósfadh sí roimhe cheann míosa."

"Ní phósfadh. Bheadh sí marbh roimhe cheann míosa."

"Maith go leor," a deirim féin. "Tchífimid."

An oíche seo, nuair a bhí muid ag goil abhaile, chaith mé féin isteach insa cheart[3] é agus chaith mé mo chóta mór ina mhullach agus thiomáin mé liom go dteachaigh[4] mé 'un an bhaile. Nuair a chuaigh mé 'na[5] bhaile tháinig an bhean amach agus d'fhiosraigh sí domh, "Cá háit a bhfuil Seán?"

"Ó," deirimsa, "tá Seán bocht marbh. Loiteadh é agna[6] chuid oibre."

Thoisigh sí ag caoineadh agus chaoin sí léithe fada go leor. Fá dheireadh, nuair a bhí a sáith caointe aici chuidigh sí liom féin é a iompar isteach agus d'fhág muid ina luí[7] insa leabaidh é. Shuigh sí a chos[8] na tineadh[9] agus bhí... thoisigh sí ag caoineadh ar ais. Nuair a bhí a sáith caointe aici, deir sí liom féin, "Ar labhair sé focal ar bith sulma[10] bhfuair sé bás?"

"Labhair."

"Maise," a deir sí, "goidé a dúirt sé?"

"Dúirt sé gur cheart duitse agus domh féin pósadh, ná nach rabh fear ar bith eile a rabh fios na hoibre aige fán teach seo ní b'fhearr ná thú."

Thóg sí maide briste agus thug sí iarraidh den mhaide bhriste orm. Agus thoisigh sí ag caoineadh ar ais. Agus nuair a bhí a sáith caointe aici bhain sí a naprún anuas dena súile agus a deir sí, "Creidim go rabh an ceart aige. Creidim go mb'fhearr dúinn pósadh."

Bhí an fear a bhí ina luí insa leabaidh a shíl sise a bhí marbh, léim sé amach agus thug sé mo thuarastal dúbailte domhsa agus d'fhág mise é féin agus a bhean ansin go slán folláin.

Aistriúchán

When I was a young lad I was in the service of a farmer up in a place they call Pettigo. He was a young man and he had a very beautiful wife. An when we were out working he would always be saying to me that if anything happened to him that the wife would die. I would be mocking him and I'd say to him, "No tear would she shed."

"She would," he would say. "She would die within a month."

"She wouldn't. She would be [married] within a month."

But one day I was deaf from listening to him and I said to him, "I bet you that she would be married within a month."

"She would not marry. She would be dead within a month."

"Fair enough," I said. "We'll see."

This night, when we were going home, I threw him into the cart and I threw my coat over him and I drove on until I went home. When I went home the wife came out and she asked me, "Where is John?"

"Oh," I said, "poor John is dead. He was injured at work."

She started crying and she cried for long enough. In the end, when she had cried her fill she helped me carry him in and we left him lying in the bed. She sat beside the fire and she... she started crying again. When she had cried her fill, she said to me, "Did he say anything before he died?"

"He did."

"Well," she said, "what did he say?"

"He said that you and I should marry, because there was no other man who knows the work around this house better than you."

She picked up the tongs and she went for me with it. And she started crying again. And when she had cried her fill he took the apron down from her eyes and she said, "I believe he was right. I believe we should marry."

The man who was lying in the bed whom she thought was dead, he jumped out and the gave me my double pay and I left himself and his wife there hale and hearty.

Fonótaí

= roimh. Cf. Art Hughes, 'Gaeilge Uladh', in Kim McCone et al., Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 611-60: 657. (Back)
Recte pósta? (Back)
= chairt. (Back)
= ndeachaigh. (Back)
= chun an. (Back)
= ag a. Cf. agna in Maeleachlainn Mac Cionaoith, Seanchas Rann na Feirste (BÁC, 2005), 180. (Back)
Cf. Heinrich Wagner, Gaeilge Theilinn (BÁC, 1959), § 331. (Back)
= de chois. Cf. Dónall Ó Baoill, An teanga bheo: Gaeilge Uladh (BÁC, 1996), 130. (Back)
Cf. Heinrich Wagner, Linguistic atlas and survey of Irish dialects (4 iml., BÁC, 1958-69), iml. 1, 164, pointe 83. (Back)
= sula. (Back)

Tráchtaireacht

Cé go gcuirtear an scéal seo i láthair faoi mar gur scéilín pearsanta atá ann, is léir gur sampla é den scéal idirnáisiúnta béaloidis ATU 1350 The soon-consoled widow, á insint sa chéad phearsa ag an scéalaí. Baineann na leaganacha idirnáisiúnta le fear a ligeann air go bhfuil sé marbh chun dílseacht a mhná a thástáil, agus cuireann an bhean in iúl gur mian léi an fear a phósadh a thug scéala báis a fir chéile chuici. Tá an scéal coitianta ar fud na hEorpa, in áiteanna san Afraic agus sa Mheánoirthear. Féach Hans Jorg Uther, The types of international folktales: a classification and bibliography (3 iml., Helsinki, 2004). Tá an scéal coitianta go maith i dtraidisiún na hÉireann, i nDún na nGall go háirithe. Féach Seán Ó Súilleabháin agus Rieder Th. Christiansen, The types of the Irish folktale (Helsinki, 1968). Déantar catagóiriú air leis mar shampla den mhóitíf idirnáisiúnta béaloidis T231.3 Faithless widow ready to marry messenger who brings news of husband’s death. Féach Stith Thompson, Motif-index of folk literature (atheagrán méadaithe, 6 iml., Bloomington, Ind., 1955-8).

Tá tras-scríobh ar an scéal seo leis in Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic voices: bailiúchán Doegen 1931 (Béal Feirste, 2010), 188-91.

Teideal i mBéarla: When I was a young lad
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Mánus Ó Creag as Co. Dhún na nGall
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 03-10-1931 ag 15:30:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn. Taifeadta ar 03-10-1931 ag 15:30:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1262d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:01 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1262d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:01 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1262b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 03:01 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1262b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 03:01 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1262d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:57 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1262d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:57 nóiméad ar fad.