An ceannaí snáithe - Phil Mac Giolla Cheara


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Bhí ceannaí mór snáithe ann agus chuaigh sé a cheannach snáithe 'na[1] mhargaidh. Agus tháinig fear roimhe leis[2] agus mharbh sé é. Agus trí oíche ina dhéidh sin... Chuaigh sé 'na reilic achan oíche de thrí oíche, ag éisteacht goidé a chluinfeadh sé. Agus (bheadh)... (...) sé... d'éirigh sé aníos (agus bhí)... agus (bhí) (...) ins an uaigh.

"Íocfaidh! Íocfaidh!" arsa seisean.

"Cé íocfas?" arsa seisean (an tríú) oíche?"

"(Ó, dá bhfeicfinn) i do dhéidh," ar seisean, "bhí mise (beag) (...) (níl a fhios a'm an bhfeicfinn i mo dhéidh móráilte nár úirt seisean pósadh é)."

Bhuel, bhí sin maith go leor. Ghlac sé farm[3] talamh agus bhuildáil sé toigh sclátaí air agus pósadh a mhac agus chuir sé stoc ar an fharm. Agus tháinig sagart[4] a'n[5] oíche amháin thart. "An dtabharfaidh tú (ceathrú) don oíche anocht domh," ar seisean leis an tsean-nduine[6].

"Bhéarfaidh," arsa an sean-nduine, arsa seisean, "cé acu goidé rud é."

Thoisigh an sean-nduine is d'ins sé an comhrá uilig dó, goidé a rinn sé, gur mharbh sé an fear agus gur rann sé cuid mhaith airgid ar na bochtú[7] agus gur (bhuildeáil) sé toigh agus hachan seort. D'éirigh an sagart amach agus d'fhág sé. Is fuaigh sé isteach go toigh eile a bhí ann insa chomharsain. Agus d'fhan sé an oíche sin ann.

Ar maidin lá harna mhárach ar seisean le bean an toighe, "An rabh tú amuigh?"

"Cha rabh," arsa sise. "Tá mé ag goil amach."

Chuaigh sí amach.

"Bhfaca tú iontas ar bith (de shamhail) an oíche aréir?"

"Chonaic mé[8]," ar sise. "Tá (a leithéidí ansiod dhá shuí ar tine lá) (...) a bhí ann, is tá (gleam) ag reáchtáil anuas fríd an toigh. Agus tá an t-iomlán (sínithe ar a chúla)," arsa sise, "agus char chuir sé(?) a'n ndeor[9] an oíche sin."

Sin end (acu) anois.

Aistriúchán

There was a big thread merchant and he went to the market to buy thread. And a man came up to him and he killed him. And three nights after that... He went to the graveyard every night for three nights, listening for what he might hear. There would be (?) (...) he rose up and (...) in the grave.

"(...) will pay! (...) will pay!" he said.

"Who will pay?" he said the third(?) night.

"Oh, (...) after you," he said, "I was (...) I don't know (...)."

Well, that was good enough. He took a farm of land and he built a slated house on it and his son married and he put livestock on the farm. And a priest came around one night. "Will you give me lodgings(?) for tonight," he said to the old man.

"I will," said the old man, he said, "whatever it is."

The old man started and told him the whole conversation, what he had done, that he had killed the man and that he had shared a good amount of money with the poor, and that he built a house and everything. The priest got up and he left. And he went into a neighbouring house. And he spent that night there.

The following morning he said to the woman of the house, "Were you outside?"

"No," she said. "I am going out."

She went out.

"Did you see any wonder like (?) last night?"

"I did," she said. "There is such a thing (...) running down through the house. And the whole is lying on its back (?)," she said, "and it didn't shed any tears that night."

That's the end now.

Fonótaí

= chun an. (Back)
= roimhe. Cf. Art Hughes, 'Gaeilge Uladh', in Kim McCone et al., Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 611-60: 658. (Back)
= feirm. (Back)
Leg. saigheart? Cf. Emrys Evans, 'The Irish dialect of Urris, Inishowen, Co. Donegal', Lochlann 4 (1969), 1-130: 119. (Back)
= aon. (Back)
Cf. Dónall Ó Baoill, An Teanga Bheo: Gaeilge Uladh (BÁC, 1996), 148: sean’uine 'old man'; seanduine 'old person'. (Back)
= bochtaibh. Cf. Mícheál Ó Mainnín, '"Goidé mar 's tá na fearaibh?": gnéithe de leathnú agus de fhuaimniú fhoirceann an tabharthaigh iolra sa Nua-Ghaeilge', Celtica 25 (2007), 195-224. (Back)
Leg. mi? Cf. Evans, op. cit., Lochlann 4 (1969), 1-130: 112. (Back)
= aon deor. (Back)

Tráchtaireacht

Tá an scéal beagán doiléir sa sampla seo, ach b'fhéidir go bhfuil gaol aige le finscéalta nó scéalta béaloidis mar gheall ar sprideanna a thagann ar ais ó na mairbh chun pionós a chur ar dhaoine beo, móitíf a fhaigtear sa bhéaloideas go hidirnáisiúnta. D'fhéadfadh sé gur imir móitífeanna idirnáisiúnta béaloidis mar E230 Return from dead to inflict punishment, E231.5 Ghost returns to murderer: causes him to confess, nó E234.3 Return from dead to avenge murder, mar shampla, tionchar ar an scéal seo. Féach Stith Thompson, Motif-index of folk literature (atheagrán méadaithe, 6 iml., Bloomington, Ind., 1955-8). Ní rud nua i dtraidisiún na hÉireann é sprid ag baint díoltais amach, agus faightear é i mBeatha Sheanáin de chuid na meánaoiseanna. Féach Charles Plummer, 'The miracles of St Senan', Zeitschrift für Celtische Philologie 10 (1915), 1-35: 11. Faightear leis é sa scéal Aided Maelodráin mic Dimma Chróin. Féach Kuno Meyer (ed.), Hibernica minora (Oxford, 1894), 81.

Teideal i mBéarla: The thread-merchant
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Phil Mac Giolla Cheara as Co. Dhún na nGall
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 03-10-1931 ag 16:00:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn. Taifeadta ar 03-10-1931 ag 16:00:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1265d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:46 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1265d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:46 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1265b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:46 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1265b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:46 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1265d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:44 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1265d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:44 nóiméad ar fad.