Huddens agus Duddens agus Domhnall Ó Daoraí - Phil Mac Giolla Cheara


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Bhuel, bhí Dónall Ó Daoirí agus... Huddens agus Duddens agus Dónall Ó Daoirí. Trí chomharsan a bhí iontu. D'imigh siad agus thug siad leofa Dónall Ó Daoirí. Chaith siad isteach i mbaga[1] é agus thug siad leofa go muirfeadh[2] siad é. Chuaigh siad isteach i dtoigh tábhairne, an bheirt, Huddens agus Duddens. D'fhág siad Dónall Ó Daoirí amuigh ar an charr (is tháinig) droveóir thart ag ceannach eallaigh nó ag drove eallaigh leis in éis a gceannach.

"Tá mise ag goil 'na bhflaitheas, ag goil 'na bhflaitheas (...)," a déarfadh Dónall Ó Daoirí, "ag goil 'na bhflaitheas, ag goil 'na bhflaitheas (...)."

"Nach ligfidh tú mise i d'áit (...)?" (arsa) droveóir an eallaigh leis.

"Scaoil an baga go bhfeice mé an t-eallach."

Scaoil sé an baga ansin agus d'amharc sé ar an eallach.

"Feicim é," arsa seisean, "siúráilte (...)."

Chuir sé ansin isteach sa bhaga é agus cheangail[3] sé béal an bhaga agus, "Tá mise ag goil 'na bhflaitheas, ag goil 'na bhflaitheas (...) ar fad," deir sé.

Agus chaith siad amach ansin le binn (thiar é), Huddens agus Duddens, Dónall Ó Daoirí. Ansin, na bhí sé caite amach leis an bhinn acu, tháinig an bheirt 'na bhaile.

Lá harna mhárach bhí Dónall Ó Daoirí amuigh ag buachailleacht drove eallaigh agus fuaigh Huddens agus Duddens ionsairt agus d'fhiafraigh siad cá bhfuair sé drove an eallaigh.

"Ó, dá mbeadh sibhse (i mur mbeirt) (...) bheadh oiread eile eallaigh ann.

"Cuirfidh tú muidinne isteach i mbaga," arsa seisean, "hachan nduine a'inn agus (cuir ar an charr muid is tabhair siar muid)."

Thug. Cha dteachaigh seisean isteach (...). Chaith sé amach an bheirt. Bhí cuid na triúr aigesean.

Aistriúchán

Well, there was Dónall Ó Daoirí and.... Huddens and Duddens and Dónall Ó Daoirí. They were three neighbours. They went off and they brought Dónall Ó Daoirí with them. They threw him into a sack and planned on killing him. Huddens and Duddens went into a tavern house. They left Dónall Ó Daoirí outside on the cart, and a drover came past, buying cattle, or droving cattle he had bought.

"I am going to heaven, I am going to heaven (...)," Dónall Ó Daoirí kept saying, "going to heaven, going to heaven (...)."

"Won't you swap places with me?" said the cattle drover to him.

"Open the bag so I can see the cattle."

He then opened the bad and he looked at the cattle.

"I see them," he said, "surely (...)."

He put him into the bag and he tied the mouth of the bag and, "I am going to heaven, going to heaven (...)," he said.

And they threw him down a cliff beyond, Huddens and Duddens, Dónall Ó Daoirí. Then, when they had thrown him down the cliff, the two came home.

The following day Dónall Ó Daoirí was out herding a drove of cattle and Huddens and Duddens went up to him and they asked him where he got the cattle drove.

"Oh, if you two were (...) you would have as many cattle again.

"You will throw us into a bag," he said. "each of us and put us on the cart and bring us back (?)."

He did it. He didn't go in (...). He threw out the two. He had the possessions of all three then.

Fonótaí

I.e. mála. (Back)
= go marbhfadh/maródh. Cf. Dónall Ó Baoill, An teanga bheo: Gaeilge Uladh (BÁC, 1996), 144. (Back)
Leg. chea’il? Cf. Emrys Evans, 'The Irish dialect of Urris, Inishowen, Co. Donegal', Lochlann 4 (1969), 1-130: 88. (Back)

Tráchtaireacht

Is cosúil go bhfuil an plota sa scéal seo trína chéile nó scoilte ina bhlúiríní, ach tá dealramh ag an scéal ina iomláine le cuid den scéal idirnáisiúnta béaloidis ATU 1535 The rich and the poor farmer. Tá roinn sa scéal seo ina ndéantar cur síos ar fheoirmeoir saibhir a chuireann a dheartháir bocht isteach i sac chun é a bhá. Éiríonn leis an deartháir bocht a áiteamh ar aoire atá ag gabháil na slí dul ina áit, agus báitear an t-aoire. Filleann an deartháir bocht ar an mbaile le tréad an aoire agus fiafraíonn an deartháir saibhir de cá bhfuair sé na hainmhithe. Deir sé go bhfuair sé faoi uisce iad; báitear an deartháir saibhir ansin agus é ag iarraidh caoirigh a fháil dó féin. Scéal eipeasóideach a bhíonn sa scéal idirnáisiúnta béaloidis go minic, agus is minic a bhíonn roinnt móitífeanna difriúla agus gaolmhara ann. Cuireadh i gcló den chéad uair é mar chuid de scéal Dúitseach ón deichiú céad ar a dtugtar Versus Unibove, agus d'éirigh sé níos coitianta tar éis an cúigiú céad déag. Tá sé fíorchoitianta anois san Eoraip, san Áise, san Afraic agus in áiteanna i gcríocha Mheiriceá. Féach Hans Jorg Uther, The types of international folktales: a classification and bibliography (3 iml., Helsinki, 2004). Tá an scéal thar a bheith coitianta in Éirinn, agus rinneadh clárú ar líon mór leaganacha i ngach cúige. I leaganacha na hÉireann, ceanglaítear é le ATU 1539 Cleverness and gullibility nó tógtar móitífeanna ar iasacht ann ón scéal sin. Féach Seán Ó Súilleabháin agus Rieder Th. Christiansen, The types of the Irish folktale (Helsinki, 1968). D'fhéadfadh sé go bhfuil an mhóitíf idirnáisiúnta béaloidis K842 Dupe persuaded to take prisoner’s place in a sack: killed sa scéal seo leis. Féach Stith Thompson, Motif-index of folk literature (atheagrán méadaithe, 6 iml., Bloomington, Ind., 1955-8). Tá leagan eile den scéal idirnáisiúnta béaloidis seo, le móitífeanna difriúla ann, i mbailiúchán Doegen, faoin teideal 'Bhí beirt fhear', ón scéalaí Maighréad Ní Dhomhnaill ó chontae Dhún na nGall.

Teideal i mBéarla: Huddens and Duddens and Domhnall Ó Daoraí
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Phil Mac Giolla Cheara as Co. Dhún na nGall
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 03-10-1931 ag 16:00:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn. Taifeadta ar 03-10-1931 ag 16:00:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1265d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:43 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1265d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:43 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1265b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:43 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1265b2, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 01:43 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1265d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:42 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1265d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:42 nóiméad ar fad.