Na trí naoimh ar a mbealach go Toraigh - Aodh Ó Dubhthaigh


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Na trí naomh ar a mbealach go Toraigh.

Bhí Naomh Colm Cille, Naomh Fíonán agus Naomh Beigligh i mullach Chnoc na Naomh taobh amuigh de Ghort an Choirce ar a mbealach go Toraigh. Chuaigh siad síos go dtí an cuan. Ní rabh bád ar bith le fáil acu. Chaith Naomh Fíonán a chroisín amach ins an fharraige agus dúirt sé, "Le cuidiú Dé rachaidh mo chroisínsa go Toraigh."

Ach cha dteachaigh[1] sí go Toraigh ach bhuail sí isteach faoi Eas Fíonáin.

Chaith Naomh Beigligh a chroisín isteach ansin agus dúirt sé, "Rachaidh mo chroisínsa go Toraigh le cuidiú Dé."

Ach cha dteachaigh sí go Toraigh ach bhuail sí isteach ag... faoi Thulacha Beigligh.

Chaith Naomh Colm Cille a chroisín ins an fharraige ansin agus dúirt sé, "Le cuidiú Dé rachaidh mo chroisínsa go Toraigh."

Chuaigh croisín Cholm Cille go Toraigh. D'fhoscail an fharraige suas do na naoimh ansin mar d'fhoscail sí do Mhaoise ag an Mhuir Ruaidh fadó. Agus shiúil na trí naomh isteach ar thóin na farraige go oileán Thoraí. Bhí na daoiní ina bpágánaigh ar an oileán ins na laetha sin. Agus ní rabh siad sásta na naoimh a ligint isteach. Bhí brat beag ag Colm Cille ina lámh agus dúirt sé, "Bhfuil duine ar bith ansin a bhéarfas leithead an brat sin domh go ndéanamuid ár scíste?"

Ní rabh duine ar bith i dToraigh a bhéarfadh an cead sin dó ach fear amháin de Chloinn Uí Dhúgáin. Agus dúirt sé le Colm Cille, "Bhéarfaidh mise cead duid."

Lig Colm Cille an brat síos ar an oileán. Thoisigh sé a spréadh agus a spréadh gur spréigh sé thaire Thoraigh ar fad. Chuir sé na luchógaí móra agus na beathaigh allta a bhí i dToraigh ins na laetha sin amach ar an fharraige. Bhí cú nimhe ann, nó ainspiorad. D'fhág sí lorg a ceithre cosa agus barr a rubaill ar chreag nuair a thug sí léim amach ins an fharraige. Thug Colm Cille na daoiní 'un creidimh[2] ansin. Chuir sé suas seampall[3] mór agus mainistir i dToraigh. Agus bhí grá mór aige ar an oileán bheag sin. Ach nuair a bhí sé ag fágáil Thoraí, dúirt sé, "Mo thrí thruaighe naoi n-uaire, Toraigh, Uaigh agus Árainn."

Aistriúchán

The three saints on their way to Tory.

Saint Colum Cille, Saint Fíonán and Saint Begley were on top of Crocknaneeve ('Hill of the Saints'), outside Gortahork, on their way to Tory Island. They went down to the bay. They couldn't get a boat. Saint Fíonán threw his little cross out into the sea and he said, "With the help of God my cross will go to Tory."

But it didn't reach Tory but went instead in under Eas Fíonáin.

Saint Begley threw his cross in then and he said, "My cross will go to Tory with the help of God."

But it didn't go to Tory but went instead to Tullaghobegley.

Saint Colum Cille then threw his cross into the sea and he said, "With the help of God my cross will go to Tory."

Colum Cille's cross went to Tory. The sea opened up for the saints then as it opened for Moses at the Red Sea long ago. And the three saints walked in on the sea-bed to Tory Island. The people were pagans on the island in those days. And they weren't happy to let the saints in. "Colum Cille had a small cloak in his hand and he said, "Is there anyone there who will give me the width of that cloak so that we can rest?"

There was nobody in Tory who would give that permission except one man of the Ó Dúgáins. And he said to Colum Cille, "I will give you permission."

Colum Cille set the cloak down on the island. It started spreading and spreading until it spread over all of Tory. It cast the rats and the wild animals which were in Tory at that time out to sea. There was a vicious hound, or an evil spirit, there. It left the mark of its four legs and the top of its tail on a rock when it leapt out into the sea. Colum Cille converted the people then. He built a big church and a monastery in Tory. And he greatly loved that little island. But when he was leaving Tory, he said, "My three sorrows nine times, Tory, Owey and Aran."

Fonótaí

= ní dheachaigh. Cf. Dónall Ó Baoill, An teanga bheo: Gaeilge Uladh (BÁC, 1996), 50. (Back)
Leg. creididh? Cf. Ó Baoill, op. cit., 69. (Back)
= teampall/séipéal. (Back)

Tráchtaireacht

Tá roinnt móitífeanna difriúla sa scéal seo, agus tá sé bunaithe ar an scéal lárnach a bhaineann le triúr naomh ag tabhairt cuairte ar Oileán Thoraí. Faightear an finscéal seo sa litríocht den chéad uair sa séú céad déag in Betha Coluim Chille le Maghnas Ó Domhnaill, ina socraíonn an triúr naomh go bhfaighidh an chéad duine acu a chaithfidh a bhachall ar an oileán seilbh air. Éiríonn le Colm Cille é a dhéanamh agus a bhachall á haistriú ina sleá aige. Féach Andrew O'Kelleher agus Gertrude Schoepperle, Betha Colaim Chille (Urbana, Ill., 1918), 105.

Baineann an smaoineamh go bhféadfadh clóca leathnú go míorúilteach leis an scéal idirnáisiúnta béaloidis ATU 927C The ground is measured with a horse’s skin. Is éard a bhíonn i gceist sna leaganacha is luaithe den scéal de ghnáth ná fear a dtairgtear dó an oiread sin talún is a d'fhéadfaí a chlúdach le seithe ainmhí. Gearrann sé an tseithe ina stiall fhada amháin, agus úsáideann sé í chun achar mór talún a chlúdach. Bhí an scéal sa téacs ársa ón India a dtugtar an Shatapatha Brahmana air, agus a théann siar go dtí an séú céad roimh Chríost. Chonacthas ar dtús san Eoraip é san Aeinéid le Virgil, agus leath sé ar fud an domhain ó shin. Féach Hans Jorg Uther, The types of international folktales: a classification and bibliography (3 iml., Helsinki, 2004). Rinneadh clárú air i dtraidisiún na hÉireann mar scéal béaloidis 2400, agus is míorúilt á déanamh ag naomh a bhíonn ann de ghnáth, mar atá i gceist sa scéal seo. Féach Seán Ó Súilleabháin agus Rieder Th. Christiansen, The types of the Irish folktale (Helsinki, 1968). Tá an chuid tosaigh den scéal, ina gcaitheann na naoimh a mbachalla, bunaithe ar an móitíf idirnáisiúnta béaloidis, K185.13 Deceptive land bargain: saints agree that the one who casts his staff far enough to reach distant island shall be owner of land. Féach Stith Thompson, Motif-index of folk literature (atheagrán méadaithe, 6 iml., Bloomington, Ind., 1955-8).

Is éard is dóichí ná go bhfuil an eachtra sa scéal a bhaineann le cúlú an uisce bunaithe ar an gcuntas ar chúlú na Mara Rua sa Bhíobla, mar a luann an scéalaí. Féach Robert Carroll agus Stephen Prickett, The Bible: authorised King James version (Oxford, 1998), 83. Seo móitíf a fhaightear sa naomhsheanchas, agus go háirithe nuair a úsáideann siad a mbachalla chun an mhíorúilt a dhéanamh. Féach, mar shampla, an mhóitíf idirnáisiúnta béaloidis D1551.5 Saint’s bachall causes sea to divide, a bhfuil clárú déanta air i dtraidisiún luath na meánaoiseanna in Éirinn. Féach Tom Peete Cross, Motif-index of early Irish literature (Bloomington, Ind., 1952). Féach leis Charles Plummer, Vitae sanctorum Hibernae (Oxford, 1922), clxxv. Tá cuntas eile ann ar mhíorúilt a rinne Naomh Seanán, inar cúlaíodh uisce le draíocht chun go bhféadfadh an naomh dul trasna go dtí oileán. Féach Charles Plummer, 'The miracles of Senan', Zeitschrift für Celtische Philologie 10 (1914), 1-35: 5. An scéal mar gheall ar Naomh Colm Cille ag ruaigeadh francach as an oileán, b'fhéidir go bhfuil gaol aige le seanchas dá leithéid a bhaineann le Naomh Pádraig agus an ruaig á cur aige ar nathracha nimhe as Éirinn. Féach an mhóitíf idirnáisiúnta béaloidis A531.2 Culture hero banishes snakes, in Tom Peete Cross, op. cit.

Tá tras-scríobh ar an scéal seo leis in Róise Ní Bhaoill, Ulster Gaelic voices: bailiúchán Doegen 1931 (Béal Feirste, 2010), 166-9.

Teideal i mBéarla: The three saints on their way to Tory
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Aodh Ó Dubhthaigh as Co. Dhún na nGall
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 05-09-1931 ag 13:20:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn. Taifeadta ar 05-09-1931 ag 13:20:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1276d1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 03:05 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1276d1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 03:05 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1276b1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:05 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1276b1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:05 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1276d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:03 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1276d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:03 nóiméad ar fad.