An bheirt fhear a chaill caora - Pádraig Ó Gallchobhair


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Bhí beirt fhear am amháin agus chaill siad caoirigh agus chuaigh siad síos go Gleann Fhinne dá gcuartú. Agus shiúil siad go rabh sé an tráthnóna agus tháini' ocras orthu. Chuaigh siad isteach anna[1] teach ag iarraidh bia agus d'ins[2] an bhean an toighe dófa nach rabh bia ar bith réidh aici a thiocfadh leis... a thiocfadh leofa a fháil.

"Pleoid... Dona go leor," arsa fear acu, arsa seisean, "agus (sin fonn nach rabh díol ar bith air) go bhfaigheadh sinn bás le hocras."

"Pleoid ortsa!" arsa an bhean an toighe. "(Dh)á labhairfeá an Ghaeilic ar tús báire gheofá bia go leor. Shíl sinne gur Albanaigh sibh."

Aistriúchán

One time there were two men and they lost sheep and they went down to Glenfinn looking for them. And they walked until it was evening and they became hungry. They went into a house looking for food and the woman of the house told them that she had no food ready that he... that they could have.

"Shame... it is bad enough," said one of them, said he, "and that is a wish that couldn't be paid (?) until we would die of the hunger."

"Shame on you!" said the woman of the house. "(If) you spoke Irish at the start you would get plenty of food. We thought that you were Scotsmen."

Fonótaí

= i(n). Cf. Art Hughes, 'Gaeilge Uladh', in Kim McCone et al., Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 611-60: 658. (Back)
= d’inis. (Back)

Tráchtaireacht

Seo scéilín gearr ina dtugann bean an tí amach do chuairteoirí a labhair Béarla cé go raibh Gaeilge acu, mar gur cheap sí gur Phrotastúnaigh (ina focail féin 'Albanaigh') a bhí iontu agus gur dhiúltaigh sí bia a thabhairt dóibh dá bhrí sin. D'fhéadfadh sé go dtugtar léiriú ann ar dhoicheall a bhí ar an scéalaí roimh Phrotastúnaigh nó roimh lucht labhartha Béarla. Ní cosúil go bhfuil aon cheangal aige le haon mhóitífeanna idirnáisiúnta béaloidis.

Tá tras-scríobh ar an mír seo leis in Heinrich Wagner agus Colm Ó Baoill, Linguistic atlas and survey of Irish dialects (4 iml., BÁC, 1958-69), iml. 4, 293.

Teideal i mBéarla: The two men who lost a sheep
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Pádraig Ó Gallchobhair as Co. Thír Eoghain
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 05-09-1931 ag 14:00:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn. Taifeadta ar 05-09-1931 ag 14:00:00 in: Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1278d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:55 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1278d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:55 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1278b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:56 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1278b1, ó cheirnín seileaic i mBéal Feirste): 00:56 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1278d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:52 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1278d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:52 nóiméad ar fad.