Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen

Taifeadtaí Fuaime de Chanúintí na Gaeilge 1928-31

Fáilte! Is é atá sa chartlann seo bailiúchán de thaifeadtaí Gaeilge a rinneadh sna blianta 1928-31. Tá scéalta, amhráin agus ábhar eile le fáil anseo ó chainteoirí dúchais Gaeilge ó 17 contae. Tá samplaí fíorluachmhara anseo de chanúintí atá imithe i léig ar fad ón uair a rinneadh na taifeadtaí. Tá taifeadadh amháin i mBéarla sa chartlann – óráid a thug Liam Mac Cosgair, an té a bhí i gceannas ar an rialtas a mhaoinigh an scéim thaifeadta i gcéaduair.

  • Is féidir brabhsáil de réir contaetha, de réir cainteoirí nó de réir theidil na dtaifeadtaí trí úsáid a bhaint as na naisc ar clé, nó trí chliceáil ar chontae ar an léarscáil.
  • Tá eolas le fáil faoi chúlra na gcainteoirí, mar aon le léarscáil Google, ach cliceáil ar ‘Cainteoirí’ ar clé.
  • Is féidir eochairfhocail a scríobh isteach sa bhosca cuardaigh ar clé freisin, m.sh. ‘Fionn’, ‘Róisín Dubh’.

Tá súil againn go mbainfidh tú pléisiúr agus tairbhe as na scéalta agus na hamhráin seo agus as glórtha na gcainteoirí. Fáiltímid roimh eolas breise faoi na cainteoirí nó faoin bhfaisnéis. Más mian leat eolas breise a sheoladh chugainn bain úsáid as an áis aiseolais ar bharr an leathanaigh.

Tionscadal de chuid Leabharlann Acadamh Ríoga na hÉireann i gcomhar le Faireachlann na nDaonnachtaí Digiteacha (www.dho.ie) is ea an chartlann ilmheán seo.