Eascaine Mhic Shuibhne - Peadar Ó Máille


Recording: [Download audio file] [Download AIFF audio file (of processed ‘user’ version)] [Download AIFF audio file (of archive version)]

Transcript

1. Bhí mé in Iorras Dún Dónaill ó thuaidh,
In Iorras Mhór agus in Iorras Bheag,
In Iorras Fhlannáin nach bhfuil cóir,
Mo chreach agus mo ghráin, atá mé anocht.

2. Anocht féin agus go brách
Nár ba fearr a bheas a sliocht,
Dream dorcha na malaí gruama,
Is olc a ngnúis agus ní maith a ndreach.

3. Dreach ba duibhe go mór ná an gual,
Dreach fuar do ghráin Dia,
Dreach nach rabh ar aingeal nó ar naomh,
Ná an té a roinneadh go cóir an bia.

4. An bia féin agus gan é a fháil le fonn
Imíonn a dhúil agus fuaraíonn a theas,
Ní mór nach bhfuilingeoinn ag goil in éag,
Shal[1] d'fhéachainn amháin a bhlas.

5. Blas bia an doichill ní fhéachfaidh mé
Go bhfosclaí cré go bhfaghad feart,
Ach nár thé siadsan choíche in éag
Gan fios mo scéil a fháil i gceart.

6. Ceart gann ar iomad fuath,
Coisne cruaidh agus breitheamh daor,
A bhí ag an dream codramánta nár shlim
Ba gainne croí an amhairc ghéir.

7. Géar-crádhadh a gcroí acu le fonn
Nár dhearc an cás a chuir mé ar sreath,
Ach fear gan teach aige féin
Is beag an scéal a chuir amach.

8. Amach an tráth do ghabhas
Sé deireadh a-... Níorbh eagal dóbh mo ghlaoch isteach,
Baile bradach an droinnín thuas
Gan tréan ná truaigh a bhaint as.

9. As ná ann nár fheice siad
Ná neach ceiliúir dhá gcomharsain,
Nár ba díth daoiní dúinne ar ár seilbh,
Ach go mba díth amhairc é dóbhsan.

10. Dóbhsan is buan mo mhallacht
Le linn síoraíocht gach aimsir,
Mar is dual dhon eascainí a fearadh,
Nuair is cruaidh casaoid le ábhar.

11. Is gurb é ábhar mo chasaoide cruaidhe
Mé bheith dho mo ruagadh ó theach go teach,
Le coim na hoíche agus mé faoi bhrón,
Agus b'éard a bhfaighinn dh'eolas a ghoil amach.

12. Amach an tráth do ghabhas sé deireadh an cuairscre mná,
"Scaoilidh tharaibh é ionann 's nach é atá ann,
Mar níl ann ach filí gan a chómheas ó Éabha anall,
Agus níor dhóiche dhó imeacht ná fanacht a'inn féin go lá."

13. An tráth a chonaic mé féin solas an lae ghil bhreá
D'éirigh m'aigneadh agus bhreathnaigh uaim go hard.
Dhá bhfuaire í an mhaidin níor theasc orm goil sa snámh,
Agus d'fhága mé mo mhallacht i mbaile na ngruamaíocht thall.

14. Thall dhá mbeadh agamsa Murchadh nó Seoirse Ward,
Gheobhfainn bia agus leabaidh agus beathuisce i gcuan an bháid,
Nó Donáll Mac Murchú nach ligfeadh an fial ar fán,
Mar bhí mise agus mé ag imeacht agus mo ruai(g) ar chách.

15. Cách ní cheilfead dá ndearnaí ariamh orm gar,
Ná an óigbhean mhilis a d'iarr orm goil isteach,
Ach an lánúin gheanúil a chaith mise oíche ina dteach,
Dia agus Muire go ligí iad féin isteach.

Footnotes

= sula. (Back)

Commentary

The poet Micheál Mac Suibhne (c.1760 - c.1820) composed this satirical comic song cursing the people of Errislannan, on the southern shore of Clifden Bay, county Galway. Mac Suibhne was born in Cong, county Mayo, but spent most of his life in Conamara. He experienced difficulties finding a welcoming host to provide him with a night's accommodation while in Errislannan. It was customary in the Irish tradition to accommodate travelling visitors and particular importance was given to wandering bards or poets as failure to do so could result in the reluctant host becoming the victim of a satirical poem. Tomás Ó Máille wrote that when Mac Suibhne eventually secured a bed for the night he was so aggrieved by the lack of hospitality shown towards him that he immediately began composing the song.

Ó Máille provides two versions of the song along with biographical details in Micheál Mac Suibhne agus filidh an tSléibhe (Dublin, 1934), 14-20. A version is also included in Mícheál and Tomás Ó Máille, Amhráin chlainne Gaedheal (Dublin, 1905). See new edition by William Mahon: Amhráin chlainne Gael (Indreabhán, 1991), 59-60. Another version of the song appears in Ríonach Ní Fhlathartaigh, Clár amhrán Bhaile na hInse (Dublin, 1976), 206. The song is also known as 'Iorras Fhlonnáin' and 'Eascaine Mhic Shuibhne ar Iorras Fhlannáin'. For additional biographical information on Mac Suibhne see Fraincín Strae, 'An file as an bhFuinnseanaigh', The Irish Press 19 June 1951, p. 2, and Máire Ní Mhurchú and Diarmuid Breathnach, Beathaithnéis 1782-1881 (Dublin, 1999), 75.

Title in English: MacSweeney's curse
Digital version published by: Doegen Records Web Project, Royal Irish Academy

Description of the Recording:

Speaker: Peadar Ó Máille from Co. Galway
Person who made the recording: Karl Tempel
Organizer and administrator of the recording scheme: The Royal Irish Academy
In collaboration with: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (now Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Recorded on 08-09-1930 at 15:30:00 in University College, Galway. Recorded on 08-09-1930 at 15:30:00 in University College, Galway.
Archive recording (ID LA_1108d1, from a shellac disk stored at the Royal Irish Academy) is 04:04 minutes long. Archive recording (ID LA_1108d1, from a shellac disk stored at the Royal Irish Academy) is 04:04 minutes long.
User recording (ID LA_1108d1, from a shellac disk stored at the Royal Irish Academy) is 04:02 minutes long. User recording (ID LA_1108d1, from a shellac disk stored at the Royal Irish Academy) is 04:02 minutes long.