Mac Amhlaoibh, Brian

Grianghraif

Brian Mac Amhlaoibh (Cnuasach Leabharlann Acadamh Ríoga na
                  hÉireann)
Brian Mac Amhlaoibh (Cnuasach Leabharlann Acadamh Ríoga na hÉireann)

Nóta beathaisnéise

Mac Amhlaoibh (McAuley, McAulay), Brian (Barney Bhriain, The 'Bhréin') (1850-1941): I mBaile Éamoinn, contae Aontroma, a rugadh é i mí an Mheithimh 1850. Brian Mac Amhlaoibh ab ainm dá athair freisin. Bhog sé go Gleann Aireamh sula raibh sé sé bliana d'aois, agus is ansin a chuaigh sé ar scoil. Feirmeoir ab ea é ach chaith sé aon bhliain déag ag obair mar mhairnéalach sa loingeas trádála. Phós sé Elizabeth Black ó Legdrina (Lag Droighneach?) ar 30 Samhain 1886. Is cosúil go raibh triúr mac acu, Pádraig, Séamas agus Dónall, agus bhí aithne orthusan mar Ghaeilgeoirí chomh maith. Fuair Brian bás in Clonreagh (Cluain Riabhach?), Gleann Aireamh, ar an 8 Márta 1941, agus tá sé curtha i nGleann Aireamh. Don ábhar béaloidis a bailíodh uaidh féach, mar shampla, Seosamh Watson, 'Séamus Ó Duilearga's Antrim Notebooks – I: Texts', Zeitschrift fuer celtische Philologie 40 (1984), 74-117, agus Seosamh Watson, 'Séamus Ó Duilearga's Co. Antrim Notebooks', Éigse 20 (1984), 187-211. Tá cuid mhór eolais faoi Bhrian Mac Amhlaoibh agus faoina mhuintir uilig cruinnithe ag an Dr Ciarán Ó Duibhín ar http://www.smo.uhi.ac.uk/~oduibhin/doegen/. Gheofar tagairtí breise ansin freisin maidir leis an ábhar béaloidis a bailíodh uaidh.

Foirm Eolais Phearsanta ('Personalbogen')

Personalbogen Personalbogen Personalbogen Personalbogen Personalbogen Personalbogen

Comhlánaíodh foirm eolais phearsanta (‘Personalbogen’) do gach cainteoir ag seisiúin taifeadta Scéim Doegen 1928-31. Is as na foirmeacha sin go príomha atá an t-eolas seo thíos bainte.

GnéasFireann
Foirm(eacha) Personalbogen a bhaineann leis an gcainteoir seo (Tagairt Leabharlann an RIA)Doegen P-B/62, Doegen P-B/64, Doegen P-B/65
Ceirníní a bhaineann leis an gcainteoir seoLA 1202 I, LA 1203, LA 1204
Teidil na rianta a bhaineann leis an gcainteoir seoAn mac scaiptheach - Brian Mac Amhlaoibh
Oisín i ndiaidh na Féinne - Brian Mac Amhlaoibh
Cogadh na ngaiscíoch (cuid 1) - Brian Mac Amhlaoibh
Cogadh na ngaiscíoch (cuid 2) - Brian Mac Amhlaoibh
Rian(ta) a bhaineann leis an gcainteoir seo (Leagan Úsáideora)LA_1202d1, LA_1203d1, LA_1203d2, LA_1204d1
Céadainm (Canónta)Brian
Sloinne (Canónta)Mac Amhlaoibh
Leagan(acha) eile den chéadainmBernard (Senior)
Leagan(acha) eile den sloinne
  • Mhac Amhlaoibh
  • McAuley
Contae dúchaisCo. Aontroma
SeoladhCluain Riabhach (?), Gleann Aireamh, Co. Aontroma
Aois81
Dáta breithe1850-06
Áit bhreitheBallyeman (?), Bun Abhann Dalla, Co. Aontroma
Baile mór is gaire don áit bhreitheAn Baile Meánach, Co. Aontroma
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 0-6Ballyeman (?), Co. Aontroma; Gleann Aireamh, Co. Aontroma
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 7-20Gleann Aireamh, Co. Aontroma
Áit(eanna) ina raibh cónaí air/uirthi ó aois 20Gleann Aireamh, Co. Aontroma
OideachasBunscoil, Gleann Aireamh, Co. Aontroma
Áit dúchais an atharGleann Aireamh, Co. Aontroma
Áit dúchais na mátharGleann Aireamh, Co. Aontroma
Slí bheatha an atharFeirmeoir
NáisiúntachtÉireannach
MáthairtheangaGaeilge agus Béarla
Teangacha eile seachas an GhaeilgeBéarla
In ann léamh?Tá (Béarla)
In ann scríobh?Tá (Béarla)
In ann uirlis cheoil a sheinnt?Níl
In ann ceol de chineál nua-aimseartha Eorpach a chanadh/sheinnt?Níl
ReiligiúnCaitliceach
Slí bheathaFeirmeoir
Ainmneacha ar an bhfoirm (e.g. baill d'fhochoiste an RIA)Myles Dillon, M.A. O'Brien
Ráitis mar gheall ar urlabhra an chainteora srl."Strong voice and fairly clear, but uneven." (Myles Dillon)