Róisín Dubh - Seán Ó Droma
Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime]
[Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)]
[Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]
Tras-scríbhinn
A Róisín, ná bíodh brón ort ná cás anois,
Tá do phardún ón Róimh is ón bPápa agat,
Thá na bráithre ag teacht thar sáile is ag triall thar muir,
Is ní ceilfear fíon Spáinneach ar mo Róisín Dubh.
Tá grá agam im lár duit le bliain anois,
Grá cráite, grá cásmhar, grá ciapaithe,
Grá do dh'fhág mé gan sláinte, gan rian, gan rioth,
Is go brách brách gan aon fháil agam ar mo Róisín Dubh.
Beidh an fharraige 'na tuilte dearga is an spéir 'na fuil,
Beidh gach gleann sléibhe ar fuaid Éireann is móinte ar crioth,
Beidh an saol 'na cogadh caorach dhe dhroim na gcnoc,
Lá éigin sula n-éagfaidh mo Róisín Dubh.
Aistriúchán
Róisín, don't be filled with sorrow or regret,
You have your pardon from Rome and from the Pope,
The brethren are crossing the sea and journeying the ocean,
And Spanish wine will not be denied to my Dark Róisín.
I have love in my heart for you for the past year,
An aching love, a regretful love, a suffering love,
A love that has sapped my health and vigour,
And I am for ever and ever without my Dark Róisín.
The sea will flood red and the sky will be like blood,
Every mountain glen and moor in Ireland will shake,
The world will be at blazing war from the mountainsides,
Someday before my Dark Róisín dies.
Tráchtaireacht
D'fhéadfaí a áitiú gurb é 'Róisín Dubh' an t-amhrán Gaeilge is mó a bhfuil gean an phobail air. Faoi mar a scríobh George Petrie (1790-1866): "In the entire range of Irish melodies there is perhaps scarcely one of more widely spread popularity amongst the Irish peasantry than the air called 'Róis Geal Dubh', and sometimes 'Róisín Dubh'". Féach The Petrie collection of the ancient music of Ireland (BÁC, 1855), 125-8. Ghearán an scoláire Gaeilge Eoghan Ó Comhraí, fear a raibh Petrie faoina chomaoin sa phlé a rinne sé ar an amhrán, go raibh na leaganacha den amhrán a d'fhoilsigh James Clarence Mangan in John O'Daly, Poets and poetry of Munster (BÁC, 1849), 257, 261, agus James Hardiman in Irish minstrelsy (London, 1831), 351, 'equally corrupted by interpolations from other songs, with a view to give them a political bearing, and to convert poor Róisín Dubh into an allegorical personification of unhappy Ireland in the reign of Elizabeth.' Murab ionann agus na leaganacha sin, is cosúil go bhfuil an leagan a d'fhoilsigh Petrie gan tagairtí fáthchiallacha agus seans, dá bhrí sin, go bhfuil sé níos gaire don bhunamhrán grá.
Tá go leor leaganacha den amhrán seo le fáil ar fud na hÉireann agus cantar é le foinn éagsúla. D'fhoilsigh Edward Bunting (1773-1843) dhá chóiriú den fhonn in The ancient music of Ireland (London, 1840), 16-17. Is é an fonn a úsáideann Sean Ó Droma sa taifeadadh seo an leagan de 'Róisín Dubh' is mó a aithnítear go coitianta agus is mó a bhfuil gean ag an bpobal air, ós é sin an leagan a chuir Seán Ó Riada in oiriúint do scannán George Morrison Mise Éire (Gael-Linn, 1959).
Teideal i mBéarla: Dark-haired Róisín
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na
hÉireann
Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir:
Seán
Ó Droma as Co. Phort
Láirge
Duine a rinne an taifeadadh:
Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv,
Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 05-09-1928 ag 11:45:00 in:
Seomra na Gearmáinise, Coláiste na hOllscoile,
Corcaigh. Taifeadta ar 05-09-1928 ag 11:45:00 in:
Seomra na Gearmáinise, Coláiste na hOllscoile,
Corcaigh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1047d1, ó cheirnín
seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:25
nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1047d1, ó cheirnín
seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:25
nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1047d1, ó cheirnín
seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:22
nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1047d1, ó cheirnín
seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:22
nóiméad ar fad.