Eolas Faoin gCartlann Seo
Cérbh é Doegen?
An Dr Wilhelm Doegen (1877-1967). © Humboldt-Univ., Berlin
Bhí an Dr Wilhelm Doegen (1877-1967) ina Stiúrthóir ar an Rannóg Fuaime i Státleabharlann na Prúise (Lautabteilung, Preussische Staatsbibliothek) i mBeirlín. Bhí taifeadtaí déanta ag Doegen le Cuideachta Taifeadta Odean i mBeirlín (1909-14) chun teangacha iasachta a mhúineadh in Ardscoil Borsig, áit a raibh sé fostaithe mar mhúinteoir. Le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda, thug sé cuairt ar 70 campa géibhinn, áit ar thaifead sé breis is 250 teanga agus canúint, mar aon le samplaí de cheol traidisiúnta. D’aithris na príosúnaigh chogaidh Parabal an Mhic Dhrabhlásaigh ina dteangacha agus ina gcanúintí féin ar mhaithe le taighde comparáideach. Rinneadh an obair seo thar ceann Choimisiún Fónagrafach Ríoga na Prúise (Phonographisches Kommission) agus táirgeadh 1,650 ceirnín seileaic ar fad. Breacadh síos Personalbogen (eolas pearsanta) ar gach cainteoir agus glacadh grianghraif freisin. Tá na taifeadtaí, Personalbogen agus c. 50 íomhá ar marthain agus á gcoiméad in Ollscoil Humboldt i mBeirlín (Humboldt-Universität zu Berlin). Tá cúig thaifead is tríocha de chainteoirí Gaeilge ina chuid den bhailiúchán seo. Tá cóipeanna díobh seo le fáil i leabharlann na Breataine mar aon le taifeadtaí de dhaoine eile a rinne seirbhís in Arm na Breataine, 1914-18.
Bundúchasach Meiriceánach á thaifeadadh ag an Dr Wilhelm Doegen. © Humboldt-Univ., Helmhöltz-Zentrum für Kulturtechnik
An Dr Doegen i mbun taifeadta ag campa géibhinn le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda. © Humboldt-Univ., Berlin
Bhunaigh Doegen an Lautarchiv (atá anois ina chuid d’Ollscoil Humboldt, Beirlín) sa bhliain 1920 agus le linn na 1920í lean sé ar aghaidh ag déanamh taifeadta ar chainteoirí, go háirithe i Sasana agus sa Fhrainc. Sa bhliain 1932 bhí sé ina chathaoirleach ar an Arbeitsgemeinschaft für englisch-amerikanische Arbeitskunde. Bhí sé ina bhall den Gesellschaft für neuere Sprachen, den Deutschen Gesellschaft der Anthropologie, Ethnologie un Urgeschichte, agus den Chumann Idirnáisiúnta Foghraíochta. Briseadh Doegen as a phost i mí na Bealtaine 1933 mar thoradh ar an bhfrith-Sheimíteachas. Tar éis an Dara Cogadh Domhanda fuair sé post mar léachtóir Béarla i mBeirlín (1947-61). Tá fáil ar bhailiúchán cuimsitheach d’fhoilseacháin le Doegen agus faoi Doegen, ach cuardach a dhéanamh ar Wilhelm Doegen ar shuíomh gréasáin an Deutsche National Bibliothek – http://www.dnb.de/EN/Home/home_node.html
Cén fáth ar tháinig Doegen go hÉirinn?
Sa bhliain 1926 rinne Rialtas na hÉireann cinneadh go n-iarrfaí ar an Dr Doegen taifeadtaí a dhéanamh de chainteoirí Gaeilge ón nGaeltacht agus ó cheantair eile den tír a raibh cainteoirí dúchais Gaeilge fós le fáil iontu. D’iarr an Roinn Oideachais ar Acadamh Ríoga na hÉireann an scéim a eagrú agus chuaigh Coiste Léann na Gaeilge san Acadamh i mbun na hoibre. Bhí Myles Dillon ina Rúnaí ar choiste Léann na Gaeilge le linn an chuid ba mhó d’obair an tsuirbhé. Roghnaíodh cainteoirí oiriúnacha agus rinneadh na socruithe cuí chun go bhféadfaí iad a thaifeadadh.
Cathain a rinneadh na taifeadtaí?
Tháinig an Dr Doegen go hÉirinn in éineacht lena chúntóir, Karl Tempel, i mí Mheán Fómhair 1928. Chaith an bheirt fhear coicís i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, ag taifeadadh cainteoirí ó chontaetha Phort Láirge agus Thiobraid Árann agus ó oirthear Chorcaí. Chaith siad an tseachtain dar gcionn i gClochar na Trócaire, Cill Airne, ag taifeadadh cainteoirí ó Chiarraí agus ó iarthar Chorcaí. Is é an tUasal Tempel a rinne an taifeadadh sna cúigí eile nuair a d’fhill sé i 1930 agus i 1931. Reachtáladh na seisiúin taifeadta seo sna hionaid seo a leanas:
- Coláiste na hOllscoile, Gaillimh (Ollscoil na hÉireann, Gaillimh anois) i mí Mheán Fómhair 1930 (cainteoirí as Gaillimh, Maigh Eo, an Clár, Sligeach, Ros Comáin agus Liatroim)
- Ollscoil na Ríona, Béal Feirste, i mí Mheán Fómhair 1931 (cainteoirí as Aontroim, Doire, oirthear Thír Eoghain, Ard Mhacha, an Cabhán agus Lú)
- Teach na Cúirte i Leitir Ceanainn i mí Dheireadh Fómhair 1931 (cainteoirí as Dún na nGall agus iarthar Thír Eoghain).
Chuir Coiste Léann na Gaeilge tuarascálacha bliantúla ar fáil do Chomhairle an Acadaimh maidir le dul chun cinn an tSuirbhé ar na Canúintí le linn dó a bheith á reachtáil. Foilsíodh iad seo mar aguisíní leis na hAchoimrí ar Mhiontuairiscí Imeachtaí Acadamh Ríoga na hÉireann agus is féidir iad a rochtain anseo i bhfoirm pdf.
Conas a rinneadh na taifeadtaí?
Tugadh na cainteoirí go dtí ionad taifeadta, áit a rabhthas ag súil go n-aithriseoidís amhrán, scéal, leagan de Pharabal an Mhic Dhrabhlásaigh (bunaithe ar leagan a tugadh dóibh roimh ré), paidir, laethanta na seachtaine nó sraith uimhreacha. Is ar mhaitrísí céarach a bhí na fuaimrianta taifeadta ar dtús. Tugadh na maitrísí seo go Beirlín, áit a ndearnadh ceirníní seileaic astu.
Ceirníní Doegen i Leabharlann Acadamh Ríoga na hÉireann. © Leabharlann Acadamh Ríoga na hÉireann.
Cén t-ábhar a taifeadadh?
William Thomas Cosgrave. Tá beagnach 400 fuaimrian ar fad ar an 212 ceirnín atá sa bhailiúchán. Orthu seo tá scéalta béaloidis, leaganacha de Pharabal an Mhic Dhrabhlásaigh, amhráin (á gcanadh agus á reic), paidreacha agus ábhar eile ar nós uimhreacha nó laethanta na seachtaine á rá. Ina theannta sin, tá rian amháin sa bhailiúchán as Béarla – taifeadadh a rinne Liam T. Mac Cosgair (1880-1965), an té a bhí i gceannas ar an rialtas a chuir tús le scéim Doegen sa bhliain 1926. Is é atá ar an rian seo ná óráid ghearr a thaifead sé le linn do na cainteoirí as oirthear na Mumhan a bheith á dtaifeadadh i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, i 1928.
Brian Mac Amhlaoibh (1850-1941), Geann Aireamh, contae Aontroma. ©Leabarlann Acadamh Ríoga na hÉireann.
Tomás Mac Con Iomaire (chun tosaigh, dara duine ó chlé; le caoinchead Chnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, BÁC)
An bhfuil ábhar forlíontach ann?
Tá. Chomh maith leis an ábhar fuaime, tá eolas tábhachtach ar fáil maidir leis na cainteoirí. Ag gach seisiún taifeadta líon an Dr Doegen, nó ball de Choiste an Acadaimh, ceistneoir. Bhí na foirmeacha seo, a dtugtar Personalbogen orthu, in úsáid ag Doegen freisin le linn dó a bheith ag bailiú ábhair i dtíortha eile, agus is i nGearmáinis a bhí na ceisteanna clóbhuailte. Bailíodh faisnéis thábhachtach ar na foirmeacha seo: dáta breithe, áit dúchais, seoltaí ag staideanna éagsúla saoil, áit dúchais na dtuismitheoirí, leibhéal oideachais, slí bheatha, slí bheatha an athar, leibhéal litearthachta, cumas i dteangacha eile, cumas sa cheol, agus reiligiún. Ar roinnt de na foirmeacha rinneadh trácht ar cháilíocht ghutha nó urlabhra an chainteora. Tá an fhaisnéis ar na foirmeacha seo curtha ar fáil anois mar dhlúthchuid den chartlann leictreonach seo.
Samplaí d'fhoirmeacha Personalbogen. Le caoinchead Leabharlann Acadamh Ríoga na hÉireann.
Tá ábhar eile fós a ghabhann leis an mbailiúchán fuaime. Mar chuid den scéim bhunaidh rinneadh méid áirithe de na taifeadtaí a thrascríobh agus a aistriú go Béarla. Ceadaíodh an t-ábhar seo ar fad sular tugadh faoi thrascríobh agus aistriúcháin nua a chur ar fáil mar chuid den acmhainn leictreonach seo.
Na bunchóipeanna de na taifeadtaí
Faoi dheireadh na scéime bhí 216 maitrís chéarach déanta. Briseadh ceithre cinn acu seo, faraor, nuair a bhí siad á dtabhairt go Beirlín agus, mar sin, tá 212 ceirnín seileaic sa bhailiúchán. Nuair a táirgeadh na ceirníní cuireadh cóip iomlán den chnuasach i dtaisce in Acadamh Ríoga na hÉireann. Rinneadh cóip iomlán eile a roinnt de réir cúige idir Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, Coláiste na hOllscoile, Gaillimh, agus Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Coimeádadh cóip iomlán i mBeirlín freisin.
Leaganacha dlúthdhiosca de na taifeadtaí sna 1990í
I lár na 1990í aistríodh taifeadtaí chúige Uladh (ceirníní an Acadaimh agus ceirníní Ollscoil na Ríona) go dlúthdhiosca faoi scéim a mhaoinigh Ollscoil na Ríona. I 1999 shocraigh Leabharlann an Acadaimh go n-aistreofaí taifeadtaí na Mumhan agus Chonnacht go dlúthdhiosca freisin. Le cúnamh deontais ón gComhairle Oidhreachta, choimisiúnaigh Leabharlann an Acadaimh an tUasal Ted Kendall, Gladestry, Herefordshire, a bhí tar éis ceirníní chúige Uladh a dhigitiú, chun na taifeadtaí ón dá chúige eile a aistriú chomh maith.
Sular cuireadh na ceirníní go Sasana seiceáladh iad agus tugadh faoi deara go raibh cuid chúige Chonnacht de chóip an Acadaimh easnamhach. Tháinig Roinn na Sean-Ghaeilge agus Leabharlann Shéamais Uí Argadáin in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, i gcabhair ar an Acadamh agus cuireadh na ceirníní Connachtacha go léir a bhí in OÉG ar fáil don Acadamh. Dá bharr sin, bhí an tUasal Kendall in ann ceirníní na Gaillimhe a úsáid aon áit a raibh bearna i gcóip an Acadaimh. Ní hamháin sin, ach bhíothas in ann ceirníní na Gaillimhe a úsáid in áiteanna a raibh caighdeán níos fearr fuaime le fáil orthu. Rinneadh leaganacha cartlainne de na fuaimrianta loma ar dhlúthdhioscaí órga do Leabharlann an Acadaimh. Chomh maith leis sin, táirgeadh 'leaganacha don úsáideoir', is é sin leaganacha ar a ndearnadh an fhuaim a phróiseáil ar mhaithe le gnáthúsáid ó lá go lá. Coinníodh cóip den leagan seo den bhailiúchán san Acadamh agus dáileadh cóipeanna freisin ar ollscoileanna agus eagrais eile.
An Tionscadal a mhaoinigh an tÚdarás um Ard-Oideachas in 2007
Sa bhliain 2007, mar chuid den chuibhreannas Humanities Serving Irish Society (HSIS), bronnadh maoiniú ar an Acadamh faoi shraith 4 den Chlár um Thaighde in Institiúidí Tríú Leibhéal (PRTLI) chun go bhfoilseofaí bailiúchán iomlán Doegen ar an nGréasán. Chuathas i mbun oibre ar an tionscadal seo in 2008. Ba í Siobhán Fitzpatrick, Leabharlannaí an Acadaimh, bainisteoir an tionscadail. Bhí an Dr Eoghan Ó Raghallaigh ina thaighdeoir iardhochtúireachta agus bhí an tOllamh Ruairí Ó hUiginn, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, ina chomhpháirtí acadúil ag an tionscadal. Ina theannta sin, bhí dlúthchomhpháirtíocht ann ón tús idir an tionscadal agus Faireachlann na nDaonnachtaí Digiteacha (DHO).
Tá digitiú déanta again anois ar na buncheirníní seileaic, tá trascríbhinní, aistriúcháin agus nótaí curtha againn leis na taifeadtaí, agus tá eolas curtha ar fáil againn faoi na daoine a taifeadadh mar aon le grianghraif díobh nuair ab fhéidir linn a leithéid a aimsiú. Tá sé mar aidhm againn an chuid thábhachtach seo d’oidhreacht chultúrtha na hÉireann a roinnt leis an bpobal mór. Tá súil againn go mbainfidh réimse leathan daoine leas as an suíomh – teangeolaithe, béaloideasóirí, staraithe, oideachasóirí, ceoleolaithe, lucht taighde ar an nginealas, pobail áitiúla agus an pobal mór i gcoitinne. Ós rud é go bhfuil an t-ábhar á chur i dtaisclann leictreonach táimid ag cur le caomhnú na mbuncheirníní seileaic mar gur beag an gá a bheidh lena gcasadh nó a láimhseáil feasta.
Córas aitheantais na bhfuaimrianta
Sa ‘chur síos ar an taifeadadh’ atá ag bun an leathanaigh a ghabhann le gach rian sa chartlann seo baintear úsáid as córas aitheantais atá mínithe anseo thíos. Is iad seo a leanas na sraithuimhreacha atá ag na buncheirníní seileaic:
- LA 1031 – LA 1092 (Cúige Mumhan)
- LA 1103 – LA 1177 (Cúige Chonnacht)
- LA 1201 – LA 1281 (Cúige Uladh)
Nuair a rinneadh digitiú ar na ceirníní, rinneadh rian digiteach ar leith de gach rian ar leith atá ar na ceirníní. Leanadh leis an gcóras seo sa chartlann ar líne. San uimhir aitheantais a ghabhann le gach rian digiteach tá na nithe seo a leanas:
- sraithuimhir bhunaidh an cheirnín seileaic,
- litir a thugann le fios cén chóip den bhailiúchán lena mbaineann an diosca a ndearnadh digitiú air (d = cóip Acadamh Ríoga na hÉireann den bhailiúchán; b = cóip Ollscoil na Banríona den bhailiúchán; g = cóip OÉ Gaillimh den bhailiúchán), agus
- uimhir a thagraíonn go seicheamhach don rian ar leith ar an diosca.
Dá bhrí sin, is é LA_1107d1 an leagan digiteach den chéad rian ar chóip an Acadaimh den cheirnín LA 1107, agus is é LA_1173g2 an leagan digiteach den dara rian ar chóip OÉ Gaillimh den cheirnín LA 1173.
Tugtar faoi deara go bhfuil an Dara Taifeadadh Cartlainne ann i gcás cuid de na rianta sa chartlann seo. Tá sé seo i gceist i gcás thaifeadtaí uile Chúige Uladh, cúige dá ndearnadh digitiú ar cheirníní Acadamh Ríoga na hÉireann agus ar cheirníní Ollscoil na Banríona araon. Tá an Dara Taifeadadh Cartlainne i gceist freisin i gcás roinnt de thaifeadtaí Chúige Chonnacht, toisc go raibh cóipeanna breise de roinnt ceirníní in Acadamh Ríoga na hÉireann. Baineadh úsáid as an gcód ‘dd’ le haghaidh na gcóipeanna seo. Ar an ábhar sin, tagraíonn LA_1161dd1 don chéad rian a tógadh ón dara cóip de cheirnín LA 1161 atá i seilbh Acadamh Ríoga na hÉireann. Tugtar faoi deara freisin i gcás roinnt de leaganacha cartlainne Chúige Mumhan, go bhfuil codanna fabhtacha de na taifeadtaí athdhigitithe faoi pharaiméadair dhifriúla. Tá na codanna seo le fáil ag deireadh an riain i gcásanna dá leithéid. Faoi mar a luadh thuas, má bhí bearnaí i gcóip an Acadaimh den chnuasach baineadh úsáid as ceirníní ó chóip OÉ Gaillimh den chnuasach. I gcás LA 1147, áfach, bhí an ceirnín ar iarraidh ón Acadamh agus ó Ghaillimh araon. Líonadh an bhearna seo le leagan MP3 den taifeadadh a fuarthas ó chóip Bheirlín den chnuasach.
Cén fáth a bhfuil formáidí difriúla de na taifeadtaí digiteacha ann?
Tá na taifeadtaí curtha ar fáil againn i bhformáidí digiteacha éagsúla chun freastal ar na riachtanais éagsúla a bhíonn ag úsáideoirí. Is féidir cóipeanna cartlainne (féach thuas) a íoslódáil i bhformáid AIFF. Is féidir cóipeanna don úsáideoir a íoslódáil i bhformáid AIFF agus i bhformáid MP3, agus is féidir iad a chasadh ar sheinnteoir fuaime le Flash ar an suíomh gréasáin féin.
Cé hé fear an hata?
Is é Brian Mac Amhlaoibh an fear atá le feiceáil ar mheirge an tsuímh. Rugadh an tUasal Mac Amhlaoibh i mBaile Éamoinn, contae Aontroma, in 1850 agus bhásaigh sé i nGleann Aireamh, contae Aontroma, i 1940. Is féidir níos mó sonraí a fháil faoin gcainteoir seo ach cliceáil ar:
http://doegen.ie/ga/node/2276