Bean an Chárthaigh - Mícheál Turraoin
Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime]
[Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)]
[Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]
Tras-scríbhinn
Bean í seo nár thug aon iasacht d'éinne riamh a dh'iarr aon rud uirthi. Agus an fear a bhí lena hais, bhriseadh é agus dh'imigh sé, agus tháinig duine eile agus thóg sé an áit. Agus bhí sé ag bualadh ar an eathla lá agus ní raibh aon mhála aige a chuirfeadh sé ar bhéal na meaisíne. Agus dúirt sé leis an mbuachaill dul fé dhéin tamall do mhála ar Bhean Uí Chárthaigh. Agus dúirt an buachaill leis ná raghadh mar nár thug sí aon rud d'éinne riamh a dh'iarradh uirthi.
Nach[1] chuaigh sé féin fé dhéin an mhála. Agus nuair a chuaigh sé ' dtí an doras bhí sí istigh ina (seasamh) sa chistin. Agus shid[2] é mar a dúirt sé:
"Mór agus Muire dhuit, a mháthair na gCárthach,
A bhean bheag shoineanta (shiosmaire) shásta;
Is fear bocht dealbh mé go bhfuil capaill ar pá agam;
Agus tabhair don teachtaire tamall do mhála;
Briseadh ná brú ní bhainfidh dod mhála;
Cuirfidh mé tuí agus aiteann idir[3] é (is an
lámh so)
Agus beidh sé sa mbaile chughat an t-am so amáireach."
"Geobhair é sin agus fáilthe."
Aistriúchán
This was a woman who never loaned anything to anyone who asked anything of her. And the man who lived beside her, he was evicted (?) and he left, and another person came and took the holding. And he was thrashing in the haggard one day and he did not have a sack to put on the opening of the machine. And he told the boy to go to Mrs Carty to ask for a loan of a sack. And the boy told him that he would not as she never gave anything to anyone who asked of her.
But he went himself to ask for the sack. And when he went to the door she was inside standing (?) in the kitchen. And this is how he spoke:
"Good day to you, mother of the Cartys,
O pleasant (...) happy little woman;
I am a poor destitute man who has hired horses;
And give to the messenger a loan of a sack;
Your sack will not be torn or crushed;
I will put hay and furze between it and this hand (?)
And you will have it back this time tomorrow."
"You are welcome to it."
Fonótaí
= ach. (Back)= sid, siod. Féach Seán Ua Súilleabháin, 'Gaeilge na Mumhan', in Kim McCone et al. (eag.), Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 479-538: 501. (Back)
Leg. ideir? Cf. Seán Ua Súilleabháin, op. cit., 507. (Back)
Tráchtaireacht
Scéilín é seo de shaghas atá coitianta sa bhéaloideas a bhaineann le filí. Bhí stádas ard ag na filí fadó riamh, agus mhair an meas mór a bhí ar an bhfilíocht ar feadh i bhfad tar éis mheath réimeas na mbard ag deireadh na Meánaoise. Tá neart scéalta béaloidis ann faoi fhilí agus faoin éifeacht atá ag a gcuid filíochta. Féach Dáithí Ó hÓgáin, The lore of Ireland (Corcaigh, 2006), 426-30.
Sa scéal áirithe seo, cuireann dán molta faoi deara do bhean sprionlaithe a bheith flaithiúil. Seans go bhfuil gaol scaoilte aige le móitíf atá ársa go maith in Éirinn, P427.7.8 Poet rewarded for poem, cé gur caolchúiseach an gaol é. Féach Tom Peete Cross, Motif-index of early Irish literature (Bloomington, Ind., 1952). Sa mhóitíf luath, bronnann banríon duais ar fhile as dán molta a chumadh, agus tá an mhóitíf le fáil ar dtús i dtéacs ón tríú haois déag faoin bpearsa Fergus mac Léti. Féach Standish H. O'Grady, Silva Gadelica (2 iml., Londain, 1892), iml. 2, 269–85.
Ní miste féachaint ar an leagan cainte a úsáideann an fear sa scéal chun beannú do Bhean an Chárthaigh. Deir sé 'Mór agus Muire dhuit', leagan atá sách coitianta sa Ghaeilge. Is í Muire, máthair Íosa, atá i gceist le Muire anseo. Tá sé níos deacra an chéad fhocal a mhíniú áfach. Uaireanta deirtear Mór, agus uaireanta eile deirtear Móra. Dar le Tomás Ó Máille, is ón bhfocal Béarla 'morrow' a thagann sé, faoi mar atá sa leagan 'good morrow'. Féach Tomás Ó Máille, An Béal Beo (BÁC, 1936; 3ú heag., BÁC, 2002), 2. Dar le daoine eile, ainm baineann is ea Mór, agus is féidir an fhoirm Morina a úsáid mar leagan Laidinithe, agus Martha nó Mary a úsáid mar leagan Béarlaithe. Féach Donnchadh Ó Corráin agus Fidelma Maguire, Irish names (BÁC, 1981), 139. Is dócha go bhfuil bunús an ainm le fáil sa phearsa miotaseolaíoch Mór, atá le fáil sa bhéaloideas agus i litríocht na Meánaoise, go háirithe in ábhar a bhaineann le cúige Mumhan. Tá lorg Mhór na miotaseolaíochta le fáil sa dinnseanchas agus i leaganacha cainte áirithe Gaeilge, agus seans, mar sin, go bhfuil an Mhór chéanna seo i gceist go bunúsach sa bheannacht a thugann an fear sa chéad líne dá dhán. Féach Dáithí Ó hÓgáin, op. cit., 359.
Tá an rian seo trascríofa in Máirtín Verling, Leabhar Mhaidhc Dháith (An Daingean, 2007), 501. Tá leagan eile den scéal, a tógadh ón bhfear céanna sa bhliain 1948, le fáil ibid., 391.
Teideal i mBéarla: Carty's wife
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na
hÉireann
Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir:
Mícheál
Turraoin as Co. Phort
Láirge
Duine a rinne an taifeadadh:
Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv,
Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 05-09-1928 ag 13:10:00 in:
Seomra na Gearmáinise, Coláiste na hOllscoile,
Corcaigh. Taifeadta ar 05-09-1928 ag 13:10:00 in:
Seomra na Gearmáinise, Coláiste na hOllscoile,
Corcaigh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1051d2, ó cheirnín
seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:06
nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1051d2, ó cheirnín
seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:06
nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1051d2, ó cheirnín
seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:03
nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1051d2, ó cheirnín
seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:03
nóiméad ar fad.