An bhean phósta - Mícheál Turraoin


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Ar maidin sa dónaing nuair a dh'osclaíos-sa mo shúile
Agus dh'fhéach mé go dubhachmhar amach ar an spéir
Chuimhnigh mé go brónach ar an saol a bhí romhamsa,
Ná beadh éinne in mo chúram nach[1] ainnise an tsaoil.

Giobal ná fáithim[2] ní raibh ar sileadh lem chnámhanna
Ó chuir mé ort an fáinne istigh sa séipéal;
Bhí mo bhróga go galánta agus mo cheirte[3] go sásta,
Ní náir dom é a rá[4] leat i láthair an tsaoil.

Mo chreach is mo chráiteacht! Is mór an tsannseáil[5] dom
Tú bheith 'om dh'fhágaint amáireach ag dul ' dtí ard an tséipéil;
Nuair a chasfadsa, a ghrá ghil, abhaile ar mo gharlaigh
Is dubhach is is cráite é mo scéal,
Féachaint ar mo gharlaigh ag tabhairt a n-aghaidh ar gach áit uaim
Ar nós éanlach[6] an aeir.

Aistriúchán

When I opened my eyes this morning at daybreak
And I sorrowfully looked out at the sky
I thought with sadness about the life ahead of me,
With nothing to concern me but the misery of life.

I have worn no raggy or shabby clothes
Since I placed the ring on you in the church;
My shoes were stylish and my clothes refined,
I am proud to say it to you in the presence of all.

My ruin and sorrow! What a change it is for me
Having you leave me tomorrow and going to the church hill (?);
When I return, my darling, home to my children
Dark and sorrowful is my plight,
Looking at my children scattering to all directions from me,
Like the birds of the sky.

Fonótaí

= ach; cf. Risteard B. Breatnach, Seana-chaint na nDéise II (Dublin, 1961), 306. (Back)
'Crease'? Cf. Risteard B. Breatnach, op. cit., 177. (Back)
'Éadach'. Cf. Risteard B. Breatnach, op. cit., 87. (Back)
Leg. reá? Cf. Seán Ua Súilleabháin, 'Gaeilge na Mumhan', in Kim McCone et al. (eag.), Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 529. (Back)
= an tsóinseáil. Cf. Risteard B. Breatnach, op. cit., 340. (Back)
= éanlaith. Cf. Máirtín Verling, Leabhar Mhaidhc Dháith (An Daingean, 2007), 655. (Back)

Tráchtaireacht

Cé nach bhfuil aon réamhrá leis an dán seo tá dhá insint eile de, faoin teideal Ar maidin sa dúnaing, i gcló in Máirtín Verling, Leabhar Mhaidhc Dháith (An Daingean, 2007), 378 agus 492-3, agus soláthraítear comhthéacs ansin. Mínítear gur dán é seo a aithrisíonn fear os cionn chorp a mhná céile ar maidin tar éis a tórraimh. Sa mhéid sin, is cuid de thraidisiún an chaointe é, is é sin, caoineachán deasghnách fileata os cionn corp duine a fuair bás. Cé go gcumtaí cuid mhaith acu seo gan ullmhú agus de réir foirmlí, tá an chosúlacht ar an téacs seo gur gnáthchumadóireacht atá ann. Go deimhin, seans gur déantús de chuid an fhaisnéiseora seo é. Féach Risteard B. Breatnach, Seana-chaint na nDéise II (BÁC, 1962), 177n. Le haghaidh breis eolais go ginearálta, féach Patricia Lysaght, 'Caoineadh os cionn coirp: the lament for the dead in Ireland', Folklore 108 (1997), 65-82.

Teideal i mBéarla: The married woman
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Mícheál Turraoin as Co. Phort Láirge
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 05-09-1928 ag 13:10:00 in: Seomra na Gearmáinise, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Taifeadta ar 05-09-1928 ag 13:10:00 in: Seomra na Gearmáinise, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1051d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:57 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1051d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:57 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1051d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:53 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1051d3, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:53 nóiméad ar fad.