Bean an doichill - Mícheál Turraoin


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Bean í seo nár thug cuireadh bídh dho éinne riamh a tháinig ' dtí í. Ach tháinig duine ana-mhuinteartha isteach go dtí í an lá so. Agus ba dheacair léithe gan é a chur féna bhráid i slí éigin. Agus shid é mar a dúirt sí:

"Tair ag ithe
Maran dh'ithis
Ar ndóigh dh'ithis
Mar a dh'ith gach éinne ach sinn-na."

Aistriúchán

This was a woman who never extended an invitation to eat to anyone who came to her. But a very polite person came to her this day. And she found it difficult not to offer it to him in some way. And this is what she said:

Come and eat
If you have not eaten
Of course you have eaten
As everyone has eaten but us."

Tráchtaireacht

Sa bhéaloideas is scéal é an 'cante fable' ina bhfaightear prós agus véarsaíocht ag malartú lena chéile. Leagan coitianta den chineál scéil seo is ea an 'stave anecdote': tagann véarsa ag deireadh scéal próis a dhéanann achoimre ar eachtraí an scéil nó a thugann chun críche é, ar bhealach cliste go minic. Tá siad an-choitianta i dtraidisiún na Gaeilge, agus de ghnáth baineann siad le filí nó le véarsaí a chumtar gan réamhullmhú. Féach Donald Haase (eag.), The Greenwood encyclopedia of folktales and fairytales (3 iml., Westport, Ct., 2008), iml. 1, 158.

Teideal i mBéarla: The inhospitable woman
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Mícheál Turraoin as Co. Phort Láirge
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 05-09-1928 ag 13:10:00 in: Seomra na Gearmáinise, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Taifeadta ar 05-09-1928 ag 13:10:00 in: Seomra na Gearmáinise, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1051d4, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:30 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1051d4, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:30 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1051d4, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:27 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1051d4, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:27 nóiméad ar fad.