Gleann Gabhla agus Gleann Bríde - Séamas Ó Liatháin


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Bhí fear ann fadó agus bhí rud éigin déanta as an slí aige. Ach ní bhfaighinn nisint[1] cad a bhí déanta as an tslí aige féin. Bhí namhaid á leanúint agus bhí sé ag dul i bhfolach arsna sléibhte an áit (a bhfuil) an (...), a nglaonn siad Cnoc Mhaol Donn air.

Bhí a mháthair ina fhochair agus nuair a bhí an namhaid ag teacht dúirt sé len-... dúirt a mháthair leis, "Tá an namhaid ag teacht!" ar sí sin lena mhac... lena mac.

"Má thá," ar sé sin léithi, "riothfaidh mise chun siúil."

"Cad déanfaidh tú liomsa?" ar sé sin... arsa a mháthair leis.

"Tabharfaidh mé liom tú ar mo dhrom," ar sé sin léithi. Chuir sé a dhá cois in airde ar a... cois léithi... leis léithi ar gach gualainn leis. Agus bhí siad ' liobarnadh siar síos leis. Agus nuair a tháinig siad go dtí bun Ghleann Gabhla bhí siad go lé-... bhí a cabhail[2] go léir scaipthe aige fraoch agus 'ge clocha as na gleannta mar ní raibh dada ar a ghualainn ach dhá chois a mháthar. Agus leag sé cois ar gach taobh den ghleann agus dúirt sé leis féineach, "Baistfidh mise Gleann Gabhla ortsa agus Gleann Bríde ar an ghleann eile."

Sin é agat é anois.

Aistriúchán

There was a man long ago and he had done something wrong. But I couldn't say what he had done wrong. An enemy was following him and he was going to hide in the mountains in the place where(?) the (...), they call Knockmealdown.

His mother was with him and when the enemy was coming he said to... his mother said to him, "The enemy is coming!" she said to her son.

"If so," he said to her, "I will run away."

"What will you do with me?" he said... his mother said to him.

"I will carry you with me on my back," he said to her. He put her two legs up on his... one of her legs... one of her thighs on each of his shoulders. And they were dangling down behind him. And when they came to the bottom of Gleann Gabhla they were all... his shirt front (?) was all destroyed by heather and stones from the valleys because he had nothing on his shoulders but his mother's two legs. And he set a foot down on both sides of the valley and he said to himself, "I will name you Gleann Gabhla and I will name the other valley Gleann Bríde."

There you have it now.

Fonótaí

= insint. Cf. Seán Ua Súilleabháin, 'Gaeilge na Mumhan', in Kim McCone et al. (eag.), Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 479-538: 531. (Back)
Recte a chabhail. (Back)

Tráchtaireacht

Is finscéal a bhaineann le háit ar leith é seo agus tá feidhm chúiseolaíoch leis: déantar cur síos ar conas mar a ainmníodh dhá ghleann sa cheantar. Tharlódh sé gur ar bhréagshanasaíocht atá sé bunaithe, ina dtugtar an focal cabhal, nó cabhail, mar bhunús an logainm Gleann Gabhla. Ainmfhocal neodrach a bhí san fhocal cabhal ar dtús, rud a thabharfadh Gleann gCabhla nó a leithéid sa tuiseal ginideach. Is éard is dóichí, áfach, ná gur ón bhfocal gabhal, áit a scarann dhá ghéag de rud óna chéile, a tháinig ainm an ghleanna. D'fhéadfadh sé go raibh an gleann féin gabhlánach, nó go raibh abhainn ghabhlánach sa ghleann. Cuir i gcomparáid é le Gleann Gabhla i gcontae na Gaillimhe, a bhfuil an cur síos 'Glen of the Fork' air in OS Place Name Books for Galway le O'Donovan. Tá sonraí air seo le fáil ag http://places.galwaylibrary.ie/asp/fullresult.asp?id=52412. Ní fios cad é bunús an logainm Gleann Bríde, ach b'fhéidir gurb í an bhean sa scéal, nach n-ainmnítear, atá i gceist. D'fhéadfadh sé gurb é Gleann Bhríde, baile fearainn i bparóiste Ghleann Caoin i gcontae Thiobraid Árann atá i gceist anseo.

Teideal i mBéarla: Glengowla(?) and Glenbreedy
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Séamas Ó Liatháin as Co. Thiobraid Árann
Duine a rinne an taifeadadh: Wilhelm Doegen
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 06-09-1928 ag 11:45:00 in: Seomra na Gearmáinise, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Taifeadta ar 06-09-1928 ag 11:45:00 in: Seomra na Gearmáinise, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1056d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:24 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1056d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:24 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1056d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:19 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1056d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:19 nóiméad ar fad.