An Máilleach, croí gan ghangaid - Séamus Breathnach


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Is iomaí cúirt agus caisleán, inbhear éisc agus cladach
A bhí ag na Máilligh fadó in Éirinn le haghaidh spóirt,
Níl a fhios sin ag bacaigh a d'fhaghadh cead a raise,
Ag ithe agus ag gearradh agus ag cáineadh chuile shórt.
(A Liam mhór), dhá mbeinn in t'aice is tú a bhí i gcéill gan easmailt,
Léifeadh ar Ghaeil i gceart agus thuigfeá-sa mo ghlór,
An uair nach bhfuil sin againn lénár gcroí istigh a spreagadh,
Sláinte dho léir[1] mar chleacht muid agus is fearrde muid a bheith ag ól.

Go ndéantar fuil dhon ghealaigh, im dho chlochaí glasa,
Múille dhá gach[2] marcach, caora dhá gach bó,
Cnoic le uisce a lasadh, coinnle úr' dho chrannaí,
Múnadh a chur ar sheanmhná agus gasúir a chur ó ghleo,
Éirinn a thabhairt go Manainn, Loch Coirib a chur sa nglainí[3],
Grian a thabhairt ar an talamh le ceann is a bhfuil beo,
Is fíor gach drong ó Ghaillimh, is mithid dhúinn aithris feasta,
A nádúr féin ní scarfaidh leis an Máilleach croí go deo.

Aistriúchán

There are many courts and castles, river fisheries and shores
That the O'Malleys had in Ireland long ago for sport,
That is not known to beggars who used to get the right of way (?),
Eating and cutting and condemning everything.
Big William (?), if I were near you, it is you who were wise and without reproach (?),
The Gaels would be understood properly (?) and you would understand my voice,
When we don't have that to inspire our hearts within us,
[Here's to] our health as once we had it and we are the better for drinking.

Until blood be made of the moon, until butter be made of grey stones,
Until a mule be made of every rider, until a sheep be made of every cow,
Until hills are lit with water, until new candles are made of trees,
Until manners are put on old women and children are stopped from making noise,
Until Ireland is brought to the Isle of Man, until Lough Corrib is poured into a glass,
Until the sun is brought to the ground along with all who are alive (?),
Everyone from Galway is right (?), it is time for us to proclaim it now,
Dear O'Malley will never part from his own nature.

Fonótaí

= de réir. (Back)
= de gach. (Back)
= gloine. Cf. Seán de Búrca, The Irish of Tourmakeady, Co. Mayo (Dublin, 1958), § 430. (Back)

Tráchtaireacht

Foilsíodh leagan den amhrán seo faoin teideal 'Máilleach Croí na gCarad' nó 'Amhrán na Máilleach' in Mícheál agus Tomás Ó Máille, Amhráin chlainne Gaedheal (BÁC, 1905). Féach an t-eagrán nua le William Mahon: Amhráin chlainne Gael (Indreabhán, 1991), 67. Deir siad gur cumadh an t-amhrán in ómós do thriúr nó do cheathrar deartháireacha de mhuintir Mháille a raibh cónaí orthu i nDoire Inbhir, contae na Gaillimhe, agus a raibh ardmheas orthu (Amhráin chlainne Gael, 174). Tá an tríú véarsa ann nach bhfuil le fáil ar an taifeadadh seo. Níor cheart an t-amhrán a mheascadh leis an amhrán 'Caiptín Ó Máille' nó 'An Caiptín Máilleach' atá le fáil in Amhráin chlainne Gael, 129, agus in Micheál Ó Tiománaidhe, Abhráin Ghaedhilge an Iarthair (BÁC, 1906). Féach an t-eagrán nua le William Mahon: Amhráin Ghaeilge an Iarthair: Micheál Ó Tiománaidhe a chruinnigh (Indreabhán, 1992), 87-8.

Teideal i mBéarla: O'Malley of the hateless heart
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Séamus Breathnach as Co. na Gaillimhe
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 08-09-1930 ag 12:00:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Taifeadta ar 08-09-1930 ag 12:00:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1105g2, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 01:03 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1105g2, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 01:03 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1105g2, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 01:00 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1105g2, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 01:00 nóiméad ar fad.