Dán Dhonncha Mhóir - Máirtín Ó Ceithearnaigh


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

1. Is fada fairsing dealbhtha pobal Dé
Ó phort Pharthais na mínghéag
Ó oileán an inbhir thiar
Mar cuirtear i ndoimhneacht an aigiain[1].

2. Ó dhoras ifrinn aduaidh
Mar théanns an sneachta go róchruaidh
Ó chrann na gréine a dtig a teas
Is fada ó chéilí a (gcomhmeas)[2].

3. Is iomaí ní agus ionadh le súil
Gníomh álainn in aon uair
A rinneadh le Dia eatarthu sin
Mar siod é an fear a mhairfeas agus bheas.

4. Is iomaí muigh agus áille snas
Tulaigh bhog aoibhinn bharraghlas
Coill dhilleach[3], ghníomhach, ghéagach
Sea rinneadh le Dia dualach[4].

5. Is iomaí trá agus sleas ar cuan
Gníomh álainn in aon uair
Ailt agus (ionadh) cruth
Dár rinneadh leis an Mac míorúilteach.

6. Is iomaí iasc ar fharraige mhuir[5]
Moladh mhór dho Rí na rí(ogh)
Rí-iasc (goile) nach feasach neach
Sea rinneadh leis an (Dúileamh údan).

7. Is iomaí rí agus impear mear
Diúic, iarlaí agus easpaig
Pápa (na n-iomad slógh)
Sea ghéilleanns ann don Tríonóid.

8. Séard a deir rí agus trí fichid rí
A ghéilleanns dho ardrí agus (dho aon nDia)
Nach bhfuil ach trian don domhan ag dul dúinn
Mar chodroinn[6] agus mar chomhroinn.

9. Tá sé san Aisia thoir
Sin agus a dhá oiread eile rí
Gur dófa is eagal lá leoin[7]
Mura ngéille siad don Tríonóid.

10. Ina dtrí roinne atá siad
Roinn Eor(pa) is Arfasíon
Fearann forúla ionramhála
Do chloinn ró-álainn (Ámhraí).

11. Ina dtrí roinne atá siad
(Ásé sin ad) agus camchiall
Gur bán-mhuigh Ghréige atá thoir
Mar thagas an ghrian ina leabaidh.

12. An lá údan a chruinneos Dia
Clann Ádhaimh uilig ar aon
Íocfaidh shíol[8] Éabha an uail[9]
Cíos na féile leis an Tríonóid.

13. Seinnfidh Micheál buille 'on stoc bhinn
Fosclóidh gach uaigh as gach anla(ic)
Beidh gach anam ina luaidh ag rith
As[10] gach truaill cholna dhá dtáinig.

14. An treas buille dhon stoc bhinn
Gluaisfear linn go Sliabh Áisiún[11]
Beidh dream againn, ó, is maith a thuiscint
Agus dream eilí a loiscfíor[12] eidir tintí.

15. Tiocfaidh coirp is gile ná an sneacht'
Ar Sliabh Sióin i ndáil Mhic Dé
Coirp is duibhe ná an gual gabhann
Agus, och, nach trua an choir a rinne sé.

16. Tiocfaidh na naoi sciúirse lán dhon fhuil
Tiocfaidh na coltacha le ar ceanglaíodh
Tiocfaidh na córdaí dhon chnáib chaoil
Ag ar ceanglaíodh baill an Ardrí.

17. Tiocfaidh an choróin spíonta agus na deilgní a bhí sa gcloigeann
Tiocfaidh tairní dearga na gcos
Dhá thairne na ngealbhos
Deoch nimhe an bháis a fuair Mac Muire le (ua)fás.

18. Tiocfaidh Ádhamh agus a chlann
Ar an ngleann a dtugthar an bhreith
Agus gur ansiúd, ó, is baol dúinn
Nuair a spáinfeas an Rí (taobh) na gcneá.

19. Chím chugam san aird anoir
An chroich chéasta, na hainglí
Cuirfidh an uail sinn féin 'un caointí
Agus, faraor, ní hí sin tráthuair na haithrí.

20. Chím chugam sa taobh aduaidh
Muintir ifrinn ina mórshluaití
Gach spiorad dea(mh)naí acu ag teacht
Agus iad 'na múrthúcha tine tintí.

21. Tiocfaidh Muire ins an aird ó dheas
Ag coinneál (cumhaidhe) dhá cairde
Beidh óighe agus banóighe ag triall
Ar thulaigh onóra na bhfíréan.

22. Ansin a labhrós an fear a chosain cách
Ag coinneál chuntas dúinn dho ghnáth
I gcathaoir os cionn an tslua
Agus an dá lucht aithrí is siúd a fhaghas onóir.

Fonótaí

Recte aigéin? (Back)
Recte gcoibhneas? (Back)
= duilleach. (Back)
= dúileach. (Back)
Recte mhir? (Back)
Recte chuid roinne? (Back)
Recte Luain? (Back)
Recte síol. (Back)
Recte ar ndóigh? (Back)
Recte Is? (Back)
Recte Sióin? (Back)
= loiscfear. (Back)

Tráchtaireacht

Foilsíodh dhá leagan eile den dán seo in Tomás Ó Máille, 'A poem by Donnchadh Mór Ó Dálaigh', Archivium Hibernicum 2 (1913), 256-73. Ó lámhscríbhinn a fuarthas ceann acu, agus ó bhéal Phádraic Uí Urnaidhe, Cnoc Tua, Baile Chláir, contae na Gaillimhe, a fuarthas an ceann eile.

Teideal i mBéarla: The poem of Donncha Mór
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Máirtín Ó Ceithearnaigh as Co. na Gaillimhe
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 08-09-1930 ag 12:00:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Taifeadta ar 08-09-1930 ag 12:00:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1106g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 03:40 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1106g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 03:40 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1106g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 03:37 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1106g1, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 03:37 nóiméad ar fad.