Eascaine Mhic Shuibhne - Peadar Ó Máille


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

1. Bhí mé in Iorras Dún Dónaill ó thuaidh,
In Iorras Mhór agus in Iorras Bheag,
In Iorras Fhlannáin nach bhfuil cóir,
Mo chreach agus mo ghráin, atá mé anocht.

2. Anocht féin agus go brách
Nár ba fearr a bheas a sliocht,
Dream dorcha na malaí gruama,
Is olc a ngnúis agus ní maith a ndreach.

3. Dreach ba duibhe go mór ná an gual,
Dreach fuar do ghráin Dia,
Dreach nach rabh ar aingeal nó ar naomh,
Ná an té a roinneadh go cóir an bia.

4. An bia féin agus gan é a fháil le fonn
Imíonn a dhúil agus fuaraíonn a theas,
Ní mór nach bhfuilingeoinn ag goil in éag,
Shal[1] d'fhéachainn amháin a bhlas.

5. Blas bia an doichill ní fhéachfaidh mé
Go bhfosclaí cré go bhfaghad feart,
Ach nár thé siadsan choíche in éag
Gan fios mo scéil a fháil i gceart.

6. Ceart gann ar iomad fuath,
Coisne cruaidh agus breitheamh daor,
A bhí ag an dream codramánta nár shlim
Ba gainne croí an amhairc ghéir.

7. Géar-crádhadh a gcroí acu le fonn
Nár dhearc an cás a chuir mé ar sreath,
Ach fear gan teach aige féin
Is beag an scéal a chuir amach.

8. Amach an tráth do ghabhas
Sé deireadh a-... Níorbh eagal dóbh mo ghlaoch isteach,
Baile bradach an droinnín thuas
Gan tréan ná truaigh a bhaint as.

9. As ná ann nár fheice siad
Ná neach ceiliúir dhá gcomharsain,
Nár ba díth daoiní dúinne ar ár seilbh,
Ach go mba díth amhairc é dóbhsan.

10. Dóbhsan is buan mo mhallacht
Le linn síoraíocht gach aimsir,
Mar is dual dhon eascainí a fearadh,
Nuair is cruaidh casaoid le ábhar.

11. Is gurb é ábhar mo chasaoide cruaidhe
Mé bheith dho mo ruagadh ó theach go teach,
Le coim na hoíche agus mé faoi bhrón,
Agus b'éard a bhfaighinn dh'eolas a ghoil amach.

12. Amach an tráth do ghabhas sé deireadh an cuairscre mná,
"Scaoilidh tharaibh é ionann 's nach é atá ann,
Mar níl ann ach filí gan a chómheas ó Éabha anall,
Agus níor dhóiche dhó imeacht ná fanacht a'inn féin go lá."

13. An tráth a chonaic mé féin solas an lae ghil bhreá
D'éirigh m'aigneadh agus bhreathnaigh uaim go hard.
Dhá bhfuaire í an mhaidin níor theasc orm goil sa snámh,
Agus d'fhága mé mo mhallacht i mbaile na ngruamaíocht thall.

14. Thall dhá mbeadh agamsa Murchadh nó Seoirse Ward,
Gheobhfainn bia agus leabaidh agus beathuisce i gcuan an bháid,
Nó Donáll Mac Murchú nach ligfeadh an fial ar fán,
Mar bhí mise agus mé ag imeacht agus mo ruai(g) ar chách.

15. Cách ní cheilfead dá ndearnaí ariamh orm gar,
Ná an óigbhean mhilis a d'iarr orm goil isteach,
Ach an lánúin gheanúil a chaith mise oíche ina dteach,
Dia agus Muire go ligí iad féin isteach.

Fonótaí

= sula. (Back)

Tráchtaireacht

Ba é an file Micheál Mac Suibhne (c.1760 - c.1820) a chum an t-amhrán aorach seo a chuireann mallacht ar phobal Iorrais Fhlannáin, ar chósta theas Chuan an Chlocháin, contae na Gaillimhe. Ba i gConga, contae Mhaigh Eo, a rugadh Mac Suibhne ach chaith sé an chuid is mó dá shaol i gConamara. Bhí deacrachtaí aige teacht ar óstach fáiltiúil a sholáthródh lóistín oíche dó agus é in Iorras Fhlannáin. Ba é an gnáthnós sa traidisiún Gaelach é lóistín a thabhairt do lucht taistil agus bhain tábhacht ar leith le baird no filí taistil sa chás seo, toisc go bhféadfadh sé a bheith mar thoradh, mura dtabharfaí lóistín dá léithéidí, go gcumfaí dán aorach faoin duine nach raibh toilteanach sin a dhéanamh. Scríobhann Tomás Ó Máille go raibh Mac Suibhne chomh briogtha sin faoin easpa fáilte a cuireadh roimhe gur chrom sé ar an bpointe ar an amhrán seo a chumadh nuair a d'éirigh leis, faoi dheireadh, lóistín oíche a fháil. Tugann Ó Máille dhá leagan den amhrán chomh maith le sonraí beathaisnéise in Micheál Mac Suibhne agus filidh an tSléibhe (BÁC, 1934), 14-20. Tá leagan de le fáil freisin in Mícheál agus Tomás Ó Máille, Amhráin chlainne Gaedheal (BÁC, 1905). Féach eagrán nua William Mahon: Amhráin chlainne Gael (Indreabhán, 1991), 59-60. Tá leagan eile den amhrán le fáil in Ríonach Ní Fhlathartaigh, Clár amhrán Bhaile na hInse (BÁC, 1976), 206. Aithnítear an t-amhrán freisin mar 'Iorras Fhlonnáin' agus 'Eascaine Mhic Shuibhne ar Iorras Fhlannáin'. Le haghaidh tuilleadh sonraí beathaisnéise faoi Mhac Suibhne féach Fraincín Strae, 'An file as an bhFuinnseanaigh', Scéala Éireann 19 Meitheamh 1951, lch 2, agus Máire Ní Mhurchú and Diarmuid Breathnach, Beathaithnéis 1782-1881 (BÁC, 1999), 75.

Teideal i mBéarla: MacSweeney's curse
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Peadar Ó Máille as Co. na Gaillimhe
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 08-09-1930 ag 15:30:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Taifeadta ar 08-09-1930 ag 15:30:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1108d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 04:04 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1108d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 04:04 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1108d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 04:02 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1108d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 04:02 nóiméad ar fad.