Go mbeannaí Dia dhuit, a phaidir gheal - Pádraig Ó Meadhra


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Go mbeannaí Dia dhuit, a phaidir gheal!
Go mbeannaí Dia is Muire dhuit!
Cér chodlaigh tú aréir?
Mar chodlaigh Mac Dé.
Cé gcodlóidh tú anocht?
Mar chodlaíos na boicht.
Cé gcodlóidh tú san oíche amáireach?
Ar leaba Phádraic.
Céard sin romhat?
Tá na haingil.
Céard sin ' do dhiaidh?
Tá na heaspail.
Céard sin ar do láimh dheas?
Trí bhraon dhon uisce an Domhnaigh
A chuir Muire Mór liom
Ag déanamh eolais
Ó dhoras go doras.
Doras Phádraic atá mé a iarraidh,
Bríd agus a brat,
Muire agus a mac,
Mícheál is a dhá sciath,
Dia agus a neart.
Siod í siar an (ghrian),
A dhá láimh thairsti aniar,
Fáinne óir ar gach aon mhéir (léithi)
(Os comhair) na seacht ríochta,
Ag éisteacht le clog binn binn
Dhá bhualadh faoi chónra chláir.
Agus (níl aon ní ann) a déarfadh é
In (aghaidh) gach tráth,
Níor bhaol dó féin a ghoil go hifreann go brách.
Agus áiméan, áiméan, áiméan, áiméan, áiméan.

Tráchtaireacht

Tá leaganacha eile den phaidir seo, 'An Phaidir Gheal', le fáil in Douglas Hyde, Abhráin diadha chúige Connacht (2 iml., Londain, 1906), iml. 1, 362-71; Seósamh Ó Flannagáin, 'Sean-phaidreacha ó Árainn', Béaloideas 7 (1937), 185-90: 189; Séamus Ó Duilearga, 'Sean-phaidreacha ó Iorrus', Béaloideas 12 (1942), 201-3; agus Diarmuid Ó Laoghaire, Ár bpaidreacha dúchais (BÁC, 1975), 220. Tá eagrán den 'Phaidir Gheal' in Seán Ó Tuama agus Thomas Kinsella, An duanaire 1600-1900: poems of the dispossed (BÁC, 1981), 354-5, áit a ndeirtear go bhfuil cosúlacht idir í agus an phaidir Mheán-Bhéarla 'The White Pater Noster'.

Teideal i mBéarla: Hail to thee, o bright prayer
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Pádraig Ó Meadhra as Co. Mhaigh Eo
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 09-09-1930 ag 11:00:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Taifeadta ar 09-09-1930 ag 11:00:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1110g3, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 01:04 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1110g3, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 01:04 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1110g3, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 01:02 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1110g3, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 01:02 nóiméad ar fad.