Caiptín na hÉireann - Mícheál Ó hInnéirghe


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Caiptín mise a bhí in Éirinn a...
Caiptín mise a bhí in Éirinn,
Chaith mé mo théarma ar loing,
Bhaininnse scil as na spéarthaí
Agus (chomhairfinn) na réaltaí liom.
Gheobhfainn bean óg ar an tsaol seo
A shiúilfeadh ar... A shínfeadh a taobh gheal liom,
Nach rachainnse anonn go Júméice dhaoithe
I gcoinne lucht tae agus rum.

Aistriúchán

I am a captain who was in Ireland...
I am a captain who was in Ireland,
I did my time on a ship,
I could read the skies with skill
And count the stars (?).
I could get a young woman in this life
Who would walk... Who would stretch her bright side beside me,
Wouldn't I go over to Jamaica for her
To those who make tea and rum.

Tráchtaireacht

Is ón amhrán 'Is gearr ó rinne mé an pósadh' an véarsa seo. D'fhoilsigh Micheál Ó Tiománaidhe leagan den amhrán seo in Abhráin Ghaedhilge an Iarthair (BÁC, 1906). Féach eagrán nua le William Mahon: Amhráin Ghaeilge an Iarthair: Micheál Ó Tiománaidhe a chruinnigh (Indreabhán, 1992), uimh. 32. Deir Ó Tiománaidhe gur bhailigh sé an t-amhrán ó Phádraig Breathnach, Béal an Mhuirthead, contae Mhaigh Eo. Insítear scéal an amhráin ó dhearcadh captaein soithigh a d'iompair lastas ón Spáinn go hIorras, contae Mhaigh Eo, dar le Ó Tiománaidhe (féach Amhráin Ghaeilge an Iarthair, 55-6). Tá taifeadadh de Frank McGinty agus é ag casadh leagan níos iomláine den amhrán seo le cloisteáil i mbailiúchán Doegen freisin.

Teideal i mBéarla: The captain of Ireland
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Mícheál Ó hInnéirghe as Co. Mhaigh Eo
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 09-09-1930 ag 11:30:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Taifeadta ar 09-09-1930 ag 11:30:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1111g2, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 00:26 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1111g2, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 00:26 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1111g2, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 00:23 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1111g2, ó cheirnín seileaic i nGaillimh): 00:23 nóiméad ar fad.