Neileach - Seán Ó Caodháin


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Ó, is nuair a d'éirigh mé ar maidin ar Ard-Inis Bhearna
Chonaic mé an phláinéad faoi dhuifean go mór,
Ba hairde a cuid deataigh ná ceo Bhéal an Mháma
Is gur chriothnaigh sí tránntaí chondae Mhaigh Eo,
Ó ach níor fhéad mise samhail ar bith a chur léithi
Ach ifreann dá séideadh le neart a cuid guail,
Ó d'fhágaí Ceann Acla gur ghlan Inis Téagail
Go bhfaca mé céadtaí ag tíocht ar an gcuan.

Ó, bhí ceathar chun tosaigh agus iad ina léinteachaí
Is beirt eilí ag féachaint ar aireachas cruaidh,
Ag soundáil an talaimh is dá thomhas 'na péirsí,
Nach lag a frítheadh Éire is í a ligean dhon chuan,
Órú, d'ionsaigh sí tharam goil faoi na sléibhtí
Is in aice Mhám Éan sea fuair[1] sí 'un suain,
'S anoir léi ar maidin 'gus í sa racht chéanna
Gur ghlan sí Ceann Léime is Béal ' Chaladh(?) atá thuaidh.

Arú, caithfidh mé foirinn a sholáthar amáireach,
Sin agus bád le aghaidh rigeáil 'un seoil,
Go dté mé dhon fharraige a bhfaighidh mise fáirnis
An bhfuil sí sa Spáinn nó an maireann sí beo,
Chuala mé fear a tháinig thar sáile
Dá rá go rabh sí sa Spáinn gan unsa ar bith brón,
Go mbeadh sí ar maidin lá Nollag i dtír i bPort Láirge
Agus arm dá gardáil ar chondae Mhaigh Eo.

Aistriúchán

When I got up in the morning on high Inishbarna
I saw the plane under a great cloud,
Her smoke was higher than the mist of Bellavaum
And she shook the beaches of county Mayo,
I could think of nothing with which to compare her
But hell blowing with the power of her coal,
When she left Achill Head and cleared Inishdeagil
I saw hundreds coming to the harbour.

There were four in front in their shirts
And another two keeping hard watch,
Sounding the land and measuring it in perches,
Didn't Ireland prove weak to let her go from the harbour,
She proceeded past me heading towards the hills
And came to rest near Maumean,
And from the east she came in the morning in the same condition
Till she cleared Slyne Head and Béal ' Chaladh(?) to the north.

I must source a team tomorrow,
And a boat to rig for sailing,
So that I may go to sea and find out
If she is in Spain or if she still lives,
I heard a man who came from overseas
Saying that she was in Spain without an ounce of sorrow,
And that she would be on Christmas Day in port in Waterford
With an army guarding her against county Mayo.

Fonótaí

= fuaigh/chuaigh. Cf. Ruairí Ó hUiginn, 'Gaeilge Chonnacht', in Kim McCone et al., Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 593. (Back)

Tráchtaireacht

Ba é Seán Mac Conmara (c.1787 - c.1867) as Inis Bearna, An Caoláire Rua, contae na Gaillimhe a chum an t-amhrán seo. Foilsíodh beathaisnéis ghearr den fhile in Tomás Ó Máille, Micheál Mhac Suibhne agus filidh an tsléibhe (BÁC, 1934, athchló BÁC, 1969), 43-55, áit a bhfuil leagan deich véarsa de 'Neileach'. D'fhoilsigh Ó Máille an t-amhrán i dtosach in Amhráin chlainne Gaedheal (BÁC, 1905). Féach eagrán William Mahon: Amhráin chlainne Gael (Indreabhán, 1991), 139-41. Bhailigh Ó Máille an t-amhrán óna athair, a raibh aithne aige ar an bhfile Seán Mac Conmara, agus ó Thomás Breathnach. De réir Uí Máille is é an rud a spreag an t-amhrán ná long chogaidh Shasanach a bhí tar éis teacht isteach sa Chaoláire Rua, arbh fhéidir gurbh é an chéad bhád gaile a chonaic an file é. Shamhlaigh an file cosúlachtaí idir an íomhá a bhí ar thosach na loinge cogaidh agus bean álainn darbh ainm Neileach as Muraisc, contae Mhaigh Eo. Déantar tagairt do chruinniú a thionóil Dónall Ó Conaill in 1843 ar an gClochán, Baile Chláir, contae na Gaillimhe, i leaganacha níos faide den amhrán. Tugann an file le fios go soiléir gurbh fhearr leis gníomh réabhlóideach seachas focail Uí Chonaill chun fáil réidh le longa cogaidh mar í. Ní thugtar fonn ar bith don amhrán i bhfoilseacháin Uí Mháille, mar sin is luachmhaire an taifeadadh áirithe seo dá bharr.

Teideal i mBéarla: Neileach
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Seán Ó Caodháin as Co. na Gaillimhe
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 09-09-1930 ag 12:00:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Taifeadta ar 09-09-1930 ag 12:00:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1112d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:50 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1112d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:50 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1112d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:48 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1112d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:48 nóiméad ar fad.