Síos go hIorras - Sally Ruddy
Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime]
[Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)]
[Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]
Tras-scríbhinn
Ó, is a chuach na finne cé rachaidh tú le do nead,
Síos go hIorras go dteagaí[1] an t-éan
amach,
Síos go hIorras ní rachaidh mé le mo nead,
Ní dhearna mé an tsiocair is ní thiocfadh an t-éan amach.
Ó, agus thíos in Iorras tá roinnt dho mo chomhairle féin,
Mar is ann atá an ainnir a d'fhága le bolaíocht mé,
Bhreoigh sí, mharaigh sí is d'athraigh sí m'intinn féin,
Is nach iad na mná a mharaigh mé, (is) fada gur amhdaíos é.
Ó, agus gabhfad go Gaillimh agus ceannóidh mé tuirne lín,
Tiocfaidh mé abhailí agus tarraingeoidh mé snáithe caol,
Muise, craithfidh mé an rois agus tiocfaidh sí rua ar an líon,
Is brón ar an ainnir, sí a rinne cíor thuaifil daom.
Ó, agus gabhfad go Gaillimh agus ceannóidh mé ciall,
Dheamhan a dtiocfaidh mé abhailí go gcaithe mé lá fada is bliain,
Dheamhan sin teach leanna dhá suífidh mé ('na) n-ólfaidh mé
bia
Nach n-ólfaidh mé sláinte mo Chaitlín Triall.
Muise, shíl mise, a chuisle, agus shíl mé, a stór,
Nach n-iarrfá mo mharlait[2] achoíche ná go deo
Go bhfaca mé thusa agus bean eilí ag ól
Ar chúlaí an tom aitinn is mug leanna in do láimh.
Aistriúchán
Fair cuckoo, where will you go with your nest,
Down to Erris until the bird comes out,
Down to Erris I will not go with my nest,
I didn't effect it (?) and the bird would not come
out.
Down in Erris is some of my own counsel (?),
Because the maiden who left me nosing about is there,
She sickened, she injured and she changed my mind,
And isn't it the women who have killed me, it took a long time until I admitted
it.
I will go to Galway and I will buy a flax-wheel,
I will come home and I will draw a fine thread,
I will shake the (...) and the flax will be red,
I grieve over the beauty, it is she who has bewildered me.
I will go to Galway and I will buy sense,
I won't come home until I spend a long day and a year,
There won't be a drinking house where I will sit and eat(?) food
But I will drink to the health of my Catherine Tyrell
I thought, my dear, and I thought, my darling,
That you would not seek another ever or again
Till I saw you and another woman drinking
Behind the whin-bush with a mug of beer in your hand.
Fonótaí
= go dtaga. Cf. Ruairí Ó hUiginn, 'Gaeilge Chonnacht', in Kim McCone et al., Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 539-609: 594. (Back)= mo mhalairt. (Back)
Tráchtaireacht
Cuid den amhrán 'Cuach na Finne' iad na véarsaí seo. Bailíodh leagan ocht véarsa de ó Sheán Ó Bheáidh as Tóin an tSeanbhaile, Acaill, contae Mhaigh Eo, agus foilsíodh é in Micheál Ó Tiománaidhe, Abhráin Ghaeidhilge an Iarthair (BÁC, 1906). Féach eagrán nua William Mahon: Amhráin Ghaeilge an Iarthair: Micheál Ó Tiománaidhe a chruinnigh (Indreabhán, 1992), 32-3. Baineann an t-amhrán le fear óg a gcuireann a athair ar thuras é chun bean a fháil dó féin. Go gearr i ndiaidh don fhear óg imeacht bhí sé de mhí-ádh air titim dá asal agus dhá thrian dá chuid cnámh a bhriseadh. Ní thagann rath ar bith air agus bíonn go leor deacrachtaí eile aige. Ar deireadh tá sé i mbaol dul as a mheabhair. Tosaíonn Sailí Ní Rodaigh an t-amhrán anseo le véarsa a ceathair den leagan atá ag Ó Tiománaidhe. Tá an dara agus an tríú véarsa a chasann Ní Rodaigh cosúil freisin le véarsaí atá foilsithe in Abhráin Ghaeidhilge an Iarthair. Is í Catherine Tyrrell as Bealach an Tirialaigh, contae na hIarmhí, an 'Caitlín Triall' atá luaite sa cheathrú véarsa. Is léir go mba ábhar inspioráide í agus gur cumadh roinnt amhrán grá in ómós di. Tá sampla de seo i mbailiúchán Doegen faoin teideal 'Sé mo léan go bhfacha mé'.
Teideal i mBéarla: Down to Erris
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na
hÉireann
Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir:
Sally
Ruddy as Co. na
Gaillimhe
Duine a rinne an taifeadadh:
Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv,
Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 09-09-1930 in: Coláiste na
hOllscoile, Gaillimh. Taifeadta ar 09-09-1930 in: Coláiste na
hOllscoile, Gaillimh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1114d1, ó cheirnín
seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:47
nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1114d1, ó cheirnín
seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:47
nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1114d1, ó cheirnín
seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:46
nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1114d1, ó cheirnín
seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 01:46
nóiméad ar fad.