An bhean a chaoin (cuid 1) - Sally Ruddy


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Thiar in (iarthar)[1] Chonamara ar fad bhí seanfhear is seanbhean, Caitlín Ó Crúisce agus Tomás Ó Bambairne. Bhíodar marbh tuirseach agus iad sean, na créatúir. Agus dúirt Tomás le Caitlín, "Mo chroí-sa ag Dia," ar seisean, "má fhaghaim-se aon stócach lúfar óg mara bpósa mé leis an iníon é."

"Muise, déan, a Thomáis, ó!" ar sise.

Bhí go maith is ní rabh go holc. Tráthnóna lá arna mháireach céard a bhí chucu aníos as tóin Chúige Uladh [2] ach scafaire óg ligthí dho stócach. Is nuair a tháinig sé isteach dúradar, "Á, muise, cáid ó ghluais tú?" (ar siadsan).

"Ó, muise, is dóichí," a deir sé, "go bhfuil mé anocht chomh fada agus ghabhfas mé."

Bhí go maith agus ní rabh go holc. D'fhan mar sin go rabh na fataí bruití thar éis na hoíche. Thosaigh Tomás ag caint leis. "Bhuel, cáil tú ag goil?" a deir sé.

"Ag goil thart ar mo shaothrú," a deir sé, "ar thoistiún sa lá agus (is ríbheag) an áit ina... a ghabhfaidh mé."

"Bhuel," ar seisean, "tabharfaidh mise an iníon[3] dhuit má phósann tú í."

"Muise, mh'anam gur mhaith liom í a fháil," a deir sé, "fairis mé a bheith ag goil thart mar tá mé."

Bhí go maith agus ní rabh go holc go dtí ar maidin lá arna mháireach. Ghabh seisean amach ag obair is dúirt sé le Tomás fanacht 'na chodladh. Agus nuair a d'éirigh an iníon séard a dúirt sí... Bhí maide trasnaí os cionn na tineadh. "Óró!" thosaigh sí ag caoineadh, "A stór!" 'Á mbeadh clann óg aici go mbeadh... go dtitfeadh an maide is go maródh sé í.

D'éirigh an mháthair is thosaigh sí ag caoineadh is d'éirigh Tomás agus thosaigh sé ag caoineadh. Agus ar deireadh tháinig an fear óg isteach. Agus nuair a tháinig sé isteach, "Dia dhár réiteach!" a deir sé. "Céard atá oraibh?"

"Deir sí seo, an cailín seo," arsa a máthair, "go mbeidh, nuair a bheas clann óg aici go dtitfidh an maide is go mbeidh sí marbh."

"Muise, mo chroí-sa 'on Deabhal," a deir sé, "má chodlaím-sa in aon leabaidh léithi," a deir sé, "nó má ithim aon bhlas in aon teach libse nó go bhfagha mé dhá óinseach eile agus amadán mar sibh."

Bhuail sé leis go dtí tíocht an tráthnónaí. Agus dheamhan i bhfad a bhí sé ag tíocht an tráthnónaí. Céard a casadh leis ach fear thuas ar theach agus rópa ar adharca na bó agus beirt mhná taobh thiar dhaoithe ag iarraidh í a sháthadh suas ar an teach.

"Céard atá sibh a dhéanamh?" arsa an buachaill óg.

"Bhuel," a deir sé, "tá muid ag iarraidh," a deir sé, "an bhó a chur suas ag ithe na féir."

"Bhuel, gabh isteach," a deir sé, "is tabhair corrán chugam."

Aistriúchán

Out in the west (?) of Conamara there were an old man and an old woman, Caitlín Ó Crúisce and Tomás Ó Bambairne. They were worn out and old, the creatures. And Tomás said to Caitlín, "My soul to God," he said, "if I find any young fit man and don't don't marry him to the daughter."

"Oh do indeed, Tomás!" she said.

All was well and good. The next evening what should come up to them from the bottom of Ulster but a strapping young loose-limbed lad. And when he came in they said, "How far have you travelled?" they said.

"Well, I suppose," he says, "I have gone as far as I will go tonight."

All was well and good. That's how things remained until the potatoes were boiled after nightfall. Tomás started talking to him. "Well, where are you going?" he said.

"I am going around labouring," he says, "for fourpence a day and there are very few places where... I will go."

"Well," he said, "I will give you our daughter if you marry her."

"Well, indeed, I would like to get her," he says, "instead of going around like I am."

All was well and good until the next morning. He went out working and told Tomás to stay asleep. And when the daughter got up she said... There was a stick across over the fire. "Oh!" she started crying, "My dear!" If she had a young family that... that the stick would fall down and that it would kill her.

The mother got up and started crying and Tomás got up and started crying. And in the end the young man came in. And when he came in, "God help us!" he said. "What is wrong with you?"

"This girl says," said her mother, "that when she has a baby the stick will fall and kill it."

"Well, my heart to the Devil," he says, "if I sleep in any bed with her," he says, "or if I eat any morsel in any house with you until I find two foolish women and a fool like you."

He left until the evening came. And the evening wasn't long coming. What did he meet only a man up on a house with a rope on the cow's horns and two women behind it trying to push it up on the house.

"What are you doing?" said the young boy.

"Well," he says, "we ary trying," he says, "to put the cow up eating the grass."

"Well, go in," he says, "and bring me a sickle."

Fonótaí

Leg. iargúil? (Back)
Maidir leis an mbéim san fhocal seo cf. Tomás de Bhaldraithe, The Irish of Cois Fhairrge, county Galway (BÁC, 1945; athchló 2002), § 332. (Back)
Leg. a n-iníon, i.e. ár n-iníon? (Back)

Tráchtaireacht

Tagann an chéad agus an dara páirt den scéal seo le chéile chun aon phlota amháin a dhéanamh a bhfuil ceithre cinn de scéalta idirnáisiúnta béaloidis ann. Tosnaíonn an insint le ATU 1450 Clever Elise. Baineann an scéal seo le suiríoch a thugann cuairt ar theaghlach cailín atá in aois a pósta, agus tosaíonn sí féin agus a muintir ag gol mar gheall ar an anró a d'fhéadfadh teacht ar aon leanbh a bheadh ag an gcailín san am atá le teacht. Tá an scéal an-choitianta ar fud na hEorpa, sa Mheánoirthear agus i gcríocha Mheiriceá. Scéal béaloidis eile atá san insint ná ATU 1384 The husband hunts three persons as stupid as his wife, ina gcuireann dúire a mhná fearg ar fhear, agus déanann sé iarracht triúr níos dúire ná í a aimsiú, rud a éiríonn leis a dhéanamh gan dua. Arís, tá an scéal seo an-choitianta agus tá sé le fáil ar fud na hEorpa, sa Rúis, san India, sa tSín agus sna Stáit Aontaithe. Is minic a fheidhmíonn sé mar fhráma, a úsáidtear chun breis scéalta a chur isteach ann. Dá réir sin, tá dhá scéal béaloidis eile sa scéal seo, ATU 1210 The cow is taken to the roof to graze, scéal atá coitianta ar fud na hEoráise, agus ATU 1540 The student from paradise. Baineann an scéal deireanach seo de ghnáth le duine a deir le baothán gur as Páras dó. Ceapann an baothán go hearráideach gur as Parthas dó agus tugann sí éadaí, bia nó airgead dó le tabhairt do dhuine muinteartha léi a cailleadh tamall roimhe sin. Cuireadh i gcló den chéad uair é sa chúigiú céad déag, agus d'éirigh sé coitianta ó shin ar fud na hEorpa, agus i mórán áiteanna san Áise agus san Afraic. Féach Hans Jorg Uther, The types of international folktales: a classification and bibliography (3 iml., Helsinki, 2004).

Is scéal coitianta go maith é ATU 1450 in Éirinn agus faightear i ngach cúige é, ar an gcósta thiar go háirithe. Is scéal thar a bheith coitianta é ATU 1384, a fhaightear ar fud na tíre. Rinneadh taifeadadh ar ATU 1540 go mion minic in Éirinn, agus faightear ar fud na tíre leis é. Tá ATU 1210 thar a bheith coitianta in Éirinn leis, agus rinneadh taifeadadh ar líon mór samplaí i ngach cúige. Féach Seán Ó Súilleabháin agus Rieder Th. Christiansen, The types of the Irish folktale (Helsinki, 1968).

Teideal i mBéarla: The woman who cried (part 1)
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Sally Ruddy as Co. na Gaillimhe
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 09-09-1930 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Taifeadta ar 09-09-1930 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1114d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:13 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1114d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:13 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1114d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:12 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1114d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:12 nóiméad ar fad.