An bhean a chaoin (cuid 2) - Sally Ruddy


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

"Gabh isteach is tabhair corrán chugam," ar seisean.

Ghabh sé... Ghabh sí isteach is céard a thug sí chuige amach ach staic mhór dho scian a bhí chomh fada (le mo thaobh).

"Ó, bhuel," ar seisean, "ar ndóigh ní corrán é sin!"

Suas leis ar an teach is thosaigh sé ag baint an fhéir lena dhá lámh agus chomh luaith in Éirinn is bhí sé á bhaint bhí sé - chaithfeadh sé anuas é - bhí sé ití ag an mboin.

"Ó, bhuel," ar sise, "a Dhia is a Chríost, an aingeal as Flaitheas thú?"

"Sea," ar seisean.

"A, agus céard a thug anseo thú?"

"Tháinig mé dho chúnamh dhaoibhse," ar seisean, "nuair a chonaic mé an obair a bhí oraibh."

Bhí go maith is ní rabh go holc.

"Ara, an bhfaca tú Tadhg ann?" ar sise.

"Chonaic mé Tadhg," a deir sé.

"Ó, gabh coinne Mháire," ar sise. "Níl ann ach go bhfuil Tadhg cailltí le cupla lá," ar sise, "agus inseoidh tú dhaoithe go bhfaca tú é."

"Inseod," ar seisean.

Tháinig Máire ag reathaigh. "Á, cén chaoi a bhfuil Tadhg?"

"Á, níl ann ach go bhfuil sé réasúntaí."

"Bhuel, an dteastaíonn tobac uaidh?"

"Bhuel, teastaíonn. Tá sé cailltí, dúirt sé liom, gan tobac."

"Bhuel, tá dhá phunt anseo ón lá a cuireadh é. Tobac. Agus an dtabharfaidh tú aige é?"

"Tabharfad," ar seisean.

"Agus an dtabharfaidh tú aon bhlas ime aige?"

"Mh'anam, muise go dtabharfad," ar seisean, "gach a dtabharfaidh tú dhom."

"Bhuel, an dtabharfaidh... an dtabharfaidh tú an flainín atá anseo chuige le haghaidh cóta mór agus drár?"

"Tabharfad," a deir sé. "Ach le a bhfuil mé a fháil," a deir sé, "cén chaoi a n-iompróidh mé iad?"

"Óra, tabharfaidh mise an seanghearrán bán dhuit," arsa bean eilí, "atá thiar sa ngarraí ach ' ligfidh tú chugam aríst é."

"Ligfead," a deir sé. "Chomh luaith is a fheicfeas tú na dhá spota dubha atá thuas ansin ar an spéir... bí ag guibhe," a deir sé, "go bhfeice tú iad sin ag scarúint óna chéilí agus beidh an gearrán ansin a'd."

Bhuail sé leis chomh toibeann is d'fhéad sé agus an t-ualach ar an ngearrán go rabh sé in aice an tí agus gur chuir sé isteach faoi dhroichead i bhfolach iad. Agus nuair a chonaic muintir an tí ag tíocht iad (...) fáilte roimhe, nach rabhadar ag caoineadh ansin.

Bhí mise ansin nuair a chroch sé leis iad agus lig sé an gearrán 'un bailí. Agus bhí an gearrán ar an bpointe boise acu. Agus ansin é an áit a rabh an moladh ar an aingeal as Flaitheas.

Aistriúchán

"Go in and bring me a sickle," he said.

He went... She went in and what did she bring out to him but a big stump of a knife that was as long as my side.

"Oh, well," he said, "indeed and that is not a sickle!"

Up he went onto the house and he started to cut the grass with his two hands and as soon as he was cutting it - he would throw it down - it would be eaten by the cow.

"Oh, well," she said, "God and Christ, are you an angel from Heaven?"

"I am," he said.

"And what brought you here?"

"I came to help you," he said, "when I saw what you were up to."

All was well and good.

"Did you see Tadhg there?" she said.

"I saw Tadhg," he says.

"Oh, go to Máire," she said. "It's just that Tadhg is dead a few days," she said, "and you will tell her that you saw him."

"I will tell her," he said.

Máire came running. "Ah, how is Tadhg?"

"He is only so-so."

"Well, does he want tobacco?"

"Well, he does. He is lost, he told me, without tobacco."

"Well, there is two pounds here since the day he died. Tobacco. And will you bring it to him?"

"I will," he said.

"And will you bring any bit of butter to him?"

"Indeed," he said, "I'll bring him all that you give me."

"Well, will you bring him this flannel for a big coat and drawers?"

"I will," he says. "But with all that I am getting," he says, "how will I carry them?"

"Oh, I will give you the old white gelding," said another woman, "that is back in the field if you will return her to me."

"I will," he said. "As soon as you see the two black spots above there in the sky... pray," he says, "until you see them separating from each other and then you will have your white gelding."

He left as quickly as he could with the load on the gelding until he was near the house and he hid them under a bridge. And when the people of the house saw them coming (...) welcomed him, they weren't crying then (?).

I was there when he brought them with him and set the gelding home. And they had the gelding at the very moment. And that is where the angel from heaven was praised.

Tráchtaireacht

Tagann an chéad agus an dara páirt den scéal seo le chéile chun aon phlota amháin a dhéanamh a bhfuil ceithre cinn de scéalta idirnáisiúnta béaloidis ann. Tosnaíonn an scéal le ATU 1450 Clever Elise. Baineann an scéal seo le suiríoch a thugann cuairt ar theaghlach cailín atá in aois a pósta, agus tosaíonn sí féin agus a muintir ag gol mar gheall ar an anró a d'fhéadfadh teacht ar aon leanbh a bheadh ag an gcailín san am atá le teacht. Tá an scéal an-choitianta ar fud na hEorpa, sa Mheánoirthear agus i gcríocha Mheiriceá. Scéal béaloidis eile laistigh den scéal seo ná ATU 1384 The husband hunts three persons as stupid as his wife, ina gcuireann dúire a mhná fearg ar fhear, agus ina ndéanann sé iarracht triúr níos dúire ná í a aimsiú, rud a éiríonn leis a dhéanamh gan dua. Arís, tá an scéal seo an-choitianta agus tá sé le fáil ar fud na hEorpa, sa Rúis, san India, sa tSín agus sna Stáit Aontaithe. Is minic a fheidhmíonn sé mar fhráma, a úsáidtear chun breis scéalta a chur isteach ann. Dá réir sin, tá dhá scéal béaloidis eile sa scéal seo, ATU 1210 The cow is taken to the roof to graze, scéal atá coitianta ar fud na hEoráise, agus ATU 1540 The student from paradise. Baineann an scéal deireanach seo de ghnáth le duine a deir le baothán gur as Páras dó. Ceapann an baothán go hearráideach gur as Parthas dó agus tugann sí éadaí, bia nó airgead dó le tabhairt do dhuine muinteartha léi a cailleadh tamall roimhe sin. Cuireadh i gcló den chéad uair é sa chúigiú céad déag, agus d'éirigh sé coitianta ó shin ar fud na hEorpa, agus i mórán áiteanna san Áise agus san Afraic. Féach Hans Jorg Uther, The types of international folktales: a classification and bibliography (3 iml., Helsinki, 2004).

Is scéal coitianta go maith é ATU 1450 in Éirinn agus faightear i ngach cúige é, ar an gcósta thiar go háirithe. Is scéal thar a bheith coitianta é ATU 1384, a fhaightear ar fud na tíre. Rinneadh taifeadadh ar ATU 1540 go mion minic in Éirinn, agus faightear ar fud na tíre leis é. Tá ATU 1210 thar a bheith coitianta in Éirinn leis, agus rinneadh taifeadadh ar líon mór samplaí i ngach cúige. Féach Seán Ó Súilleabháin agus Rieder Th. Christiansen, The types of the Irish folktale (Helsinki, 1968).

Teideal i mBéarla: The woman who cried (part 2)
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Sally Ruddy as Co. na Gaillimhe
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 09-09-1930 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Taifeadta ar 09-09-1930 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1115d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:05 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1115d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:05 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1115d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:03 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1115d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:03 nóiméad ar fad.