Tá ceithre coirnéil ar mo leabaidh - Sally Ruddy


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Tá cheithre coirnéil ar mo leabaidh,
Tá cheithre ainglí uirthi scarthaí,
Má fhaghaimse bás anocht ná ar maidin
Gur i bhflaithis Dé a bheas m'anam.

Luighimse ar an leaba seo anocht
Mar luigheanns Mac Dé ar an gcrois.
Brat Mhuire na scaball orm.
Mo mhíle mhuirneach thú, mo mhíle grá thú,
Ba tú mo leigheas idir charaid is námhaid.

A Rí na bhfianaisí atá ar an gcrois
(...) (ar mhaighean) na míltí loit
Is námhaid anama agus choirp,
Is bí mar sin, a Thiarna. Áiméan.

Is bheirim mo bheannacht duit!

Aistriúchán

There are four corners on my bed,
There are four angels spread over it,
If I die tonight or in the morning
May my soul be in God's heavens.

I lie on this bed tonight
As the Son of God lies on the cross.
The mantle of Mary of the scapular upon me.
You are my beloved, you are my love,
You were my healing between friend and foe.

Oh King of truth who is on the cross
(...) in the place (?) of the thousand wounds
Agus the enemy of the soul and body,
And be thus, Lord. Amen.

And I give you my blessing!

Tráchtaireacht

Tá leaganacha eile de línte 1-4 le fáil in Douglas Hyde, Abhráin diadha chúige Connacht (2 iml., Londain, 1906), iml. 2, 216; Seósamh Ó Flannagáin, 'Sean-phaidreacha ó Árainn', Béaloideas 7 (1937), 185-90: 186; Diarmuid Ó Laoghaire, Ár bpaidreacha dúchais (BÁC, 1975), 95, 98; agus sa phaidir dar tús 'Paidrín Pháirteach i dTeampall Dé' á rá ag Pádraig Ó Meadhra i mbailiúchán Doegen. Tá leaganacha eile de línte 5-13 le fáil in Abhráin diadha chúige Connacht, iml. 2, 204, agus Séamus Ó Duilearga, 'Sean-phaidreacha ó Iorrus', Béaloideas 12 (1942), 201-3.

Teideal i mBéarla: There are four corners on my bed
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Sally Ruddy as Co. na Gaillimhe
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 09-09-1930 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Taifeadta ar 09-09-1930 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1115d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:35 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1115d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:35 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1115d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:34 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1115d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 00:34 nóiméad ar fad.