Úna Bhán - Pádraig Breathnach


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

A Úna bhán, nach tú a bhain daoim mo chiall,
A Úna bhán, is tú a chuir eidir mé agus Dia,
A Úna bhán, a (chúilín chastaí na gcraobh),
Go mb'fhearr liom bheith gan súil, dar mo chúis, ná (d'fheiceál ariamh).

A Úna, tabhair cúnamh agus tarrtháil dom
Ag an áit a rabh mé agus tú ag comhrá seal,
Óra, is fíorscoth na Muaidhe agus (lucht léite creach),
'Sé mo thrí chumha dubh', is tú atá i ndiaidh mo shlad.

Óra, a Úna bhán, nach náireach an luí seo ort,
I gcónra chláir i measc na gcéadta corp,
(Mura bhfeicfeá ach do lámh fá mo) chiúin-bhean, ó, a bhí ariamh gan locht
Ní fheicfidh mé do scáile ar an tsráid ó anocht amach.

Aistriúchán

Fair-haired Úna, is it not you who took my sense from me,
Fair-haired Úna, it is you who came between me and God,
Fair-haired Úna, ringleted maiden (?),
I would prefer to have no eyes, by my worth, than to have ever seen you (?).

Úna, give me help and aid
At the place where you and I spoke a while,
Oh, the choicest of the Moy and (...),
It is my three dark sorrows, it is you who has left me devastated.

Oh, fair-haired Úna, what a shame that you lay like this,
In a wooden coffin amongst hundreds of corpses,
(...) calm-woman who was ever without fault,
I won't see your shadow on the street from tonight on.

Tráchtaireacht

Seo ceann de na hamhráin ghrá is aithnidiúla i gcúige Chonnacht. Is ar Thomás Láidir Mac Coisdealbha, a mhair sa seachtú haois déag, a leagtar é. Ceaptar gur chum sé an t-amhrán ar chloisteáil dó go raibh a ghrá geal, Úna Nic Dhiarmada, tar éis bháis. Bhí an lánúin ag dréim le pósadh ach níor cheadaigh athair Úna, Tomaltach Mac Diarmada, dóibh pósadh toisc gur theastaigh uaidh go bpósfadh sí fear níba shaibhre. Choigistigh fórsaí Chromail an chuid is mó de thalamh Thomáis Láidir in iarthar chontae Ros Comáin agus, os a choinne sin, thaobhaigh muintir Úna le Cromail. De réir an bhéaloidis, chuir athair Úna faoi ghlas i seomra í ina chaisleán i Loch Cé. D'iarr Tomás Láidir cead go foirmeálta, den uair dheireanach, í a phósadh agus mhionnaigh sé mura nglacfaí lena iarratas faoin tráth a bheadh Áth na Donóige trasnaithe aige nach bpósfadh sé Úna go brách. D'fhan sé ag feitheamh ag an áth go dtí gur thrasnaigh sé é sa deireadh. Go gairid ina dhiaidh sin tháinig teachtaire ó athair Úna agus dúirt le Tomás go raibh cead aige í a phósadh. Dhiúltaigh Tomás dul siar ar a fhocal áfach toisc go raibh an t-áth trasnaithe aige faoin am sin. Mharaigh sé an teachtaire ansin. Fuair Úna bás le briseadh croí. Le haghaidh plé ar stair, ar thíreolaíocht agus ar sheanchas an amhráin féach M.F. Ó Conchúir, Úna Bhán (Indreabhán, 1994). Féach freisin: Liam Mac Con Iomaire, Seosamh Ó hÉanaí: Nár fhágha mé bás choíche (Indreabhán, 2007), 505-7; Marcus Mac Enery, 'Úna Bhán', Éigse 4 (1943-4), 133-46; Dubhghlas de hÍde, Abhráin ghrádh chúige Connacht (BÁC, 1893), 36-43; Pádraig de Brún et al., Nua-dhuanaire I (BÁC, 1971), 71-2.

Teideal i mBéarla: Fair-haired Úna
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Pádraig Breathnach as Co. Mhaigh Eo
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 10-09-1930 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Taifeadta ar 10-09-1930 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1120d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:06 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1120d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:06 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1120d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:04 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1120d2, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:04 nóiméad ar fad.