Cearc agus coileach - Seán Ó Monacháin


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

1. Rugadh mé in Iorras do Chathal Ó hEodhasaí,
An fear a bhí múintí measúil go leor;
Hoileadh go tobann mé i mo leanbán mhúintí
Is tháinig mé suas in ionad fir bhreá.

2. D'éirigh mé amach lá ar maidin faoi Lúnas',
Bhí mo chú is mo ghadhar is mo ghunna in mo láimh liom,
Thit ceo ar an talamh a chuir as mo chúrsa mé,
Is cuireadh mé amú i measc cnoc agus mám.

3. Is iomaí sin eanach, cnoc ramhar is mása
A shiúil mé an tráth sin go dtáinig an neoin,
Mo chú agus mo ghadhar go dlúth le mo shálaí,
Nó gur casadh san áit mé a rabh (sealbh ban óg).

4. Is ann a bhí an ainnir ba deise is ba bhreáchte [1]
Bhí (ar bharaí) chiúin álainn is bhí a folt ar dhath an óir,
Do labhair sí go meangach (...) cuireadh go lá dhom,
San áit a rabh a háras, an bia agus an ceol.

5. Bhí bord ar a (heallach) a rabh chuile sheórt bídh ann,
Bhí (stancar) mór fíona ann a choinneodh deich gcárt,
Dar brí mo charbhata gur chaith mé mo dhíol de
Is níor (lúide liom an méid a bhí ar) fágáil an chláir.

6. Coiríodh fúm leabaidh dho bhratachaí síoda,
Húradh[2] liom luí agus codladh go sáimh;
Is ansin a thuig mé go rabh mé sa mbruín
Is gurbh iomaí bean sí a bhí ag Fionnbharra Meáin.

7. Dhá mhéad mo thursa níor chodail mé néal
Nó go dtáinig an spéirbhean chugam ar cuairt;
Bhí a píob mar an ealaí ar maidin lae ghréine
Is a bráighe[3] bhreá ghléigeal mar an sneachta ar an gcraobh.

8. Chuir mise an chiall chogair i bhfoirm is i gcéill daoithe
Go bpógfainn a béal le fonn is le mian;
Dheamhan luí ar an leabaidh a rinne mé léithe
Is d'fhág sin mé féin in mo choileach sa mbruín.

9. Ag éirí ina shuí a bhí Cathal Í hEodhasaí
Chomh luath is (...) turas (fá mhám);
Tá (tíocht abhea-... abhaile leis an bhfear uasal Eodhasaí)
Is ní maith liom do bhualadh (ó...) ó riar tú mo chás.

10. "Gabh amach ar bhord... ar dhoras (na) halla nó ar gheataí na cúirte,
Bí ag imeacht, bí ag siúl go rabh sé ina lá,
Go Caisleán an Bharraigh má théann tú dhon ruaig sin
Beidh tú as cumhacht a bhfuil i gCnoc Meáin."

11. Ar iompó thart dom i ndoras na cúirte
Bhí raipe le húta ann, torann is gleo,
Ag bacaigh is ag daill is ag cailleachaí rús(...),
Fear lag insa gclúid agus glac ar a scóig.

12. Bhí an tincéar ag obair ann, a (mhaide is a) mhála,
Bhí (ceannaithiú cloiche is oibreachaí róin),
Bhí cíoradóir, mangadóir is pacadóir[4] súgthach,
Go deimhin bhí cruach ag fear mheilte na mbró.

13. Bhí Lugh an Lámh Fhada ann nár mharbh i gCliara,
Cú Chulainn a bhí ar an tulaigh faoi dhó,
Bhí Goll agus Oscar ina bhfeara ba tréine ann,
Bhí Conán Maol ann cinntí go leor.

14. Bhí bord faoina foirinn ann is bhí long faoina seol ann,
Bhí an broc is an rón ann is (caraid na mbeann),
Go rabh an (Griallach an ghleanna, bhí Mister Sheáin dóite ann),
Muirín Ó Dónaill, a bhean is a chlann.

15. D'éirigh mise agus phreab mé an ród
Trí huaire níb fhearr ná a bhí (suim) in mo chnáimh,
Sul má rabh an lá ann ná an solas (dho chomhthráth)
Bhí mé ar an ród taobh amuigh dho Shliabh Mór.

16. Tháinig mé isteach go teach Pheadair Uí Óma,
Bhí cearcaí go leor ann gan choileach ná ál,
Thosaigh mé ag piocadh thart timpeall an stóil ann
Nó go dtáinig an neoin is mar fuaireas mo thráth.

17. "Ceist agam ort agus aithris dúinn scéala,
Anois táim réidh leat," a dúirt Tomás Bán,
"Caidé a (bhéarfadh thú) i do choileach... do choileach (i) bhfoirm ná i réasún
(...) in Éirinn ó d'fhuiling Dia an pháis?"

18. Chaith mise seal fada mar dhuine agaibh féin,
Go deimhin, bhí scéim(h) orm, folt agus bláth,
Agus bheithinn mar sin nó go gcaithfinn mo shaol
Ag tabhairt transfiguration (dhon) Fhionnbharra Meáin.

Fonótaí

= breatha. Cf. Éamonn Mhac an Fhailigh, The Irish of Erris, county Mayo (BÁC, 1968; athchló 1980), § 550. (Back)
= dúradh. Cf. Ruairí Ó hUiginn, 'Gaeilge Chonnacht', in Kim McCone et al., Stair na Gaeilge (Maigh Nuad, 1994), 539-609: 590. (Back)
= brágha/bráid. Cf. Éamonn Mhac an Fhailigh, op. cit., § 326. (Back)
= pacadaeir. (Back)

Teideal i mBéarla: The hen and the cock
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Seán Ó Monacháin as Co. Mhaigh Eo
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 10-09-1930 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Taifeadta ar 10-09-1930 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1121d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:07 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1121d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:07 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1121d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:05 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1121d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 03:05 nóiméad ar fad.