Tá cailín óg deas ar mhalaidh an tsléibhe - Mícheál Ó Dubhagáin


Taifeadadh: [Íoslódáil an comhad fuaime] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan glanta don ‘úsáideoir’)] [Íoslódáil comhad fuaime AIFF (den leagan cartlainne)]

Tras-scríbhinn

Tá cailín óg deas ar mhalaidh an tsléibhe
Nár chumhartha an féirín í le mealladh,
Maith a chaith mé an oíche aréir léithe,
Agus níor éirigh liom a tabhairt abhaile.

Rinne muid achuile shórt réitigh
Go dtéamais le chéilí go teach an tsagairt,
An t-airgead póstaí ní rabh ag mo chéad grá
Agus b'éigean dúinní filleadh abhaile.

Nach mise atá lag brónach
Ó caitheadh an Domhnach seo a fuaigh tharainn,
Ag smaoineamh ar mo mhíle stóirín,
A bhíodh i gcónaí liom 'un Aifrinn.

Ba mhilse liomsa blas a póige
Ná mil isa bhfómhar a bhíonns in éis na meachan[1],
Ní léir dhomsa a ghoil an bóthar,
Tá na deoraí dho mo dhalladh.

Ní dhon fhíodóir ná dhon táilliúr
A thug mé grá ar bith ná taitneamh
Ach dho bhuachaillín na gruaige báine
A mbíonn aoibh an gháirí faoina hata.

Ó fuaigh mo ghrá thar sáile
Ins an áit seo ní rabh ach samhail,
(Faoi aoibhín) dheas agus a gháirí,
A d'fhágaí[2] an fonn orm agus mé i bhfad ó bhaile.

Dílleachtaí bocht mise a fágadh
Gan máthair gan athair,
Agus dhá mbeith mo chliú-sa tarrthaithe,
Nár lúide an cás dhom a bheith falamh.

Níl aon fhear in Éirinn
Chuirfeadh (toghradh)[3] ar mo mhacsamhail
Nár dhoiligh dhó-san a leas a dhéanamh
Ná (...) a ghoil go Flaitheas.

Nuair a bhí mise beag baoideach
Ag mo mháthair agus ag m'athair
Maith a ghoidinn na deich bpínne
Agus achuile ní beag eile ('á mbíodh 'un maithis).

Chuirinnse é i dtaiscí
Ins an áit nach bhfaigheadh aon nduine amach é
Nó go n-ólainn é agus mo mhíle stóirín
Seal go spóirtiúil i dteach an leanna.

Is trua nach bhfuil mise i Luighne Uí Eaghra
Nó go hard as cionn an bhaile
An áit a bhfeicfinn mo mhíle stóirín
Achaon tráthnóna agus aríst ar maidin.

Ní thóigfeadh firibh Éirinn orm
Dhá bhféadfainn mo mhian a mhealladh,
Agus más í a mháithrín atá ina dhéidh orm
Flaitheas Dé nár fhaighe an chailleach.

Aistriúchán

There's a young pretty girl on the brow of the mountain
What a pretty gift she is to charm,
Well I spent last night with her,
But I didn't succeed in bringing her home.

We made every kind of arrangement
That we would go together to the priest's house,
My darling did not have the marriage stipend
And we had to return home.

I am weak and sad
Since last Sunday,
Thinking of my love,
Who always went to Mass with me.

The taste of her kiss was sweeter to me
Than honey from the bees in the autumn,
I can't see well enough to travel the road,
The tears blind me.

It wasn't upon the weaver or the tailor
That I bestowed my love or affection
But upon the fair-haired boy
Who smiles and laughs under his hat.

Since my love went overseas
In this place there is only a spectre,
Beaming and smiling (?),
Which left me longing while I was far away from home.

I am a poor orphan who was left
Without a mother or father,
And if my reputation were saved
Wouldn't being destitute be less of a concern for me.

There is no man in Ireland
Who would (...) on the like of me,
Wouldn't it be harder for him to do what would be good for himself (?)
Than (...) go to Heaven. (?)

When I was very small
With my father and mother
How well I would steal the tenpence
And every other valuable(?) little thing.

I would keep it safe
Where nobody would find it
Until I drank it with my love
For a playful while in the drinking house.

A pity I am not in Leyney
Or high above the town
Where I would see my love
Every evening and again in the morning.

The men of Ireland would not blame me
If I could entice my desire,
And if his mother who begrudges it to me
May the hag never reach Heaven.

Fonótaí

= meach/mbeach. Leg. mbeachan? (Back)
= d'fhága(ibh). (Back)
= toghairm? (Back)

Tráchtaireacht

Tá aithne ar an amhrán seo a mbaineann idir ghrá, shárú agus bhrón leis, faoin teideal 'An Cailín Óg Deas' de ghnáth. Tá rún ag an bhfile agus a mhuirnín óg pósadh. Nuair a shroicheann siad teach an tsagairt níl dóthain airgid acu tuarastal an phósta a íoc agus mar sin filleann siad abhaile gan pósadh. In ainneoin go bhfuil siad go mór i ngrá lena chéile ní éiríonn leo fanacht le chéile. I roinnt leaganacha den amhrán eisimirce, trasnaíocht agus bobaireacht tuismitheoirí faoi deara iad a bheith coinnithe óna chéile. Bhailigh Micheál Ó Tiománaidhe leagan eile de ó Antoine Sírín, Béal an Mhuirthead, contae Mhaigh Eo, a d'fhoilsigh sé faoin teideal 'Cailín Óg Deas ar Bhruach an tSléibhe' in Abhráin Ghaedhilge an Iarthair (BÁC, 1906). Féach eagrán nua William Mahon: Amhráin Ghaeilge an Iarthair (Indreabhán, 1992), 46. Foilsíodh leagan den amhrán, mar aon le nodaireacht cheoil a thras-scríobh Séamus Mac Mathúna, in Treoir 35:3 (2003). Thaifead an t-amhránaí sean-nóis as Conamara Máire Áine Ní Dhonnchadha leagan de ar Deora aille: Irish songs from Connemara (Ceirníní Cladaigh, 1970). Níor cheart é a mheascadh leis an amhrán 'Cailín Deas Óg' atá foilsithe, mar shampla, in Amhráin Ghaeilge an Iarthair, 59.

Teideal i mBéarla: There's a young pretty girl on the brow of the mountain
Leagan digiteach foilsithe ag: Tionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen, Acadamh Ríoga na hÉireann

Cur síos ar an Taifeadadh:
Cainteoir: Mícheál Ó Dubhagáin as Co. Mhaigh Eo
Duine a rinne an taifeadadh: Karl Tempel
Eagraí agus riarthóir scéim na dtaifeadtaí: Acadamh Ríoga na hÉireann
I gcomhar le: Lautabteilung, Preußische Staatsbibliothek (anois Lautarchiv, Humboldt-Universität zu Berlin)
Taifeadta ar 10-09-1930 ag 17:30:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Taifeadta ar 10-09-1930 ag 17:30:00 in: Coláiste na hOllscoile, Gaillimh.
Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1123d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:37 nóiméad ar fad. Taifeadadh Cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1123d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:37 nóiméad ar fad.
Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1123dd1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:37 nóiméad ar fad. Dara taifeadadh cartlainne (Comhartha Aitheantais LA_1123dd1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:37 nóiméad ar fad.
Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1123d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:33 nóiméad ar fad. Taifeadadh Úsáideora (Comhartha Aitheantais LA_1123d1, ó cheirnín seileaic in Acadamh Ríoga na hÉireann): 02:33 nóiméad ar fad.